Eolaire Breisoideachais agus Oiliúna 2023-2024 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

Image of books piled up.

FET Prospectus 2023-2024 (Irish)

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a hEolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2023-2024, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae i Meán Fómhair.

Cuireann an Eolaire mioneolas ar fáil maidir le níos mó ná 130 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i roinnt mhaith réimsí ó Leibhéil 1-6, cuid mhaith acu maoinithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU.

Áiríonn na réimsí sin riarachán, gnó agus airgeadas; ealaín, ceardaíocht agus dearadh; tógáil agus an timpeallacht thógtha; cúrsaí do dhaoine faoi mhíchumas; cúram custaiméirí; foghlaim agus cúram na luath-óige; innealtóireacht agus déantúsaíocht; foghlaim teaghlaigh; gnáthfhoghlaim; gruaig agus scéimh; cúram sláinte agus sóisialta; gairneoireacht; TF agus ríomhaireacht; teangacha; spóirt, áineas agus corpacmhainn; turasóireacht agus fáilteachas; iompar; tréidliacht agus an clár Cumasóige do luathfhágálaithe scoile.

Lena chois sin tá eolas ann maidir leis an dóigh le cáilíochtaí a bhaint amach tríd an phróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama agus na tacaíochtaí atá ar fáil do ghnólachtaí.

I measc an iliomad cúrsaí atá liostaithe sa Réamheolaire tá cúrsaí nuafhorbartha i gcánachas (páirtaimseartha) agus cúrsa oiliúna lánaimseartha san innealtóireachta mara a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le Cnuasach Mara na gCealla Beaga chun freastal ar riachtanais fostaíochta an gheilleagair ghoirm. Déantar freastal fosta ar inbhuanaitheacht agus ar inoiriúnaitheacht amach anseo le cúrsaí nua páirtaimseartha a dhíríonn ar inbhuanaitheacht timpeallachta san ionad oibre, gnáthchothabháil feithiclí leictreacha/hibrideacha agus réamhchúrsa ar tháthú róbataice.

Agus é ag caint faoi fhoilsiú an Réamheolaire, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Is é an misean atá ag ETB Dhún na nGall deiseanna oideachais agus oiliúna a thairiscint, deiseanna a chuideoidh le mic léinn barr a gcumais a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.  Cuireann ár Seirbhís FET réimse éagsúil cúrsaí deimhnithe ar fáil ó Leibhéil 1-6 NFQ i ngach cearn den chontae leis an mhisean sin a chur i gcrích agus tá lúcháir orm iad uilig a fheiceáil foilsithe sa Réamheolaire úr seo.”

Chuir sé leis an mhéid sin ag rá, “Anuraidh thug beagnach 14,500 duine faoinár gcúrsaí FET ar fud an chontae. Mar sin, tá muid ag súil le fáilte a chur roimh roinnt mhaith mac léinn eile an Fómhar seo agus an bhliain seo chugainn.”

Is féidir Réamheolaire FET an ETB a fheiceáil anois sa rannán Foilseacháin agus Acmhainníshuíomh gréasáin nó trí theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais do Dhaoine Fásta trí ríomhphost a chur chuig adultguidance@donegaletb.ie nó trí scairt a chur ar 074 9178088 le breis eolais a fháil.

Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar na cúrsaí sin fosta trí shuíomh gréasáin an ETB (https://www.donegaletb.ie/fetcoursefinder).

Image of books piled up.
Eolaire Breisoideachais agus Oiliúna (FET) 2023-2024 ETB Dhún na nGall.