Gradam Réalta Spóirt Dhún na nGall 2023 don Mhúinteoir Spóirt is Fearr, bainte ag Múinteoir Corpoideachais ETB Dhún na nGall

Image of two people, male and female, one presenting an award to another (feature image).
Two people, a male and female, with one presenting an award to the other.
Sa phictiúr tá Michelle McDaid, múinteoir ó Choláiste Cranncha, ag fáil an ghradaim don Mhúinteoir Spóirt Meánscoile ón Aoi Speisialta Jim McGuinness, ag Gradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall 2023.

Bhain Michelle McDaid, múinteoir Corpoideachais de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, Gradam Réalta Spóirt Dhún na nGall 2023 don Mhúinteoir Spóirt is Fearr (Meánscoil) ag bronnadh na ngradam Dé hAoine seo caite, an 24 Eanáir.

Is múinteoir í Michelle i gColáiste Cranncha (Bun Cranncha), agus fuair sí a gradam ó Bhainisteoir Fhoireann Peile Sinsearach CLG Dhún na nGall Jim McGuinness, iardhalta Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall.

Ba é Oisin Orr, iardhalta de chuid Choláiste na Maoile Rua buaiteoir iomlán Ghradam Réalta Spóirt Dhún na nGall 2023. Seo an dara huair a bhain Oisin, marcach cumasach, an gradam seo.

Ainmníodh roinnt daltaí reatha agus iardhaltaí ETB Dhún na nGall eile i réimse catagóirí ó scoileanna ETB ar Oileán Árainn Mhór (Gairmscoil Mhic Diarmada), i mBun Cranncha (Coláiste Cranncha), i mBaile Dhún na nGall (Gairmscoil na Mainistreach) agus i mBaile na nGallóglach (Coláiste na Maoile Rua).

Ba mhaith le ETB Dhún na nGall comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí agus leis na hainmnithe ar fad.

Creidiúint íomhá: Joe Boland, North West Newspix