D’éirigh le Tuismitheoirí Ceannródaíocha Dhún na nGall sa Chlár Páiste s’Agam Fís s’Agam

Large group of people.
Large group of people.
Tuismitheoirí, Comhordaitheoirí TBSP, Príomhoidí agus daoine eile le Príomhoifigeach Feidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Bhí ócáid bhronnta ar siúl ar an 3 Deireadh Fómhair faoi choinne cúig thuismitheoir cheannródaíocha déag i gceantar Leitir Ceanainn agus Ghleann Fhinne a d’éirigh leo sa chlár píolótach ‘Páiste s’Agam Fís s’Agam’.

Tá páistí na dtuismitheoirí siúd ag freastal ar Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Bunscoil Scoil Bhríde i gConmhaigh agus Bunscoil Scoil Mhuire i Srath an Urláir fosta.

Is clár oiliúint éascaithe tuismitheoirí é ‘Páiste s’Agam Fís s’Agam’ a bhfuil de rún aige tuismitheoirí a chumasú lena bpáiste a threorú tríd an phróiseas aistrithe scoile agus chun tacú le haistear a bpáiste ón bhunoideachas go dtí an meánoideachas. Agus é ar siúl i gceithre chontae eile in Éirinn, ba é seo an chéad uair de a bheith ar siúl i gContae Dhún na nGall.

Group of people in front of a banner.
Tuismitheoirí ó Choláiste Ghleann na Finne in aice le teagascóir Barry O’Riordan (ar chlé), Comhordaitheoir TBSP Coláiste Ghleann na Finne Ashlean McGeehan (tríú duine ón taobh deise), Príomhoifigeach Feidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh (dara duine ón taobh deise) agus Príomhoide Choláiste Ghleann na Finne Alan Thompson (ar dheis).

D’eagraigh Comhordaitheoirí Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) sna scoileanna soláthar an chláir, mhothaigh siad go raibh a dtuismitheoirí in ann, agus cuid acu gan aon oideachas foirmeálta ar bith nó iad ag pilleadh ar an oideachas i ndiaidh tamaill fhada, tabhairt faoin chlár. D’oibrigh siad i gcomhar leis an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) taobh istigh den Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, leis na Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) leis an Bhainisteoir Seirbhísí Comhtháite

Group of people
Tuismitheoirí agus foireann Scoil Mhuire Shrath an Urláir leis an teagascóir Barry O Riordan (ar chlé) agus Niall Rabitt (ar dheis) ó Tusla.

Niall Rabitt agus le Príomhoidí na cúig scoil chun an clár a thabhairt don chontae.

Agus í ag labhairt ag an imeacht, dúirt, Ashlean McGeehan, Comhordaitheoir TBSP le Coláiste Ghleann na Finne, a bhí i gceannas ar chomhordú an chláir, “D’aontaigh na tuismitheoirí spreagúla atá anseo anocht chun teacht ar ais go dtí an t-oideachas agus le gealltanas a thabhairt chun Miondámhachtan QQI Leibhéal 5 Obair le Grúpaí a dhéanamh a thabharfaidh na scileanna dóibh le hoícheanta aistrithe tuismitheoirí a éascú inár scoileanna.

Cuirtear in iúl leis an chlár seo bunús na Scéime TBSP, lena dtógtar an chomhpháirtíocht idir baile, pobal, agus ár scoileanna. Léirigh na tuismitheoirí anseo anocht uilig tiomantas agus dícheallacht agus d’oibrigh siad go dian i gcomhar le teagascóir FET Barry O’Riordan ó ETB Dhún na nGall, lenár gComhordaitheoirí Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail Shaun Paul Maguire (Scoil Bhríde), Noelle Moy (Scoil Mhuire), Margaret McAteer (Coláiste an Earagail) agus Patrice Gallagher (Coláiste na Daoile) chun cinnte a dhéanamh de gur bhain siad a gcuspóirí amach agus is fianaise í an oíche seo a léiríonn nár ghéill siad riamh.”

Group of people in front of a banner.
Tuismitheoirí agus foireann Scoil Bhríde agus Choláiste na Daoile.

Agus é ag gabháil comhghairdeas leis na tuismitheoirí, dúirt Aidan McCloskey, Oifigeach Oideachas Aosach ó Sheirbhís FET de chuid ETB Dhún na nGall, “Tá áthas an domhain orm a bheith libh chun bhur rath a cheiliúradh as an gcúrsa ‘Páiste s’Agam Fís s’Agam’ a chríochnú. A leithéid d’eispéireas fiúntach is ea é pilleadh ar an oideachas, agus is féidir liom a aithint láithreach ó atmaisféar na hoíche anocht gur bhain sibh sult as bhur n-eispéireas ar an chúrsa seo le ETB Dhún na nGall.

Is toradh den scoth amháin é de bhur rath ná go bhfuil sibh in ann bhur n-eolas a roinnt le tuismitheoirí eile anois, agus sibh ag cuidiú leo chun páirt ghníomhach a ghlacadh in aistriú a bpáiste ón bhunoideachas go dtí an mheánoideachas. Chomh maith leis sin, is fiú ceiliúradh a dhéanamh ar ghnóthachtáil phearsanta de chuid gach foghlaimeoir anseo. D’aithin sibh bhur gcumas foghlama

Group of people.
Tuismitheoirí agus foireann Choláiste an Earagail leis an teagascóir Barry O’Riordan (ar chlé) agus Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh (ar dheis).

féin agus mar sin de tá deiseanna úra agaibh sa Bhreisoideachas agus Oiliúint, san ardoideachas agus san áit oibre chomh maith.”

Bhronn Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ETB Dhún na nGall Anne McHugh teastais ar na tuismitheoirí.

Tá dhá ghrúpa tuismitheoirí eile ag tabhairt faoin chúrsa anois.

.