An Clr Donal Coyle Tofa mar Chathaoirleach ETB Dhún na nGall

Three people standing side by side.
Image of person wearing a Chain of Office.
Cathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Donal Coyle

Toghadh an Clr Donal Coyle mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall ar maidin inniu. Toghadh Clr Rena Donaghey mar Leaschathaoirleach.

Tá siad ag teacht in ionad an Chathaoirligh, an Clr Michael McBride, agus an Leaschathaoirligh, an Patsy McVicar, atá ag dul as oifig.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), tá cúig déag de na seacht n-iar-bhunscoil agus fiche i gCo. Dhún na nGall faoin phátrúnacht ETB Dhún na nGall agus is comhphátrún/iontaobhaí é d’ocht Scoil Phobail agus Chuimsitheacha eile.

Ina theannta sin, cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ag a ionad i nGartán, mar aon le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair ógra.

Agus é ag caint faoi bheith tofa mar Chathaoirleach, dúirt an Clr Donal Coyle,“Is mór an onóir dom a bheith tofa mar Chathaoirleach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall inniu. Ag teacht ó cheantar tuaithe, is deis iontach é atá tagtha chugam agus is iontach an rud é gur chuir tú muinín ionam. Tá ról ollmhór ag ETB Dhún na nGall, ní amháin sa tsochaí ach in earnáil an oideachais ar fad sa chontae agus san eacnamaíocht chomh maith. Tá an t-ádh linn go bhfuil foireann riaracháin iontach againn faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh Anne McHugh agus a foireann; tá foireann teagaisc agus choimhdeach na scoileanna agus an dul chun cinn mór atá déanta le blianta beaga anuas sa tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ar fheabhas. Táim ag súil le dul chun cinn a fheiceáil i mbliana ar an bhfoirgneamh scoile nua do Choláiste Earagail agus ar champas na dtrí scoil i mBun Cranncha agus táim ag tnúth leis an dúshlán agus le bliain rathúil mar Chathaoirleach.”

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dhá ionadaí déag tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, dhá ionadaí ó thionscail áitiúla agus trí ionadaí ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi leith acu san oideachas agus san oiliúint.

I measc na n-ionadaithe tofa eile tá an Clr Michael McBride, Clr Barry Sweeny, Clr Martin Harley, Clr Albert Doherty, an Clr Gary Doherty, an Clr John O Donnell, an Clr Martin Farren, an Clr Noreen McGarvey, an Clr Terry Crossan agus an Clr John Shéamais Ó Fearraigh.

Déanann Joanne Donaghy agus Barry Molloy ionadaíocht don fhoireann fad is go ndéanann Geoffrey Browne agus Lorraine Doherty ionadaíocht do thuismitheoirí.

Three people standing side by side.
Cathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Donal Coyle (ar chlé) agus Leaschathaoirleach úrthofa, Clr Rena Donaghy (ar dheis) leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh (ionad).

Is iad an cúigear ionadaithe eile ná: Lorraine Thompson (Seirbhís d’Ógra Dhún na nGall) ag déanamh ionadaíochta d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar ag déanamh ionadaíochta don Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD), Regina Grant ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm na hÉireann um Míchumas agus ionadaithe ó thionscail áitiúla: Dr Conor McTiernan (léachtóir, OTA) ag déanamh ionadaíochta d’Institiúid Aíochta na hÉireann agus an tUasal Gerard Grant (Seirbhísí Comhairleoireachta Tata/Tata Consultancy Services) ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC).

Agus í ag caint faoi na ceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Ba mhaith liom tréaslú leis an Clr Donal Coyle agus le Clr Rena Donaghey as a bheith tofa mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall. Agus muid ag dul isteach sa tríú bliain dár Ráiteas Straitéise tá mé ag súil go mór le hoibriú lenár gCathaoirleach úr agus lenár Leaschathaoirleach úr agus muid ag iarraidh ár spriocanna agus ár gcuspóirí a bhaint amach, rud a dhéanfaidh difear dearfach dár bpobail i nDún na nGall.”

Chuir an Príomhfheidhmeannach fáilte fosta roimh bheirt chomhaltaí nua ar an Bhord – an Dr Conor McTiernan, a bhí molta ag Institiúid Aíochta na hÉireann chun ionadaíocht a dhéanamh ar an earnáil fáilteachais (léachtóir, OTA) agus an Clr Terry Crossan a théann in áit an Clr Noel Jordan atá éirithe as.

Image of three people.
Cathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Donal Coyle, Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh agus Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, atá ag dul as oifig, an Clr Michael McBride.

 

Creidmheas íomhá: Ciaran Cunningham