Príomhoide nua ceaptha ar Choláiste Chineál Eoghain

Image of person.
Image of person
Príomhoide nuacheaptha ar Choláiste Chineál Eoghain Claire Doherty.

Tá sé fógartha ag ETB Dhún na nGall go bhfuil Bean Uasal Claire Doherty ceaptha ina Príomhoide nua ar Choláiste Chineál Eoghain.

Céimí de chuid Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, is í Claire, as Carn Domhnach í ó dhúchas, atá fostaithe ag ETB Dhún na nGall ó 2013, mar mhúinteoir ceoil ar dtús i Scoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall agus mar threoirchomhairleoir le blianta beaga anuas. Tá Dioplóma Iarchéime i dTreoirchomhairleoireacht Scoile aici ó Ollscoil Mhá Nuad, Dioplóma i Staidéar Gnó ó Ollscoil Uladh agus tá sí ag déanamh staidéir faoi láthair in Ollscoil na Gaillimhe faoi choinne Dioplóma sa Ghaeilge. Tá sí ag feidhmiú mar Phríomhoide Gníomhach Eatramhach ar Choláiste Chineál Eoghain ó Shamhain 2022.

Tá Coláiste Chineál Eoghain ar cheann de sé Ghaelscoil atá bainistithe ag ETB Dhún na nGall. Dúirt Claire faoina ceapachán, “Is mór an onóir dom go pearsanta a bheith ceaptha i mo Phríomhoide ar Choláiste Chineál Eoghain. Tá mé tógtha faoi thodhchaí ár scoile agus faoi thodhchaí an Ghaeloideachais in Inis Eoghain go háirithe agus an tionscadal campais trí-scoile le teacht. Tá mé ag dúil le leanstan de bheith ag obair leis an fhoireann iontach, leis na sárdhaltaí agus leis an phobal scoile i gcoitinne. Ní neart go cur le chéile.”

Agus é ag déanamh comhghairdeas le Claire ar a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall an Dr Martin Gormley, “Tá lúcháir orm fearadh na fáilte a chur roimh Claire mar Phríomhoide nua ar Choláiste Chineál Eoghain don scoilbhliain seo. Lena cúlra iontach san oideachas agus lena tréithe ceannaireachta cruthaithe, tá mé muiníneach go nglacfaidh sí saineolas luachmhar chuig an scoil agus go gcuirfidh sí le fás agus rath na scoile agus í ag obair le foireann agus Bord Bainistíochta na scoile. Tá mé ag dúil le bheith ag tacú le Coláiste Chineál Eoghain i rith na scoilbhliana seo chun an Gaeloideachas a fhorbairt níos mó.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, “Fáiltím roimh cheapachán Claire ar Choláiste Chineál Eoghain. Cuireann misean agus éiteas ETB Dhún na nGall agus a scoileanna an mac léinn i gcroílár ár gcuid pleananna. Tá ár bPríomhoidí lárnach anseo agus tá ról ríthábhachtach acu inár scoileanna ag treorú na foirne bainistíochta sinsearaí chun ár straitéis a chomhlíonadh. Braitheann muid orthu chun an aisling a roinnt go soiléir ar bhealaí éagsúla gach lá inár scoileanna agus leanfaidh Claire leis an obair seo agus í ag treorú Choláiste Chineál Eoghain ar chúrsa atá go hiomlán mac léinn-lárnach.”

Tá Coláiste Chineál Eoghain ar cheann de chúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. D’fhreastail níos mó ná 5,600 mac léinn ar iar-bhunscoileanna ETB i 2022.

Tá Claire tosaithe ar an phost cheana féin.