Leas-Phríomhoide Nua ceaptha ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail

Image of person standing in front of a banner.
Image of person standing in front of a banner.
Leas-Phríomhoide nuacheaptha ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail Christopher Hegarty.

D’fhógair ETB Dhún na nGall go bhfuil an tUas Christopher Hegarty ceaptha ina Leas-Phríomhoide ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Tagann sé in áit an Uas Caroline Doherty atá tosaithe i mbun a ról nua mar Phríomhoide.

As Bun Cranncha ó dhúchas dó, tá Cristopher ina mhúinteoir Ceimice agus Eolaíochta i Scoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall ó 2010 i leith, i ndiaidh dó céim a bhaint amach in 2009 ó Ollscoil Luimnigh, áit a raibh Baitsiléir Eolaíochta á dhéanamh aige i gcomhthráth le hOideachas Múinteoirí. Le linn dó a bheith ina Phríomhoide Cúnta, ghlac sé ról an Chomhordaitheora Idirbhliana air féin freisin in 2019, agus bhain sé Dioplóma Iarchéime amach i gCeannasaíocht Scoile ar na mallaibh ó Ollscoil Luimnigh.

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de thrí iar-bhunscoil atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall in Inis Eoghain agus breis agus 600 mac léinn ag freastal air.

Ag labhairt dó faoina cheapachán, dúirt Christopher, “Tá lúcháir orm a bheith ceaptha i mo Leas-Phríomhoide ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail agus tá mé ag dúil le bheith ag obair leis an fhoireann agus na mic léinn iontacha seo chomh maith le pobal iomlán na scoile. Tá mé ag dúil fosta leis na dúshláin a thagann leis an phost nua seo agus tá mé tógtha faoi bheith mar chuid den scoil seo le linn di fás agus forbairt a dhéanamh sna blianta amach romhainn, go háirithe i gcás na n-oibreacha tógála atá ar siúl faoi láthair.”

Agus é ag déanamh comhghairdis le Christopher as a cheapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall an Dr Martin Gormley, “Le linn dó a bheith ag obair le hETB Dhún na nGall, tá sé léirithe ag Christopher arís agus arís eile go bhfuil dúthracht agus ceannasaíocht thar na bearta go smior ann agus níl dabht ar bith orm ach go leanfaidh sé i mbun scoth na hoibre a dhéanamh sa ról ríthábhachtach seo. Creidim go gcuirfidh a smaointe nuálacha agus an dúil mhór atá aige san oideachas leis an dúthracht i leith barr feabhais a bhaint amach atá ina shaintréith ag Coláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá a fhios agam go gcuirfidh Christopher agus an tUas Caroline Doherty, Príomhoide, agus foireann na scoile go mór leis an dul chun cinn agus forbairt na scoile atá ar siúl faoi láthair agus amach anseo

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de chúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Is páirtí iontaobhaí é fosta an ETB le haghaidh ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach sa chontae. D’fhreastail breis agus 5,600 mac léinn ar iar-bhunscoileanna ETB in 2022.

Chuir Christopher tús leis an phost ar an 01 Meán Fómhair.