Leas-Phríomhoide Nua ceaptha ar Choláiste na Maoile Ruaidhe, Baile na nGallóglach

Image of two people standing side by side.
Image of person.
Leas-Phríomhoide nua-cheaptha Choláiste na Maoile Ruaidhe David McHale.

D’fhógair ETB Dhún na nGall go bhfuil an tUasal David McHale ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Choláiste na Maoile Ruaidhe. Tá sé ag teacht in ionad an Uasail Seán McFadden a bhfuil post an Phríomhoide i gColáiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir glactha aige.

Beidh David mar bhall den fhoireann bhainistíochta atá ann cheana .i. an Príomhoide Fiona Temple agus an Leas-Phríomhoide Amanda Quinn. Tá siad i gceannas anois ar fhoireann ar a bhfuil beagnach ochtó duine sa scoil i mBaile na nGallóglach a bhfuil breis is sé chéad mac léinn ag freastal uirthi.

As Leitir Ceanainn ó dhúchas, d’fhreastail David ar Scoil Colmcille agus Coláiste Adhamhnáin sular chuir sé Baitsiléir Ealaíon i nDaonnachtaí i gColáiste Phádraig (DCU) i gcrích, agus Dioplóma Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ina dhiaidh sin. Tá máistreacht i bhFoghlaim agus Teagaisc aige ó OTA Dhún na nGall.

Mhúin David Béarla, Tíreolaíocht agus Códú i gColáiste an Earagail i Leitir Ceanainn ar feadh naoi mbliana, agus chomh maith leis sin, bhí post an Phríomhoide Chúnta aige agus freagracht air as Foghlaim Dhigiteach, Rollú agus na Meáin Shóisialta. Ansin, ceapadh é ina Leas-Phríomhoide ar Choláiste Inbhir i gCarraig Mhachaire Rois in 2023 sular fhill sé ar Dhún na nGall i mbliana.

Ag labhairt dó faoina cheapachán, dúirt David: “Tá lúcháir orm gur ceapadh mé mar Leas-Phríomhoide ar Choláiste na Maoile Ruaidhe agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair go dlúth leis an fhoireann thiomanta agus na mic léinn dhíograiseacha, in éineacht leis an phobal scoile trí chéile. Tuigim cé chomh lárnach is atá Coláiste na Maoile Ruaidhe don phobal áitiúil agus tá súil agam na naisc seo a choinneáil agus cur leis na caidrimh thréana atá ann idir an scoil agus an ceantar máguaird. Táim ag tnúth go mór le conairí agus deiseanna oideachais Choláiste na Maoile Ruaidhe a chur chun cinn agus ag an am céanna cur leis an obair a bhí ar siúl ag an iar-Leas-Phríomhoide, an tUasal Seán McFadden.”

Image of two people standing side by side.
Leas-Phríomhoide nua-cheaptha Choláiste na Maoile Ruaidhe David McHale le Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley.

Agus é ag déanamh comhghairdeas le David faoina cheapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall an Dr Martin Gormley, “Tá áthas orm gur fhill David ar ETB Dhún na nGall mar Phríomhoide i ndiaidh dó seal gairid a chaitheamh i ról den chineál céanna i gColáiste Inbhir, Carraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin. Tabharfaidh a thiomantas don bharrfheabhas agus do chur chun cinn timpeallachta teagaisc agus foghlama dearfaí Coláiste na Maoile Ruaidhe i dtreo dea-ratha agus nuálaíochta. Tá a fhios agam go gcuirfidh David, in éineacht le Caroline Doherty, Príomhoide, agus Amanda Quinn, an Leas-Phríomhoide eile, agus foireann na scoile go mór leis an dul chun cinn atá ar siúl ag an scoil faoi láthair agus a bheidh ar siúl aici amach anseo.”

Tá Coláiste na Maoile Ruaidhe ar cheann de cúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, agus is páirtí iontaobhaí í freisin ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha eile sa chontae. D’fhreastail níos mó ná 5600 mac léinn ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall in 2023.

Chuir David tús lena cheapachán an mhí seo.