Glacann Dhá Scoil de chuid ETB Dhún na nGall páirt i mBabhtaí Ceannais na hEorpa an NFTE san Ostair

Large group of people sitting and standing behind a desk.
Large group of people sitting and standing behind a desk.
Iomaitheoirí ETB Dhún na nGall i mbabhtaí ceannais NFTE lena múinteoirí agus Príomhoidí, agus le Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall Patsy McVicar, Oifigeach Cláir NFTE Jane McClean, agus Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, Dr Martin Gormley sular fhág siad le dul chuig an Ostair.

Thaistil mic léinn ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ó Choláiste na Maoile Ruaidhe i mBaile na nGallóglach agus ó Ghairmscoil Chaitríona, sna Cealla Beaga, go Kitzbuhel, san Ostair, an tseachtain seo chuaigh thart, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann i mbabhta Ceannais na hEorpa sa Líonra do Theagasc na Fiontraíochta (Gradaim na hEorpa Youthstart 2023). Bhain an dá fhoireann gradaim chré-umha ina gcatagóirí faoi seach.

Group of people sitting and standing behind a desk
Foireann NFTE Choláiste na Maoile Ruaidhe L&M Books le (ag seasamh ó chlé go deas) Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall Patsy McVicar, múinteoir Karen Stewart, Oifigeach Cláir NFTE Jane McClean, Príomhoide Choláiste na Maoile Ruaidhe Fiona Temple agus Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, Dr Martin Gormley.

In 2022 bhain mic léinn ó Choláiste na Maoile Ruaidh Livvy Curran, Millie McCourt agus Lucy Van Ruiven an Duais Náisiúnta sa chatagóir Fiontar Sóisialta leis an ghnó ‘L&M Books’, ag dearadh leabhair gníomhaíochta darb ainm ‘The Hidden Me’ chun oideachas a chur ar pháistí faoi mhíchumais fholaithe. I mbliana (2023) bhain mic léinn Ghairmscoil Chaitríona Aimee Hegarty, Abbie Boyle agus Aoife Smith Fiontraí na Bliana foriomlán sa Chatagóir Gnó lena ngnó ‘Simply Soap’, ag cruthú gallúnaí lámhdhéanta ag úsáid bainne gabhair mar bhunábhar, a bhfuil neart vitimín E ann agus atá ardmhaothaithe.

Group of people sitting and standing behind a desk.
Foireann NFTE Ghairmscoil Chaitríona Simply Soap le (ag seasamh ó chlé go deas) Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall Patsy McVicar, múinteoir Rebecca Fullerton, Oifigeach Cláir NFTE Jane McClean, Príomhoide Ghairmscoil Chaitríona Anne Marie Luby agus Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, Dr Martin Gormley.

Is clár oideachais agus fiontraíochta óige é atá aitheanta ar fud an domhain, an Clár NFTE a chuireann Foróige ar fáil in Éirinn agus atá comhcheangailte le NFTE idirnáisiúnta. Tugann sé deis do dhaoine óga gnó oibre a dhearadh, a bhunú agus a chur i bhfeidhm cé acu gnó brabúis nó fiontar sóisialta é. Díríonn an múnla NFTE ar scileanna ábhartha agus inaistrithe a thig leis na daoine óga seo a úsáid sa ghnáthshaol agus ina ngairmeacha beatha chomh maith.

Tá ceithre phríomhchatagóir sa chlár NFTE: Gnó, Nuálaíocht, Fiontar Sóisialta agus Aitheantas Speisialta. Oibríonn fiontraithe NFTE (mic léinn agus daoine óga) i dtreo na ceithre dhuais seo gach bliain, trí chomórtais éagsúla mar bhabhtaí réigiúnacha, leathcheannais, ceannais náisiúnta.