Ceathair Thionscadal Scoile ETB Dhún na nGall cáilithe do Thaispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT 2024

Event logo

Event logo

Cháiligh ceathair thionscadal scoile de chuid ETB Dhún na nGall don 60ú Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 11-14 Eanáir, 2024. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na deiseanna is féidir le gairm i réimse a bhaineann le ETIM a thairiscint.

Tagann na ceathair thionscadal ó dhá scoil, Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn. Tá trí iontráil déag san iomlán cáilithe ó Chontae Dhún na nGall. Is iad na tionscadail a cháiligh ná:

Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall (1 Ontráil aonair)

  1. Imscrúdú ar éifeachtaí físchluichí agus spóirt foirne ar thuigmháil na mac léinn ar choincheapa teoiric cluiche agus ar réiteach fadhbanna (Eolaíochta Sóisialta agus Iompraíochta)
  2. Which is the most ‘essential’ essential oil at preventing the growth of fungal mould on citrus fruits. (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)

Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (2 Iontrálacha grúpa)

  1. Imscrúdú ar éifeachtúlacht Olann gharbh mar inslitheoir tí ailtéarnach (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
  2. Staidéar ar éifeacht feirmeoireachta, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht na Leanainne (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)

Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil áit bainte amach acu sa Taispeántas a fheiceáil anseo.

Uasdátú an 12 Eanáir 2024:

Gradaim Chatagóire

  • Duais an Ghrúpa Shinsearaigh sa Chatagóir Bhitheolaíochta agus Éiceolaíochta: bainte ag Jane Faulkner agus Robyn Given ó Ghairmscoil na Mainistreach dá dtionscadal “Cé acu an bhláthola is riachtanaí chun cosc a chur ar fhás múscáin fhungasaigh ar thorthaí citris.”
  • Tríú Duais an Ghrúpa Shóisearaigh sa chatagóir Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla: bainte ag Sienna Devine ó Choláiste Ailigh dá tionscadal “Imscrúdú ar éifeachtúlacht Olann gharbh mar inslitheoir tí ailtéarnach.”

Gradaim Speisialta

  • An Fóram Uisce/An Gradam Uisce: bainte ag Caolan Mc Taggart, Daithí Mac Diarmada agus Matthew Farrell ó Choláiste Ailigh, dá dtionscadal “Staidéar ar éifeacht feirmeoireachta, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht na Leanainne.”

Ardmholta

  • An chatagóir Eolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta: Tionscadal Samaire Fern, mac léinn de chuid Ghairmscoil na Mainistreach, “Imscrúdú ar na tionchair a bhíonn ag físchluichí agus spóirt foirne ar thuiscint mac léinn ar choincheapa a bhaineann le teoiric chluiche agus fadhbréiteach.”
  • An chatagóir Bhitheolaíochta agus Éiceolaíochta: Tionscadal Caolan Mc Taggart, Daithí Mac Diarmada agus Matthew Farrell, mic léinn de chuid Choláiste Ailigh “Staidéar ar éifeacht feirmeoireachta, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht inbheartabrach na Leanainne.”