Freastalaíonn mic léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar Fhóram Náisiúnta na bhFoghlaimeoirí

Person smiling at the camera with arms outstretched.
Person smiling at the camera with arms outstretched.
Mac Léinn FET ETB Dhún na nGall.

D’fhreastail beagnach 100 mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, a bhfuil siad ag tabhairt faoi chúrsaí FET timpeall an chontae, ar ghrúpa fócais réigiúnach de chuid Fhóram Náisiúnta na bhFoghlaimeoirí i Leitir Ceanainn Dé Máirt seo caite, an 28 Samhain.

Is iad baill foirne dearbhaithe cáilíochta i Seirbhís FET ETB Dhún na nGall a d’eagraigh an t-imeacht seo i gcomhar le hAONTAS, An Eagraíocht Náisiúnta um Fhoghlaim Aosach in Éirinn. Tá sé ar cheann de shraith grúpaí fócais atá á n-eagrú ar fud an chontae.

Ceapadh an grúpa fócais seo chun ardán a chur ar fáil do mhic léinn chun a dtaithí in FET a roinnt agus iad ag bualadh le mic léinn eile.

I measc na rannpháirtithe, bhí mic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha ó Leibhéil 1-6, agus printísigh fosta.

Ag an imeacht, d’fhiosraigh siad na rudaí a bhí ag obair go maith agus nach raibh ag obair go maith, agus phléigh siad athruithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun a gcúrsa a fheabhsú do dhaoine eile. Chuir siad i gcrích suirbhéanna ar dhéimeagrafaic; earcaíocht, clárú, agus ionduchtú; cúrsa agus clár; teagasc agus foghlaim; acmhainní, áiseanna, seirbhísí agus tacaíochtaí.

Person talking at a podium with a mike and banner in the background.
Joanne Whitelock Oifigeach Tacaíochta Dearbhaithe Cáilíochta ETB FET

Ag labhairt di faoin imeacht, dúirt Joanne Whitelock, Oifigeach Tacaíochta Dearbhaithe Cáilíochta FET de chuid ETB Dhún na nGall, “Tá lúcháir orainn an deis seo a fháil chun casadh ar an mhéid seo mic léinn ó gach cearn de Sheirbhís FET, chun a ndearcthaí agus a dtuairimí a fháil fá dtaobh de a n-aistear foghlama linn. Tá muid ag tnúth le torthaí a gcuid plé a chluinstin a chuideoidh leis na deiseanna atá laistigh dár Seirbhís a mhúnlú.”

Dúirt Ciarán O’Brien, Stiúrthóir FET laistigh de ETB Dhún na nGall “Cuireann Fóram na bhFoghlaimeoirí de chuid AONTAS go suntasach le próisis féinmheastóireachta, mhonatóireachta agus athbhreithnithe ETB Dhún na nGall; cuireann muid fáilte roimh aon imeacht a chuireann ar ár gcumas a bheith ag obair i gcomhar le heagraíochtaí eile agus guth ár mac léinn a chluinstin. Mar sheirbhís FET agus ETB, déanann muid dianmhachnamh ar aon aiseolas – tá sé ríthábhachtach go dtuigeann ár mic léinn go bhfuil tábhacht lena gcuid tuairimí.”

Tá AONTAS chun torthaí an imeachta a scríobh suas agus iad a chur faoi bhráid Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall.

People looking at something on a desk.
Mic Léinn FET ETB Dhún na nGall.