Lá Fáilte roimh Mhic Léinn Ar siúl san Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is Úire

Person having blood pressure checked.
Person having blood pressure checked.
Teagascóir Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh Anne Tinney ag seiceáil brú fola mhic léinn FET.

D’fhreastail breis agus cúig mhac léinn is seachtó ar lá fáilte roimh mhic léinn ag an Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) úrnua de chuid ETB Dhún na nGall ar Bhóthar na Páirce Gnó i Leitir Ceanainn Dé Máirt an 10 Deireadh Fómhair.

Person talking to a group who are sitting at desks.
Labhraíonn an Treoirchomhairleoir Aosach Deirdre McLoone le mic léinn faoi thacaíochtaí folláine.

Ba é téama an lae ná folláine agus tábhacht an fhéinchúraim, agus é á reáchtáil ag am céanna le Lá Domhanda na Meabhairshláinte. Bhain mic léinn taitneamh as cainteanna ar thacaíochtaí folláine a chuir an Treoirchomhairleoir Aosach Deirdre McLoone ar fáil agus ar fholláine dhigiteach a chuir Tacadóir Folláine ETB Dhún na nGall Christina McElheney ar fáil agus aistriúchán curtha ar fáil ag Liliia Derevlova do mhic léinn Úcránacha.

Three people sitting on tables with outdoor equipment and banners.
Traenálaí pearsanta agus cothaitheoir Kieran O’Neill le teagascóir Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin John Boyce agus an Stiúrthóir Marty McCann ag Lá Fáilte roimh na Mic Léinn.

Bhí eolas ar fáil ar thábhacht an chothaithe agus an chodlata ón oiliúnóir pearsanta agus cothaitheoir Kieran O’Neill, agus chuir teagascóir Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin (OETC) John Boyce agus an Stiúrthóir Marty McCann faisnéis ar fáil faoi chláir amuigh faoin aer atá ar fáil ag OETC Ghartáin. Bhain mic léinn agus baill foirne tairbhe fosta as seiceálacha sláinte a chuir an teagascóir Sláinte agus Cúraim Shóisialta Anne Tinney agus an teagascóir Altranais Threasaigh Jacqueline Barrett ar fáil.

Two people being interviewed by another on a bus.
Chuir John Breslin ó Highland Radio agallamh ar na mic léinn Valerie Keeve (TF) agus Elaine McAteer (Altranas Treasach) ar a chlár ‘Around the Northwest’ a craoladh lasmuigh den ionad.

Ar cheann de bhuaicphointí an lae bhí craoladh an chláir ‘Around the Northwest’ de chuid Highland Radio ón ionad chun aird a tharraingt ar an ionad nua agus ar na cúrsaí atá ar fáil ann agus sa tSeirbhís FET trí chéile. I ndiaidh dó leas a bhaint as seiceáil sláinte, chuir an láithreoir John Breslin agallamh ar an Treoirchomhairleoir Aosach Mairead McFadden agus ar na mic léinn Elaine McAteer (Altranas Treasach) agus Valerie Keeve (TF) faoina dtaithí, buntáistí an bhreisoideachais, agus cad chuige ar chóir do dhaoine eile smaointiú ar dhul ar ais chuig breisoiliúint, athoiliúint nó leanúint leis an ghairm bheatha is ansa leo.

Chuidigh málaí lóin agus earraí bronntanais a cuireadh ar fáil ar an lá le hatmaisféar fáilteach do mhic léinn an ionaid agus do chuairteoirí ó ionaid FET eile.

D’eagraigh foireann Tacaíochta Mac Léinn FET Sarah Webster agus Clare Gallagher le cuidiú ó fhoireann Dearbhaithe Cáilíochta, foireann na Treorach Aosaigh agus Eolas agus foireann an chláir FET an t-imeacht agus bhí siad thar a bheith sásta leis an fhreagra ó mhic léinn i gcoitinne.

A group of people looking at a brochure.
Cuid den fhoireann ar an lá – Corinna Orsi (Dearbhú Cáilíochta), Jacqueline Barrett (Teagascóir Altranais Treasaigh), Sarah Webster (Tacaíocht do Mhic Léinn) agus Joanne Whitelock (Dearbhú Cáilíochta).