Baineann fiche a ceathair printíseach Dhún na nGall céim amach

Graduates throwing caps in the air.
Graduates throwing caps in the air.
Céimí printísigh Dhún na nGall.

Bhí fiche a ceathair printíseach ó Dhún na nGall i measc grúpa d’ochtó a hocht Printíseach Ceardaíochta ó sheacht gclár printíseachta déag ar bhronnadh céim orthu inniu. Ní raibh 124 printíseach, fiche a ceathair ó Dhún na nGall san áireamh, a cháiligh ar na mallaibh, in ann freastal ar an searmanas mar gheall ar fhostaíocht agus ar ghealltanais eile.

Bhronn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) teastais ar na céimithe ag searmanas bronnta céimeanna i Leitir Ceanainn ar an Aoine 13 Deireadh Fómhair.

Bhain na céimithe gradaim amach sna printíseachtaí seo a leanas: Meicnic Talmhaíochta, Cearpantóireacht agus Siúinéireacht, Feistiú Gléasra Tógála, Leictreach, Córais Slándála Leictreonacha, Meicnic Feithiclí Troma, Ionstraimíocht, Uathoibriú Meicniúil agus Feistiú Cothabhála, Mótarmheicnic, Oibriú Miotail, Plástráil, Feistiú Píobáin, Pluiméireacht, Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid, Uirliseoireacht, Gearradh Cloch agus Saoirseacht Chloiche agus Cóiriú Creatlach Feithicle.

Three people
Príomhfheidhmeannach ETB Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim Tom Grady, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh agus Ceann an Choláiste OTA Dhún na nGall Paul Hannigan.

Ag bronnadh na nduaiseanna, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá muid millteanach bródúil as ár bPrintísigh inniu agus iad ag ceiliúradh na hócáide tábhachtaí seo lena dteaghlaigh agus lena gcairde. Thug foireann na Printíseachta sna ETBnna agus a gcuid fostóirí, ar ndóigh, tacaíocht dóibh. Tá ról lárnach ag na páirtithe leasmhara ar aistear na printíseachta agus inniu tugann muid ómós dóibh siúd a oibríonn go dian chun ár bPrintísigh a ullmhú dá ról tábhachtach inár ngeilleagar.

“Tá ár bPrintísigh ullmhaithe go maith le bheith ag obair in Éirinn, áit a bhfuil ráchairt ar a gcuid scileanna, nó go deimhin tá cáilíocht acu a ghlacfaidh iad áit ar bith ar mhaith leo dul. Guíonn muid gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoin chéad chuid eile dá ngairm bheatha.”

Ag déanamh comhghairdis leis na Printísigh a fuair duaiseanna, dúirt Paul Hannigan, Ceann an Choláiste, OTA Dhún na nGall,

Lots of people.
Céimithe printíseachta agus aíonna.

“D’éirigh go hiontach leis an oiliúint printíseach ó tugadh isteach é an athuair agus mar sin de tá muid ag plé faoi láthair leis an HEA chun ár soláthar a mhéadú i gCéimeanna 4 agus 6 trasna roinnt Printíseachtaí Ceardaíochta. Cinntíonn ár gcomhpháirtíocht chomhoibríoch leanúnach leis na ETBnna i nDún na nGall, Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim go bhfaigheann na printísigh sa cheantar seo an caighdeán is airde oiliúna.

Cuirtear printíseachtaí ar fáil trí mheascán d’oiliúint fhostóir-bhunaithe ar an láthair oibre agus oiliúint lasmuigh den láthair oibre a ligeann do na printíseachtaí airgead a shaothrú agus iad ag foghlaim agus ag baint cáilíocht amach atá aitheanta go hidirnáisiúnta.

Ag labhairt ag an ócáid dúirt Príomhfheidhmeannach MSLETB, Tom Grady, “Tá ról ríthábhachtach ag printíseachtaí mar tugann siad an t-eolas, na scileanna agus an saineolas do phrintísigh a éilíonn tionscail, agus tugann siad bealach dóibh gairmeacha beatha tairbheacha a fháil. Ba cheart go mbeadh bród ar na printísigh as an bhealach seo a roghnú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na fostóirí agus na meantóirí a thug tacaíocht do na céimithe seo le linn a bprintíseachtaí. A Phrintísigh, tá bhur ndíograis agus bhur n-obair chrua le moladh agus is fíoreiseamláir sibh do bhur bhfostóir, do na cláir phrintíseachta seo agus dár ETBnna. Go n-éirí libh in bhur ngairmeacha beatha agus iarrachtaí amach anseo.”

Person speaking to a mike.
Vinny McGroary, Bainisteoir Oiliúna Limistéir agus Bainisteoir Seirbhísí Printíseachta, ETB Dhún na nGall.

Agus é ag tréaslú leis na printíseachtaí ar bhronnadh gradaim orthu thug Bainisteoir Oiliúna Limistéir, ETB Dhún na nGall, Vinny McGroary, aitheantas do ról na bhfostóirí, “Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas a ghabháil leis na fostóirí ar fad trasna na réigiún mar gheall ar an ról ríthábhacht a imríonn siad in oiliúint ár bprintísigh. Tá an fás leanúnach i gClárúcháin Printíseachtaí ag tacú leis an gheilleagar áitiúil agus réigiúnach agus bainfidh muid uilig leas as sin. Agus an dá ETB ag leanstan de na hoibríochtaí printíseachtaí inár gcontaetha a bhainistiú, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt fosta d’obair iontach na foirne teagaisc atá freagrach as soláthar Céim 2 oiliúint lasmuigh den láthair oibre agus dár gcomhghleacaithe san OTA a chur Céim 4 agus 6 i gcrích trasna na réigiún.”

Faoi dheireadh Mhí Lúnasa na bliana seo, bhain chóir a bheith 9000 fostóir úsáid as printísigh chun tacú lena ngnó agus chun a ngnó a fhás go náisiúnta, le beagnach 25,500 printíseach ag críochnú oiliúna s’acu faoi láthair.

Le breis eolais a fháil faoi na cláir phrintíseachta atá ar fáil, le bheith i d’fhostóir faofa nó le clárú mar phrintíseach, déan teagmháil le foireann printíseachta ETB Dhún na nGall ar 074 91 20500.

Large group of people.
Céimithe printíseachta ETB Dhún na nGall le foireann breisoideachais agus oiliúna agus Paul Hannigan, OTA.