Faigheann Fostaithe ó Mhiondíoltóirí Ceannais Náisiúnta Céim ó Chúrsa ETB Dhún na nGall

Large group of people
Large group of people
Céimithe agus cainteoirí Chleachtais Foghlama Obairbhunaithe Leibhéal 6.

Bhronn ETB Dhún na nGall Dámhachtainí Sainchuspóireacha Leibhéal 6 i gCleachtais Foghlama Obair-Bhunaithe ar chaoga trí fostaithe ó bhreis agus tríocha de mhiondíoltóirí móra na tíre ag ócáid i mBaile Átha Cliath anocht.

D’fhorbair Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall agus an Stiúrthóir Cláir do Phrintíseacht i Maoirseacht Mhiondíola, Ibec, an Dr Oran Doherty, Dámhachtain Sainchuspóireach Leibhéal 6 i gCleachtais Foghlama Obairbhunaithe chun tacú le cleachtóirí tionscail agus oideachais cláir oiliúna/oideachais a dhearadh, a sheachadadh agus a chomhordú dóibh siúd atá i bhfostaíocht cheana féin agus dóibh siúd atá ar tí tosú ag obair.

Aithníonn an cúrsa seo saol na hoibre a bhíonn ag athrú de shíor agus an gá atá le hoiliúint chun bogadh ó thimpeallacht thraidisiúnta an tseomra ranga go dtí an láthair oibre. Agus é á sheachadadh ag ETB Dhún na nGall le chéile le Retail Ireland Skillnet, dhírigh sé ar chur chuige comhoibríoch ó fhostóirí agus oideachasóirí chun oiliúint a chruthú a bhain le saol na hoibre atá le teacht agus ar an ghá atá le níos mó foirne a choinneáil.

Dúirt Anne Marie Lynch, Riarthóir Oiliúna agus Forbartha an Ghrúpa Musgrave, ar dhuine díobh siúd a chríochnaigh an oiliúint seo, “Do mo ról ag Musgrave, d’aimsigh mé feidhmeanna fíorshaolacha d’ábhar an chúrsa, trí bhéim a chur ar fhoghlaim obairbhunaithe agus ar an tábhacht a bhaineann le scileanna na todhchaí. Chuir sé iontas agus pléisiúr orm cé chomh reatha agus ábhartha a bhí an t-ábhar, agus b’iontach an taithí a bhí agam le ETB Dhún na nGall. Leag an oiliúint béim fosta ar an ghá atá le breisoideachas scileanna, rud atá ríthábhachtach, creidim. Bhi mé buíoch nuair a d’fhág mé an cúrsa as an oideachas luachmhar a cuireadh ar fáil.”

Dúirt Edel Duffy, Bainisteoir Cumais le Boots Ireland, “Chomh luath is a chláraigh mé ar an gcúrsa, bhí a fhios agam go raibh mé faoi chúram maith. Bhí an leibhéal gairmiúlachta agus dúthrachta a léirigh Oran Doherty agus foireann ETB Dhún na nGall i rith an chláir níos fearr ná mar a bhi mé ag súil. Bhí an t-ábhar oiliúna cuimsitheach, ábhartha agus suas chun dáta, agus léiríodh na treochtaí tionscail is déanaí agus na cleachtais is fearr.”

“Bhí Oran an-eolach agus bhí sé toilteanach i gcónaí iarracht speisialta a dhéanamh le cinntiú gur thuigeamar an t-ábhar go maith. Thug sé treoir iontach dúinn agus chothaigh sé timpeallacht foghlama thacúil agus chuimsitheach, rud a d’éascaigh dúinn ceisteanna a chur agus dul i mbun díospóireachta. Bhí an oiliúint seo luachmhar do m’ionad oibre, agus creidim go leagann sé béim ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir an tionscal agus an t-oideachas le chéile.”

Person speaking
Vinny McGroary, Bainisteoir Oiliúna Ceantair ETB Dhún na nGall.

Ba iad na cuideachtaí a bhí páirteach san oiliúint seo ná Applegreen, Aramark, Aurivo, Boots Ireland, Brown Thomas Arnotts Ltd., BWG Foods, Carraig Donn, Circle K, Corrib Oil, Customer Service Excellence Ireland, ETB Dhún na nGall, Dubray Books, Dunnes Stores, Easons, Intersport Elverys, Circet, Macs Place Ltd, Musgrave, Ionad Náisiúnta um Fhaisnéis Biteicneolaíochta (NCBI), Next, Lidl Ireland, O’Briens Wines, O’Keeffes of Kilkenny Ltd, Peopletime, Retail Ireland Skillnet, Skillnet Ireland, SPAR, Tesco Ireland, Grúpa Uniphar agus Woodies.

Rinne Vinny McGroary, Bainisteoir Oiliúna Ceantair ETB Dhún na nGall comhghairdeas leis na céimithe ag rá, “I do róil mar cheannairí AD, tá súil agam go gcuirfidh an oiliúint seo luach iontach ar d’fhostaithe reatha agus do na fostaithe sa todhchaí maidir lena bhfás agus lena bhforbairt.”“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt fosta don chomhoibriú uathúil sa chás seo idir ETB Dhún na nGall, IBEC, Retail Ireland Skillnet agus SOLAS a chuir lenár gcumas clár chomh cumhachtach a chur ar fáíl do chohórt foghlaimeoirí a bhfuil ard-phróifíl acu.”

Ba cheart d’fhostóirí a bhfuil suim acu tabhairt faoin chúrsa seo in 2024 dul i dteagmháil linn ar enterpriseengagement@donegaletb.ie nó iarratas ar líne a dhéanamh: https://www.donegaletb.ie/course-detail/?CourseId=415334.

Cainteoirí an Dr Oran Doherty, Sean Carlin, Bainisteoir Retail Ireland Skillnet, agus Noreen Fitzpatrick, Bainisteoir SOLAS – Fiontar, Fostaithe agus Scileanna.