Tuairisc bháis – An Clr Noreen McGarvey

Image of person.

Image of person.

Is cúis mhór bhróin dúinn a fhógairt go bhfuil ár gcomhghleacaí, an Comhairleoir Noreen McGarvey, imithe ar shlí na fírinne. Ba bhall de Bhord ETB Dhún na nGall í agus ba bhall de Bhord Bainistíochta Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór í ó toghadh í ar Chomhairle Contae Dhún na nGall in 2019. Ba le díograis agus le tiomantas a chuir Noreen lenár bhfís d’oideachas agus d’oiliúint ar fud an chontae. Is mór an chailliúint í dá comhghleacaithe ETB, dá comhghleacaithe sa Pháirtí, do Chomhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cheantar Bardasach na nGleanntach agus déanann muid comhbhrón ó chroí leo.

Tá muid ag smaoineamh ar a hiníon ghrámhar, Amy, ar thuismitheoirí Noreen agus ar chlann McGarvey ag an am brónach seo.

Suaimhneas síoraí do Noreen.

Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.

Anne McHugh Príomhfheidhmeannach agus an Clr Donal Coyle, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall

Socruithe rip.ie