Déanann Príomhfheidhmeannach Comhghairdeas le Daltaí na hArdteiste as a dTorthaí

Image of person.
Image of person.
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall le daltaí a bhfuil torthaí na hArdteiste, na hArdteiste Feidhmí agus GCAT á bhfáil acu inniu.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 as na 27 iar-bhunscoil i gContae Dhún na nGall agus is páirtí iontaobhaí é le haghaidh na n-ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha sa chontae.

Ba í seo an chéad bhliain ó 2019 a raibh taithí sách normálta ag daltaí agus iad ag dul i mbun na hArdteiste, cé go raibh roinnt mhaith beart san áireamh chun cúinsí an-strusmhar a sheachaint maidir le torthaí. Le haghaidh méid mór daltaí a bhfuil a dtorthaí á bhfáil acu inniu, is é seo an chéad Scrúdú Stáit a rinne siad toisc nach raibh siad in ann Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí a dhéanamh de bharr shrianta na paindéime.

Agus í ag labhairt níos luaithe inniu, bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh: “Ar son ETB Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le beagnach 900 dalta a rinne an Ardteist, an Ardteist Fheidhmeach agus GCAT inár 15 iar-bhunscoil, leis na céadta a rinne na scrúduithe i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha an chontae agus leis an seisear dalta fásta Ardteiste ó Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Leitir Ceanainn dár gcuid. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na daltaí, tuismitheoirí agus daoine fásta as scoil ETB Dhún na nGall nó ionad FET a roghnú dá n-oideachas. Táimid thar a bheith bródúil as an iarracht chroíúil a dhéanaimid chun na caighdeáin is airde is féidir a chur ar fáil sa teagasc agus san fhoghlaim dár ndaltaí chun a ligean dóibh barr a gcumais a bhaint amach.

Bíonn iarracht ollmhór i gceist ó na daltaí ar fad agus gabhaim buíochas lena dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus a múinteoirí a thacaigh leo agus a chabhraigh leo i rith an eispéiris iomláin. Guím gach rath ar gach duine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu chun a staidéir a chur chun cinn nó a bhfuil sé i gceist acu dul caol díreach i bhfostaíocht.”

“Agus daltaí ag dul isteach sa chéad chéim eile seo dá saol i gcoinne cúlra an domhain seo atá ag síorathrú ó bhliain go bliain, tá sé ríthábhachtach go lorgódh daltaí ar mhaith leo féachaint arís ar a gcuid roghanna comhairle ón réimse leathan foinsí atá ar fáil dóibh. Ina measc, tá a dteaghlach, cairde, comhairleoirí gairmthreorach agus a dtaighde féin. Tá ár ndaltaí tar éis foghlaim faoi conas dul in oiriúint go tapa le bealaí nua oibre le blianta beaga anuas agus tá siad tar éis a fhoghlaim conas a bheith cruthaitheach agus, thar aon ní eile, acmhainneach. Seasfaidh sé sin leo agus iad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile dá saol.”

Chuir Anne McHugh i gcuimhne do dhaltaí, ó thaobh dul chun cinn de, ‘Cuireann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí ar fáil chun freastal ar riachtanais dul chun cinn. Tá an-chuid deiseanna ann freisin tuilleamh agus foghlaim trínár Seirbhís FET – ní gá do dhaltaí dul chuig codanna eile den tír chun a n-aislingí a fhíorú. I measc na ndeiseanna sin tá printíseachtaí, cúrsaí iar-Ardteistiméireachta, socrúcháin oibre agus réimse leathan cúrsaí oiliúna lánaimseartha eile ar fáil trínár Seirbhís FET. I mbliana freisin, cuirfear ceithre chéim tríú leibhéal nua ar fáil a chuirfidh ar chumas daltaí a gcéim a thosú linn anseo i Leitir Ceanainn agus ansin dul ar aghaidh go OTA chun é a chríochnú.’

Chuir sí in iúl freisin, “Do na daltaí sin a bhraitheann nár bhain siad na torthaí a bhí uathu amach, tá roinnt roghanna acu. Labhair ar dtús le do Chomhairleoir Gairmthreorach i do scoil nó i d’ionad – beidh siad in ann do roghanna a leagan amach, roghanna a bhfuil níos mó agus níos mó ag teacht chun cinn gach bliain.”

“Cuireann ETB Dhún na nGall deiseanna foghlama ar fáil freisin trínár gclár Ógtheagmhála inár sé ionad ar fud na tíre do dhaoine óga atá idir 16-20 bliain d’aois nár oibrigh an Ardteist amach dóibh.”

FET Prospectus 2023-2024 (Irish)Mar fhocal scoir, chuir sí an méid seo a leanas i gcuimhne do dhaltaí: “Tá an oiread sin bealaí difriúla ann do spriocanna a bhaint amach agus is deis foghlama iontach ann féin é a bheith cruthaitheach agus do bhóthar á mhapáil agat.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí breisoideachais agus oiliúna (FET) a chuireann ETB Dhún na nGall ar fáil ina Réamheolaire FET 2023-2024 nuafhoilsithe ar a shuíomh gréasáin anseo agus ar a aimsitheoir cúrsa suímh gréasáin www.donegaletb.ie/fetcoursefinder. Is féidir eolas faoi gach réimse FET, lena n-áirítear printíseachtaí, a fháil sa rannán Míniú ar Chláir FET ar an suíomh gréasáin – https://www.donegaletb.ie/ga/breisoideachas-oiliuint-fet/miniu-ar-chlair-fet/. Lean cuntais meáin shóisialta an ETB (Facebook, Twitter agus Instagram) chun an t-eolas is déanaí a fháil.