Baineann Coláiste an Earagail Comórtas Euroscola 2023

Large group of students and teachers holding a European flag.

Large group of students and teachers holding a European flag.

Tá Comórtas Euroscola 2023 do Thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt bainte ag Coláiste an Earagail. Thuill an scoil an deis mór le rá chun ceithre mac léinn is fiche agus beirt mhúinteoirí a chur chuig Euroscola in Strasbourg i mí Márta 2024, áit a gcuirfidh siad iad féin in áit Fheisire de Pharlaimint na hEorpa don lá.

Mar chuid den chomórtas Euroscola, a lainseáil Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn go luath i mí Mheán Fómhair, iarradh ar mhic léinn gearrthóg físe aon bhomaite amháin a thaifeadadh ag díriú ar an téama “Toghcháin na hEorpa: Daonlathas faoi Lán Seoil.” Ba é an dúshlán a bhí ann ná smaointe nuálacha a mholadh chun an ráta vótála i measc daoine óga i dToghcháin na hEorpa, atá beartaithe do mhí an Mheithimh 2024, a ardú.

Bhí mic léinn Choláiste an Earagail inchurtha leis an ócáid, á ndíriú féin ar fhíseán spéisiúil a chruthú, ní amháin físeán a chomhlíon critéir an chomórtais ach a sháraigh iad fosta. Is féidir breathnú ar an iontráil ar éirigh léi, trí chliceáil anseo.

Chuir Príomhoide an Choláiste, an tUasal Danny McFadden, a bhród agus a scleondar in iúl, ag rá, “Is léiriú é an bua seo ar dhúthracht agus ar chruthaitheacht ár mac léinn agus ár bhfoirne. Comhghairdeas leis an Uasal Evan Gorrell as an chlár Scoileanna Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa a chur i bhfeidhm inár scoil agus le hIníon Caitriona Hasson a thacaigh leis an ghrúpa ó thús go deireadh an chomórtais seo. Tá sé de phribhléid ag ár scoil ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt, agus tá muid ag dúil leis an eispéireas saibhriúcháin a thabharfaidh sé dár mic léinn.”

Dúirt an tUasal Evan Gorrell, Múinteoir Gnó i gColáiste an Earagail, “Tugann an clár EPAS agus an comórtas Euroscola deis iontach dár mic léinn páirt a bheith acu sa phróiseas daonlathach agus deis chun a gcuid smaointe a roinnt i dtaca le ráta vótála a ardú. Is deimhniú é, baint an chomórtais seo, ar a ndíograis agus ar a ndúthracht. Is cinnte gur iarracht foirne a bhí ann agus caithfidh muid ár mbuíochas a ghabháil leis na mic léinn TY agus le hIníon Hasson as a tacaíocht dhaingean.”