Trí Thionscadal Scoile ETB Dhún na nGall cáilithe do Thaispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT 2024

Event logo

Event logo

Cháiligh trí thionscadal scoile de chuid ETB Dhún na nGall don 60ú Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 11-14 Eanáir, 2024. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na deiseanna is féidir le gairm i réimse a bhaineann le ETIM a thairiscint.

Tagann na trí thionscadal ó dhá scoil, Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn. Tá dhá iontráil déag san iomlán cáilithe ó Chontae Dhún na nGall. Is iad na tionscadail a cháiligh ná:

Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall (1 Ontráil aonair)

  1. Imscrúdú ar éifeachtaí físchluichí agus spóirt foirne ar thuigmháil na mac léinn ar choincheapa teoiric cluiche agus ar réiteach fadhbanna (Eolaíochta Sóisialta agus Iompraíochta)

Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (2 Iontrálacha grúpa)

  1. Imscrúdú ar éifeachtúlacht Olann gharbh mar inslitheoir tí ailtéarnach (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
  2. Staidéar ar éifeacht feirmeoireacha, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht inbheartabrach abhainn Leanainn (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)

Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil áit bainte amach acu sa Taispeántas a fheiceáil anseo.