Déanann NWTEC Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (NWTEC) a Chomhpháirtíocht a Athnuachan chun Tuilleadh Tacaíochta a Thabhairt d’Fhorbairt Réigiúnach i Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt

Four people sitting at a table and two people standing on either side.

Tá iarrachtaí comhpháirteacha Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Ollscoil Uladh (UU), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) dírithe ar chuidiú le Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt fás agus a bheith ina lárionad fáis suntasach d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann ar an ardán Eorpach agus domhanda.

Fógraíonn Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (NWTEC) athnuachan an Mheabhráin Tuisceana (MOU) chun tuilleadh comhleanúnachais a thabhairt don oideachas agus do na scileanna a chuireann na ceithre pháirtí oideachais tríú leibhéal ar fáil agus chun cumas taighde agus nuálaíochta Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt a fhorbairt a thuilleadh. Síníodh an MOU Déardaoin an 30 Samhain, 2023, in Óstán an Ghrianáin, An Bheart, Co. Dhún na nGall.

Tá sé mar aidhm ag NWTEC i gcomhar le Comhpháirtíocht Fás Straitéiseach an Iarthuaiscirt (NWSGP) agus príomhpháirtithe leasmhara, Iarthuaisceart Roinnte a chruthú—réigiún nasctha, ardfheidhmíochta, trí Fhás Cliste, Fás Inbhuanaithe agus Fás Cuimsitheach. Tógann an MOU ar an chomhoibriú roimhe seo le béim athnuaite ar phunann chuimsitheach réigiúnach oideachais tríú leibhéal a sholáthar le conairí staidéir soiléire agus tuilleadh comhthionscnamh ar rochtain, ar sholáthar cláir, ar fhorbairt taighde, ar thacaíochtaí nuálaíochta agus ar rannpháirtíocht an phobail.

I mí Feabhra 2018, i gcomhpháirtíocht leis na ceithre pháirtí oideachais tríú leibhéal, d’fhógair NWSGP comhaontú nua in oideachas, in oiliúint agus i nuálaíocht chun Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt, mar atá air anois, a bhunú. Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall i gceannas ar an NWSGP agus is struchtúr idirdhlínse ar leith é atá formhuinithe ag an Rialtas tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Dúirt an Dr. Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, “Deimhníonn athshíniú an MOU tiomantas ATU do chomhoibriú trasteorann. Oibríonn an bhraisle réamhdhírithe seo go dlúth le hionadaithe tionsclaíochta agus freagraíonn sí do na bearnaí scileanna, cuireann sí borradh faoin gheilleagar áitiúil, agus neartaíonn sí bonn scileanna le haghaidh post reatha agus le haghaidh post amach anseo trí chonairí agus trí bhealaí forchéimnithe. Léiríonn tiomantas athnuaite NWTEC comhdhúthracht chun todhchaí Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt a mhúnlú trí oideachas, nuálaíocht agus chomhoibriú.”

Dúirt Leas-Seansailéir Ollscoil Uladh, an tOllamh Paul Bartholomew, “Tháinig Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt ó chomhoibrithe fadbhunaithe agus naisc láidre idir na ceithre institiúid, ag tabhairt comhpháirtithe Breisoideachais agus Ardoideachais le chéile i réigiún chathair an Iarthuaiscirt chun comhghuaillíocht straitéiseach a bhunú. Athdhearbhaíonn an comhaontú nuashonraithe seo an tiomantas do chomhiarrachtaí Ollscoil Uladh, Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus na hinstitiúide is úire sa réigiún, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Go deimhin bhí lúcháir orainn a bheith in éineacht le hionadaithe ó ATU i mBostún ar na mallaibh ag an Chomhdháil bhliantúil na nDroichead Órga i gcuideachta toscaireachtaí ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

“Ón chomhaontú tosaigh in 2018, forbraíodh Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt mar bhranda agus mar chomhpháirtíocht bhríoch. Tá muid ag dúil leis an chomhoibriú seo a fhorbairt a thuilleadh sna blianta atá amach romhainn, ag díriú ar Réigiún agus Áit, Cláir agus Conairí, Cumais Iarchéime agus Taighde, Rannpháirtíocht Fiontair agus Tacaíochtaí Pobail.”

Chuir Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, béim ar an tábhacht atá ag comhaontú NWTEC i dtaca le scileanna, nuálaíocht agus infheistíocht a chur chun cinn. Dar leis, is comhfhís é do chomhghuaillíocht straitéiseach réigiúnach a chuireann oideachas treasach trasteorann comhordaithe ar fáil.

Chuir Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh fáilte roimh athshíniú an MOU ag rá, “Tá an obair lenár gcomhpháirtithe oideachais i mBraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt an-tábhachtach do ETB Dhún na nGall mar tig linn na buntáistí a bhaineann leis an chomhoibriú dár gcontae agus réigiún a fheiceáil. D’oibrigh muid go maith le chéile ar réimse tionscnamh ó 2018 agus tá muid ag dúil le tógáil ar na héachtaí go dtí seo agus chun na naisc a neartú a thuilleadh sna blianta amach romhainn.”

Tá NWTEC agus NWSGP tiomanta d’fhorbairt bhreise a dhéanamh ar phróifíl an Iarthuaiscirt mar áit tharraingteach le hobair, le cónaí a bheith ort, le staidéar a dhéanamh agus le hinfheistiú inti, agus chun tacú le fiontair nua inbhuanaithe arbh fhéidir fostaíocht ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Four people sitting at a table and two people standing on either side.
Clr Patricia Logue, Méara, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin; Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall; Professor Paul Bartholomew, Leas-Seansailéir, Ollscoil Uladh; Dr Orla Flynn, Uachtarán, Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh; Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt; Clr Martin Harley, Méara, Comhairle Contae Dhún na nGall.