Osclaíonn an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais Ionad Breisoideachais agus Oiliúna de chuid ETB Dhún na nGall

Large group of people standing in front of a building with a ribbon.
Large group of people standing in front of a building with a ribbon.
Minister for Further and Higher Education Simon Harris, TD, officially opens Donegal ETB’s Further Education and Training Centre on the Port Road in Letterkenny.

Inniu, d’oscail an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais, Oiliúna agus Fostaíochta, Simon Harris, T.D., Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar Bhóthar an Chalafoirt i Leitir Ceanainn go hoifigiúil.

Rinneadh an-athchóiriú ar an fhoirgneamh i 2022 le háis múinteoireachta agus foghlama úrscothach ar astaíochtaí ísle carbóin a thógáil i gcroílár an bhaile is mó i nDún na nGall. Naoi seomra atá anois ann ar dhá urlár, lena n-áirítear dhá sheomra ríomhaireachta agus saotharlann eolaíochta, le spás le haghaidh 135 mhac léinn.

Dearadh na seomraí uilig mar sheomraí ilfheidhmeacha a bheadh in ann freastal ar rogha ábhar agus disciplín foghlama. Áirítear na nithe seo a leanas leis na cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha atá le roghnú: Scileanna Digiteacha na hOifige, Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige, Ranganna Béarla, agus an chéad bhliain i gcéimeanna treasacha. Tá na cláir uilig creidiúnaithe faoin Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí ó Leibhéal 1-6.

Tá ceann de na sé Mhol Digiteacha arna gcur ar fáil sa chontae ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) san ionad fosta, a thugann tacaíocht foghlama le cuidiú teicneolaíochta don fhoireann agus do na mic léinn.

Three people at a table and two people standing talking together.
Minister for Further and Higher Education Simon Harris, TD, with FET Centre staff and students.

Agus í ag labhairt ag an oscailt, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá muid an-bhródúil as ár n-ionad nua i gcroílár Leitir Ceanainn. Tá sé mar thoradh ar chuid mhaith dúthrachta agus tiomantais dár mic léinn a bhfuil an ceart acu a bheith ag foghlaim sa timpeallacht is fearr dá bhfuil muid in ann a chur ar fáil. Tagann an tiomantas sin ón Aire, arna chuimsiú ag ár maoinitheoirí SOLAS, ach thar aon rud eile ón fhoireann FET ar an láthair a raibh ár bhfoirne riaracháin agus tacaíochta ag tabhairt scoth an chuidithe dóibh i rith an ama.”

Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Tá an-áthas ar ETB Dhún na nGall fáilte a chur roimh an Aire Harris i Leitir Ceanainn leis an Ionad ar Bhóthar an Chalafoirt a oscailt. Tá suíomh idileach, áiseanna úrscothacha, agus foireann iontach an ionaid ríthábhachtach uilig le rogha leathan FET a chur ar fáil i Leitir Ceanainn. Gan amhras, is éard atá san ionad ná sárshampla d’fhís an Aire do thodhchaí FET in Éirinn de réir mar a leagadh amach i Straitéis Náisiúnta Breisoideachais agus Oiliúna, FET na Todhchaí: Ag Athrú na Foghlama ó bhonn.”

Person speaking to a group of people.
Minister for Further and Higher Education Simon Harris, TD, speaking at the Stranorlar FET Centre.

D’fhógair an tAire Harris maoiniú infheistíocht chaipitil níos luaithe ag Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Srath an Urláir le tuilleadh lóistín a chur ar fáil ionas go bhféadfar seirbhísí a sholáthar i dtaca le cúrsaí iar-Ardteistiméireachta (PLC).

Agus an fógra á phlé aige, dúirt an tAire Harris: “Cuirtear feabhas ar an fhoghlaim nuair a chuirtear feabhas ar na háiseanna agus tá fógra an lae inniu mar infheistiú san fhoghlaimeoir. Tá an-áthas orm a fhógairt gur éirigh le bhur moladh faoin ghlao de chlár an Chiste um Uasghrádú Straitéiseach Bhonneagair le háiseanna breise a chur le bhur nIonad Breisoideachais agus Oiliúna anseo i Srath an Urláir.

“Leis seo cumasófar an t-ionad FET le fáilte a chur roimh mhic léinn, le cumas TFC a spreagadh i measc bhur gcuid foghlaimeoirí agus le feabhas a chur ar eispéireas an fhoghlaimeora do mhic léinn agus don fhoireann ag Ionad Breisoideachais agus Oiliúna i Srath an Urláir.”

Tá Ionaid FET Leitir Ceanainn (Bóthar an Chalafoirt) agus Srath an Urláir mar dhá cheann de naoi n-ionad déag atá tiomanta do FET á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall timpeall an Chontae.

Large group of people on front steps of a building
Minister for Further and Higher Education Simon Harris, TD, with Stranorlar FET Centre staff and students.