Cluineann Foireann FET ETB Dhún na nGall ó Shaineolaí Todhchaí na hOibre

Three people standing in front of a banner.
Three people standing in front of a banner.
An Dr Bridgita Kelly, an Dr Oran Doherty agus Adele McElhinney a labhair le foireann Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ag seimineár forbartha gairmiúla ar an 12 Deireadh Fómhair.

Ba é an Dr Oran Doherty, saineolaí ar thodhchaí na hoibre, an príomhchainteoir ag seimineár forbartha gairmiúla ETB Dhún na nGall dá fhoireann Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna (FET) inniu.

Ba é seo an chéad imeacht foghlama agus forbartha gairmiúla pearsanta den mhéid seo d’fhoireann FET ó 2019.

Large group of people
Cuid den 170 ball foirne FET a d’fhreastail ar sheimineár an lae inniu.

Chuir Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, fáilte roimh bheagnach 170 ball foirne FET chuig an seimineár bliantúil, áit a ndearna sé machnamh ar an chur isteach le trí bliana anuas agus ar na dúshláin shuntasacha a chuir an phaindéim roimh an tSeirbhís. Thug sé le fios, “In ainneoin na ndúshlán d’éirigh leis (an tSeirbhís) cuid mhór a bhaint amach, lena n-áirítear, dhá ionad nua FET a oscailt i Leitir Ceanainn, feabhsúcháin ar an eastát iomlán trí chaipiteal cineachta agus maoiniú deisiúcháin agus cothabhála agus infheistíocht chaipitiúil a bhfuil fáilte roimpi, fógartha ag an Aire Harris agus é ar chuairt ar na mallaibh.”

Lean sé leis, “Leanaimid orainn ag freagairt le lúfaireacht agus le luas inár soláthar agus inár dtacaíocht riaracháin araon. Tá réimsí amhail Printíseachtaí agus Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile (ESOL) ina n-eiseamláirí le déanaí, dár gcumas mar sheirbhís iomlán, chun dul i ngleic le cibé dúshlán a thagann chugainn.”

Agus é ag aithint gur deis i bhfad thar téarma a bhí ann don fhoireann bualadh le chéile agus aithne a chur ar chomhghleacaithe ó gach cearn den tSeirbhís, tharraing sé aird ar an ghrúpa leathan láithreoirí: “Tá lúcháir orm go bhfaighidh sibh an deis cloisteáil ónár bpríomhchainteoir, Dr Oran Doherty, a labhróidh linn faoi thodhchaí na hoibre agus faoi thodhchaí na foghlama obairbhunaithe.”

Person speaking behind a mike.
Dr Oran Doherty.

Bhí roinnt poist bhainistíochta ag an Dr Oran Doherty, atá ina Bhainisteoir Ibec don Chlár Printíseachta i Maoirseacht Miondíola, atá freagrach as cláir foghlama obairbhunaithe a dhearadh agus a sheachadadh. Tá roinnt tuarascálacha náisiúnta scileanna earnála foilsithe aige a scrúdaíonn scileanna atá ag teacht chun cinn don ionad oibre amach anseo atá in úsáid ag tionscail agus ag soláthraithe oideachais go forleathan i ndearadh cláir nua. Labhair sé leis an fhoireann faoin chuma a bheidh ar thodhchaí na hoibre agus cad é a chiallaíonn sin d’fhorbairt scileanna, ag fiafraí “Mura bhfuil a fhios againn cad iad na scileanna a bheas de dhíth don todhchaí, ní thuigfidh muid cén oiliúint ba cheart dúinn a chur ar fáil. Cad iad na scileanna atá á lorg ag fostóirí i ndáiríre?”

Rinne sé iniúchadh ar threochtaí fostaíochta, ag cur béim ar na poist is mó ráchairt orthu in Éirinn agus ar fud an domhain, mar aon leis na cúig scil dhaonna is fearr le fostóirí – comhoibriú agus obair foirne, freagracht agus iontaofacht, réasúnaíocht agus réiteach fadhbanna, foghlaim ghníomhach agus fiosracht agus athléimneacht agus inoiriúnaitheacht (Manpower Planning, Meán Fómhair 2023). D’áitigh an Dr Doherty gur cheart machnamh a dhéanamh freisin ar scil bhreise dhaonna a bhaineann le caidreamh a thógáil, agus go gcaithfidh díriú ar scileanna inaistrithe seachas ar dhisciplíní scileanna. Tá scileanna daonna, mar aon le scileanna digiteacha agus géire intinne gnó ríthábhachtach do thodhchaí na hoibre.

Thug Comhordaitheoir Litearthachta Réigiúnach ETB Dhún na nGall, Adele McElhinney, forbhreathnú ar Straitéis Litearthacht Aosach ar feadh an tSaoil (ALL – Adult Literacy for Life) de chuid FET, a sheol an tAire Simon Harris TD i Meán Fómhair 2021. Go náisiúnta bíonn duine as gach cúigear (18%) den daonra fásta ag streachailt le gnáth-théacs a thuiscint agus a léamh, agus bíonn deacrachtaí ag duine as gach ceathrar (25%) duine fásta an mhatamaitic laethúil a úsáid. Dúirt sí, áfach, nach mbaineann an litearthacht le léitheoireacht, scríobh agus úsáid uimhreacha amháin – tá scileanna digiteacha, féinmhuinín, éisteacht agus labhairt agus tuiscint i gceist chomh maith.

Chuir sí béim ar an dóigh a n-athraíonn an litearthacht saolta: “Tá tionchar aici ar gach duine gach lá. Mothóidh duine ar bith a bhfuil riachtanas litearthachta nár sásaíodh, eisiamh sóisialta agus mothóidh siad scoite amach ón chuid eile den phobal. Tá freagracht ar gach duine, ar fud gach cuid den tsochaí, go gairmiúil agus go pearsanta araon, cuidiú leis an bhearna a dhruidim do dhaoine. Agus muid i mbun ár saoil, caithfidh muid a bheith feasach ó thaobh na litearthachta de.”

Six people standing side by side.
Foireann FET le Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh (ó chlé): Tricia, Margery, Anne, Rosaleen, Julie agus Josephine.

Thug Adele dúshlán d’fhoireann FET machnamh a dhéanamh ar “Cén dóigh a dtig linn tacú leis an litearthacht inár gcur chuige oibre?”

Labhair an cainteoir deireanach, an Dr Bridgita Kelly, Comhordaitheoir Forbartha Clár FET, faoi dheiseanna Erasmus+ do mhic léinn agus do bhaill foirne, a chuirfeadh ar chumas mic léinn, mar shampla, scileanna boga a fhoghlaimítear sa seomra ranga a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht sheachtrach. Chuala baill foirne faoin mhaoiniú atá ar fáil trí Erasmus+ in oideachas aosach, scoileanna, oideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus an óige. Tugadh samplaí d’eispéiris roimhe seo ó Ógtheagmháil, Coláiste an Earagail (mic léinn Iar-Ardteistiméireachta) agus Gairmscoil Mhic Diarmada.

Chuir Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, deireadh leis an ócáid agus í a rá leis an fhoireann, “Is sibhse saol na Seirbhíse FET – mura bhfuil sibhse linn ní féidir le mic léinn dhul chun cinn a dhéanamh nó é a dhéanamh chomh maith sin. Is cuid amháin é na teagascóirí ag teagasc ach tá gá leis an tacaíocht a thugann na baill foirne eile. Tá luachanna éiteas an chúraim, an chomhionannais, an mheasa agus luachanna pobail lárnach san obair a dhéanann sibh.”

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó i gContae Dhún na nGall, agus chríochnaigh os cionn 14,000 mac léinn cúrsaí i níos mó ná 120 ionad anuraidh, a thug deimhniú ag Leibhéil 1-6 dóibh ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, chomh maith le réimse leathan teastas tionscail agus díoltóra.

Group of people standing in front of banners.
Cainteoirí seimineáir ina suí le Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh (lár tosaigh) agus Stiúrthóir FET Ciaran O’Brien (chun tosaigh, an dara duine ó chlé). Líne chúil, clé go deas: Aidan McCloskey (Oifigeach Oideachais Aosaigh), Colm Richardson (Bainisteoir Cúnta an Ionaid Oiliúna), Mairéad Carlin (Bainisteoir Cúnta an Ionaid Oiliúna agus eagraí seimineáir), Treasa McGinley (Comhordaitheoir Foghlama agus Forbartha Feabhsaithe Teicneolaíochta agus eagraí seimineáir), Vinny McGroary (Bainisteoir Oiliúna Ceantair) agus Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Aosaigh).