Tuarascáil Bhliantúil 2022 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

Image of report cover

Cover image of 2022 Annual Report Irish

D’fhoilsigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) Tuarascáil Bhliantúil 2022, a thug achoimre ar na seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur sé ar fáil le linn na bliana.

In ainneoin srianta leantacha na paindéime a lean ar aghaidh go tús 2022, bhain níos mó ná 29,200 mac léinn tairbhe as cúrsaí iar-bhunscolaíochta, as cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET), as cúrsaí Oideachais agus Oiliúint Allamuigh agus as cúrsaí ceoil.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall cúig iar-bhunscoil déag as na seacht iar-bhunscoil is fiche i gContae Dhún na nGall, ar fhreastail níos mó ná 5,600 mac léinn orthu in 2022.

Thug a raon leathan cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) tacaíocht do bheagnach 14,500 mac léinn thar réimse leathan roghanna oideachais agus oiliúna páirtaimseartha agus lánaimseartha i rith na bliana, agus chomh maith leis sin, chríochnaigh níos mó ná 7,800 cúrsaí ag a ionad oideachais agus oiliúna allamuigh i nGartán. Chomh maith leis sin d’fhreastail níos mó ná 1,420 mac léinn ar ranganna ceoil lena sheirbhís ceoil, Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall.

Rinneadh na seirbhísí a mheas thar trí phríomhréimse tosaíochta, teagasc, foghlaim agus measúnú; eagraíocht fhorásach, fhreagrach agus obair le páirtithe, i ndiaidh ráitis straitéise 2022-2026, a lainseáil sé anuraidh fosta.

I dtéarmaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe de, chuir ETB Dhún na nGall fáilte roimh thrí iar-bhunscoil eile dá chuid isteach sa chlár Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) in 2022 – Coláiste na Carraige, Gairmscoil Chaitríona sna Cealla Beaga agus Coláiste Pobail Cholmcille ar Oileán Thoraí.

Osclaíodh ionad nua FET ar Bhóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn, agus ceadaíodh ceardlann leictreachais sa bhreis san Ionad Oiliúna i nGaoth Dobhair, a chuirfidh ar a chumas an dara clár printíseachta leictrí a chur ar fáil.

Le briseadh amach an chogaidh san Úcráin go luath in 2022, bhí ETB Dhún na nGall chun tosaigh in éascú Foirne Réigiúnaí Oideachais agus Teanga (REALT) chun mic léinn ón Úcráin a chur, go rathúil, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fud an chontae agus ar fud oileáin an chontae. Chruthaigh REALT aistriú chuig an chóras oideachais a bhí socair agus tacúil, do na mic léinn seo, tríd a bheith ag obair go dlúth leis na scoileanna, na teaghlaigh agus pobal na hÚcráine le cinntiú gur cuireadh tacaíocht chuí teanga agus imeascadh cultúrtha ar fáil.

Maidir le dul chun cinn agus freagracht, cuireadh grúpa oibre nua ar bun in 2022 chun tús a chur leis an obair atá de dhíth chun spriocanna na hearnála poiblí faoin Phlean Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide a mheas, a éilíonn ar ETB Dhún na nGall a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 51% faoi 2030 agus a éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú ón sprioc 33% in 2020 go 50% faoi 2030 chomh maith.

In 2022 rinne ETB Dhún na nGall píosa mór oibre chun a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh faoi Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí) an Aontais Eorpaigh 2020 a éilíonn ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí a chinntiú go bhfuil na suíomhanna gréasáin agus na feidhmchláir móibíleach inrochtana do gach duine, daoine atá faoi mhíchumas san áireamh. Mar gheall ar an obair seo mhéadaigh Scór Inrochtaineachta suíomh gréasáin an ETB ó bheagán níos mó ná 9% go luath in 2022, go thar 72% faoi mhí na Samhna 2022.

Lig an scór méadaithe seo don Údarás Náisiúnta Míchumais, an Comhlacht Monatóireachta Náisiúnta d’Éirinn, tuarascálacha faireacháin a chur isteach chuig an Choimisiún Eorpach, chun léiriú cé go ndearna roinnt suíomhanna gréasáin a scór a ardú go suntasach thar an tréimhse faireacháin, “léirigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an dul chun cinn is mó.”

Image of person
Clr Barry Sweeny.

Thug Cathaoirleach ETB Dhún na nGall in 2022, An Clr. Barry Sweeny, le fios go mbeidh cuimhne ar 2022 mar bhliain thuas seal thíos seal agus “mar bhliain a chonacthas ár bpobail scoile ag teacht amach as srianta COVID-19, a chonacthas atógáil muiníne, agus a chonacthas filleadh ar ais ar an saol a bhí ann ar fud Dhún na nGall

Tharraing sé aird ar an dóigh gur “Chuir na himeachtaí tragóideacha a tharla ar an Chraoslach, ar an 7 Deireadh Fómhair 2022, scamall dorcha ar an réigiún agus chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar phobal scoile ETB, Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach, le cailleadh mic léinn agus tuismitheoirí. Bhí an freagra a thug an Coláiste agus an pobal i gcoitinne, speisialta ar fad, agus tá go fóill.”

Thug Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh le fios gurb é 2022 an chéad bhliain de Ráitis Straitéise nua an ETB a bhfuil ‘an fhoghlaim a athrú – saol na ndaoine a athrú’ mar fhís aige. Dúirt sí, “Cuireann an fhís seo i gcuimhne dúinn cén fáth a ndéanann muid an méid a dhéanann muid dár bpobail agus dár gcontae, agus tá lúcháir orainn anois gur thug an Roinn Oideachais cead dúinn ár dTuarascáil Bhliantúil do 2022 a fhoilsiú leis seo a léiriú.

Image of person.
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

“Is mór againn an deis chun obair iontach ETB Dhún na nGall a roinnt lenár bpáirtithe leasmhara agus le pobail Co. Dhún na nGall agus níos faide i gcéin. Tá súil againn go mbeidh an tuarascáil suimiúil agus eolasach agaibh agus tá muid ag dúil le leanstan de bheith ag obair chun an seirbhís oideachais agus oiliúna is fearr is féidir a chur ar fáil do mhuintir an chontae.”

Tá Bord ETB Dhún na nGall déanta de dháréag ionadaí tofa, beirt bhaill foirne, beirt thuismitheoirí, beirt ionadaithe ó thionscal áitiúil agus triúr ionadaí leasa earnála.

Tá an tuarascáil ar fáil ar a shuíomh gréasáin anseo.

Image of report cover
Tuarascáil Bhliantúil 2022 ETB Dhún na nGall.