Céimeanna Treasacha Úra le ETB Dhún na nGall Fógartha – Beidh an Chéad Bhliain á Seachadadh ag an tSeirbhís FET

Four people sitting side by side signing documents.
Four people sitting side by side signing documents.
Ag síniú an Mheamraim Tuisceana idir na ceithre institiúid atá páirteach i seachadadh na gcéimeanna treasacha úra ar an 8 Meitheamh tá, ó chlé go deas, Príomhfheidhmeannach (PF) ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma Tom Grady, PF ETB Dhún na nGall Anne McHugh, PF ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin David Leahy agus Uachtarán OTA an Dr Orla Flynn.

D’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris. T.D. go mbeidh ceithre chéim threasacha úra ar fáil i nDún na nGall.

Is iad na ceithre chúrsa céime sin: Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Saotharlainne Tionsclaíche, Baitsiléir Gnó (Onóracha) sa Ghnó agus Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sna Teicneolaíochtaí Innealtóireachta Inbhuanaithe, ar cúrsaí céime úra iad uilig, agus bealach rochtana treasach ar an Bhaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Altranas Ghinearálta.

Beidh an chéad bhliain de na cláir sin á seachadadh ag Seirbhís Breiseoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus leanfaidh na mic léinn ar aghaidh lena gcuid staidéir in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA).

Tá na bealaí rochtana nuálacha ar na cúrsaí céime sin ceannródaíoch sa mhéid is go dtugann siad an deis d’iarratasóirí tús a chur lena gcéim san earnáil Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Murab ionann agus cúrsaí céime eile, ní gá d’iarratasóirí fanacht le haghaidh pointí CAO as siocair go dtig leo iarratas a chur isteach go díreach. Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí gearrliostaithe agus beidh orthu fianaise a thaispeáint maidir lena n-incháilitheacht bunaithe ar an eolas atá curtha ar fáil sa phróiseas iarratais.

Tá an fhorbairt chomhoibríoch sin idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma agus ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin ag tarlú mar gheall ar iarratas ón rialtas dámhachtain ilchampais a fhorbairt a chomhtháthaíonn soláthar an ardoideachais san earnáil FET le rannpháirtíocht a leathnú chuig daoine aonair agus do phobail nach gcreideann go bhfuil oideachas tríú leibhéal ina rogha inmharthana nó réalaíoch dóibh. Méadaíonn sé sin líon na suíomhanna sa réigiún inar féidir le mic léinn tús a chur lena gcuid staidéir, cuireann sé le solúbthacht trí roinnt conairí a chur ar fáil agus leathnaíonn sé cúrsaí rochtana trí riachtanais iontrála níos solúbtha a chur san áireamh.Image of person.

Agus é ag caint ag an tseoladh, dúirt an tAire Harris: “Is é seo an t-athrú is mó ar chúrsaí oideachais le fada an lá. Inniu, tá muid ag seoladh 23 cúrsa céime taobh amuigh den chóras pointí. Tá a fhios againn nach raibh an córas pointí ag obair do chuid mhaith dár ndaoine óga. Inniu, is féidir linn a rá leis an chéad ghlúin eile de mhic léinn gur féidir leo rochtain a fháil ar chéimeanna san altranas, sa ghnó, san innealtóireacht agus sna meáin gan a bheith páirteach sa chóras CAO. Is é seo an tús. Tá an-chuid oibre eile le déanamh againn ach inniu, tá muid ag athrú an chórais agus ag cinntiú go bhfuil an foghlaimeoir lárnach i ngach rud a dhéanann muid. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Oifig Náisiúnta um Oideachas Treasach, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus SOLAS as a gcuid ceannaireachta maidir leis an tionscadal seo a thiomáint.

Chuir Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, ar ball de Bhord Rialaithe OTA í fosta, fáilte roimh na cúrsaí céime úra sin, ag rá: “Bhí lúcháir ar ETB Dhún na nGall tógáil ar na dea-chaidrimh dhearfacha lenár gcomhpháirtithe ETB agus OTA leis na cláir threasacha cheannródaíocha sin a fhorbairt.  Tá muid ag tosú ar dheiseanna agus ar chonairí a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí a leathnóidh agus a chuirfidh le cúrsaí rochtana ar fud ár réigiúin ar bhealach solúbtha agus sofhreagrach.”

Tá breis eolais ar fáil ar www.atu.ie/tertiarydegrees nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Treorach agus Eolais ETB Dhún na nGall ar 074 91 78088 nó fríd an ríomhphost ag adultguidance@donegaletb.ie.

Déanfaidh ETB Dhún na nGall roinnt seisiún eolais a reáchtáil faoi na cúrsaí céime ó 7.00-8.00i.n. sna suíomhanna seo a leanas sna seachtainí amach romhainn:

  1. Dé Déardaoin, 13 Iúil: Bun Cranncha (Óstán Thairseach Inis Eoghain)
  2. Dé Luain 17 Iúil: Baile Dhún na nGall (Óstán Pháirc an Mhuilinn)
  3. Dé Máirt, 18 Iúil: An Clochán Liath (Óstán Waterfront)
  4. Dé Céadaoin 19 Iúil: Gort an Choirce (Óstán Loch Altan)
  5. Dé Déardaoin, 20 Iúil: Leitir Ceanainn (Óstán Radisson Blu)

Seo a leanas na ceithre chúrsa:

1. Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Saotharlainne Tionsclaíche

https://www.fetchcourses.ie/course/finder?sfcw-courseId=405051

Caithfidh mic léinn an chéad bhliain dá gclár ina ETB áitiúil agus críochnóidh siad an dá bhliain eile ag ceann de na trí champas atá ag OTA, ag brath ar an chonair staidéir a roghnóidh siad: Cathair na Gaillimhe (Conair Bhithcheimice), Leitir Ceanainn (Conair Eolaíochta Bithchógaisíochta) nó Sligeach (Conair Eolaíochta na Beatha). I nDún na nGall, seachadfar an chéad bhliain den chúrsa sin ag Ionad FET ETB Dhún na nGall ag Bóthair an Phoirt i Leitir Ceanainn.

2. Baitsiléir Gnó (Onóracha) sa Ghnó

https://www.fetchcourses.ie/course/finder?sfcw-courseId=405028

Tá trí speisialachas le fáil mar pháirt den chéim Onóracha Baitsiléir Gnó sa Ghnó. Cuirfidh mic léinn tús leis an chlár céime le bliain chomónta sna ETBanna agus ag deireadh a gcéad bhliana déanfaidh siad cinneadh maidir leis an speisialachas ba mhaith leo a leanúint do na blinata eile staidéir ina rogha campais. Is féidir leo rogha a dhéanamh idir Gnó le Fiontraíocht agus Nuáil ag OTA Dún na nGall, Gnó le Gnó Digiteach ag OTA Gaillimh nó Gnó le Bainistíocht Shlabhra an tSoláthair ag OTA Sligeach. I nDún na nGall, seachadfar an chéad bhliain den chúrsa sin ag Ionad FET ETB Dhún na nGall ag Bóthair an Phoirt i Leitir Ceanainn.

3. Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sna Teicneolaíochtaí Innealtóireachta Inbhuanaithe https://www.fetchcourses.ie/course/finder?sfcw-courseId=404946

Caithfidh mic léinn an chéad bhliain dá gclár ina ETB áitiúil agus ansin beidh an rogha acu idir trí shuíomh éagsúla (OTA Cathair na Gaillimhe, OTA Sligeach nó OTA Dún na nGall) le leanuint ar aghaidh lena gcuid staidéir. In OTA Cathair na Gaillimhe agus Sligeach, tairgfear an sruth Teicneolaíochtaí Innealtóireachta Inbhuanaithe le haghaidh Thionscal na Déantúsaíochta dóibh, agus i nDún na nGall tairgfear Teicneolaíochtaí Innealtóireachta Inbhuanaithe le haghaidh na Ríomhaireachta dóibh. I nDún na nGall, seachadfar an chéad bhliain den chúrsa sin ag Ionad Oiliúna ETB Dhún na nGall in Eastát Tionsclaíochta Bhaile Raithin, Bóthar Ráth Mealtain, Leitir Ceanainn.

4. Bealach Rochtana Treasach ar Bhaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Altranas Ghinearálta https://www.fetchcourses.ie/course/finder?sfcw-courseId=404998

Is bealach rochtana ar leith é sin ar an chéim Onóracha BSc san Altranas Ghinearálta le OTA ar thrí champas ETB – rachaidh na mic léinn a chríochnóidh an cúrsa Leibhéal 5 QQI sin agus a shásóidh na riachtanais acadúla chuí, rachaidh siad díreach ar aghaidh isteach i mBliain 1 den BSc san Altranas Ghinearálta le OTA ina cuid campas i gCaisleán an Bharraigh,  San Aingeal, Sligeach nó Leitir Ceanainn. Más rud é nach féidir le mac léinn dul ar aghaidh chuig OTA le staidéar fochéime a dhéanamh ar chúis éigin, tairgfear Teastas QQI Leibhéal 5 le haghaidh mórdhámhachtana nó comh-dhámhachtain dó/di. Ní bheidh aon rogha iarchurtha ann ar chríochnú na chéad bhliana as siocair gur gá glacadh le haon tairiscint áite in OTA i mbliain na tairisceana. Beidh uasmhéid d’fhiche mac léinn ar an chúrsa sin. I nDún na nGall, seachadfar an chéad bhliain den chúrsa sin ag Ionad FET ETB Dhún na nGall ag Bóthar na Páirce Gnó i Leitir Ceanainn.