Príomhoide Nua ceaptha ar Gairmscoil na Mainistreach, ag tosú i 2024

Image of person
Image of person
Príomhoide Nuacheaptha Gairmscoil na Mainistreach Alan Thompson.

D’fhógair ETB Dhún na nGall go gcuirfidh an tUas Alan Thompson tús leis an bpost mar Phríomhoide nua ar Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, ar an 1 Eanáir 2024. Ceapadh Alan in áit an tUas Geraldine Diver atá ag eirí as post an Phríomhoide ag deireadh Mhí na Nollag.

Tá Gairmscoil na Mainistreach ar an scoil is mó atá á bainistiú ag ETB Dhún na nGall le corr a bheith 1,000 dalta ag freastal uirthi.

As Bealach Féich Niall, agus tá sé ag obair ag ETB Dhún na nGall ó 1995, roimhe sin bhí sé ag teagasc i nGairm Scoil Chaitríona, na Cealla Beaga, ansin chaith sé 16 bliain ag teagasc Béarla, Stair agus Tíreolaíocht i Gairmscoil na Mainistreach agus le deich mbliana anuas bhí sé ina Phríomhoide ar Choláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir.

Ag caint ar a cheapachán nua, dúirt Alan: “Tá áthas orm a bheith ceaptha mar Phríomhoide ar Gairmscoil na Mainistreach. Agus sé bliana déag caite agam ag obair sa scoil tuigim cé chomh lárnach agus cé chomh tábhachtach is atá pobal na scoile i mBaile Dhún na nGall. Tá mé ag dúil le hathcheangal agus le hobair leis na mic léinn, leis an fhoireann agus leis na tuismitheoirí chun tógáil ar shárobair an Phríomhoide atá ag éirí as, an tUas Geraldine Diver. Tá a fhios agam go bhfuil foireann den scoth sa scoil a bhfuil leasa na ndaltaí ag croílár gach rud a dhéanann siad agus is cinnte, lena dtacaíocht, go ndéanfaidh mé iarracht an traidisiún uasal seo a leanúint.”

Agus é ag déanamh comhghairdis le hAlan ar a cheapachán chun áit Geraldine Diver a ghlacadh ó 1 Eanáir 2024, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall an Dr Martin Gormley “Tá lúcháir orm comhghairdeas a dhéanamh le hAlan ar a cheapachán mar Phríomhoide nua. Lena thaithí leathan oideachais, sárchumais cheannasaíochta agus a thiomantas daingean d’fheabhas na mac léinn tá mé muiníneach go gcuirfidh Alan níos mó athruithe dearfacha, claochlaitheacha i bhfeidhm i bhforbairt Gairmscoil na Mainistreach. Bogfaidh Alan isteach sa ról go saoráideach ó tharla gur Iar-phríomhoide Choláiste Ghleann na Finne é le deich mbliana anuas.

Lean sé air, “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair mhór an Phríomhoide atá ag éirí as, an tUas Geraldine Diver, a chruthaigh, le tacaíocht triúr leas-phríomhoidí agus foireann na scoile, timpeallacht foghlama chuimsitheach, fhuinniúil a chumasaigh agus a spreag na mic léinn. Léirigh Geraldine tiomantas, ceannasaíocht agus paisean le haghaidh feabhais i gcónaí, a d’fhág rian doscriosta ar an scoil. Ba mhaith liom ó mo chroí istigh gach rath a ghuí uirthi ar mhaithe le saol sona, sláintiúil agus rathúil agus í ar scor.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh. “Cuirim fearadh na fáilte roimh Alan chuig Gairmscoil na Mainistreach. Cuireann misean agus éiteas ETB Dhún na nGall agus a scoileanna an mac léinn ag croílár ár gcuid pleananna. Tá ár bPríomhoidí lárnach anseo agus tá ról ríthábhachtach acu inár scoileanna, ag treorú fhoireann shinsearach bainistíochta chun ár straitéis a chomhlíonadh. Braitheann muid orthu an aisling a roinnt ar bhealaí éagsúla gach lá inár gcuid scoileanna agus leanfaidh Alan le hobair iontach an Phríomhoide atá ag éirí as, Geraldine Diver, agus é ag treorú Gairmscoil na Mainistreach ar chúrsa atá go hiomlán mac léinn lárnach.”

Is scoil í Gairmscoil na Mainistreach de chúig déag as fiche seacht iar-bhunscoil atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Is páirtí iontaobhaí é fosta an ETB le haghaidh ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach sa chontae. D’fhreastail níos mó ná 5,600 mac léinn ar iar-bhunscoileanna ETB i 2023.