Tá mic léinn Choláiste an Earagail chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Bhruiséil

Group of people standing beside each other.
Group of people standing beside each other.
An tUasal Evan Gorrell (Múinteoir Gnó agus Códú), Bean Marie Crossan (Múinteoir Ealaíne), mic léinn Andrea Noonan, Amelie Klamroth agus Josephine Wisniewski, an tUasal Danny McFadden (Príomhoide) agus Iníon Deirdre Markham (Leas-phríomhoide).

Roghnaíodh triúr mac léinn Idirbhliana ETB Dhún na nGall ó Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an tríú eagrán den Fhóram um Mhná agus Chailíní in ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic), a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 5 Nollaig 2023. Is comhdháil bhliantúil í seo chun na mic léinn a ghlac páirt sa tionscnamh Girls Go Circular a chéiliúradh, a thacaíonn le mic léinn lena scileanna digiteacha agus ceannaireachta a fhorbairt agus iad ag foghlaim faoin ngeilleagar ciorclach agus ag teacht ar réitigh do thodhchaí inbhuanaithe.

Faoi threoir a múinteora Gnó agus Ríomheolaíochta, an tUasal Evan Gorrell, cuireadh de chúram ar Andrea, Amelie agus Josephine smaoineamh ar róbat a fhorbairt chun saincheist chomhshaoil dá rogha féin a réiteach ina scoil nó ina bpobal féin.Is é aidhm an tionscadail ná mic léinn baineanna a spreagadh chun níos mó taithí agus féinmhuiníne a fháil agus iad ag déileáil leis an teicneolaíocht a chuirtear i bhfeidhm ar shaincheisteanna sa saol mar atá agus lena suim i réimsí eolaíochta a chur chun cinn fosta.

Thug na daltaí faoi deara an méid ollmhór dramhaíola bia agus plaistigh aon úsáide ina scoil agus bhí siad ag iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi. Ba é an smaoineamh a bheadh acu ná róbat déanta as ábhair athchúrsáilte agus inbhuanaithe chun a lorg comhshaoil a laghdú agus a rothaí á gcumhachtú ag cadhnraí in-athluchtaithe, ag cinntiú go bhfuil sé tíosach ar fhuinneamh.

Is dlúth-róbat é an iontráil bhuaiteach Éireannach, EcoBot, atá deartha chun fuílleach bia agus ábhair úsáidte a bhailiú go héifeachtach i scoileanna. Tá braiteoirí agus ceamaraí ag an róbat fá choinne loingseoireachta agus mála láimhe stórála fairsing le trí urrann fá choinne bruscair, múirín agus athchúrsáil.

Dúirt an tUasal Evan Gorrell, “Is éacht iontach é seo dár gcuid mac léinn agus is léiriú é ar a gcuid oibre crua agus a dtiomantas le roinnt míonna anuas. Cur chuige traschuraclaim a bhí sa tionscadal seo le treoir eisceachtúil ag tugtha fosta ag Bean Marie Crossan inár Roinn Ealaíne.”

Three students holding an art piece.
Mic léinn Amelie, Andrea agus Josephine leis an cheann ‘EcoBot’.

Leag an tUasal Danny McFadden, Príomhoide Choláiste an Earagail, béim ar an thábhacht a bhaineann le hábhair ETIM a chur chun cinn i measc na mac léinn baineanna, “Tá mé an-bhródúil as Andrea, Amelie, Josephine agus a múinteoir, an tUasal Gorrell, ar an obair chrua ar fad atá déanta acu sa tionscadal seo a chiallaíonn go ndéanfaidh siad ionadaíocht ar ár dtír ar ardán na hEorpa. Tá muid tiomanta i gColáiste an Earagail a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna agus rochtain ag ár gcuid mac léinn baineanna ar oideachas ETIM. Ní hamháin gur freagracht oideachasúil é mná óga a spreagadh chun triail a bhaint as réimsí ETIM, ach tá sé ina riachtanas sochaíoch.”

Tá an-dul chun cinn déanta ag Coláiste an Earagail chun mic léinn baineanna a spreagadh chun saol ETIM a fhiosrú, ag cruthú comhpháirtíochtaí bríocha agus ag soláthar tacaíochta cuimsitheach chun todhchaí níos cuimsithí a chruthú agus ag an am céanna ag cur réimse leathan ábhar ETIM ar fáil lena n-áirítear Ríomheolaíocht agus Innealtóireacht.

Chuaigh siad isteach i gcomhpháirtíocht cúig bliana le déanaí leis an fhostóir áitiúil OPTUM Ireland, ag cothú nasc láidir idir oideachas agus tionscal. Bhí ról ríthábhachtach ag an chomhpháirtíocht seo i Saotharlann ETIM na scoile a seoladh le déanaí, rud atá ina léiriú ar a dtiomantas d’eispéiris phraiticiúil foghlama.

Áirítear le comhpháirtíochtaí eile oibriú go dlúth le bunscoileanna friothálacha áitiúla chun béim a chur ar thábhacht ETIM, le díriú faoi leith ar chódú trí cheardlanna éagsúla. Tá naisc láidre bunaithe acu le ATU Dhún na nGall, rud a chothaíonn timpeallacht ina spreagtar mic léinn baineanna le machnamh a dhéanamh ar réimsí ETIM agus faoi láthair tá fiche mac léinn idirbhliana cláraithe ar an gclár Passport for Inclusion ATU ETIM.