Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall 2024 ar siúl ó 28-29 Feabhra i Leitir Ceanainn

Event asset in Irish.

Reáchtálfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ó 28-29 Feabhra in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn, ag díriú ar a réimse leathan roghanna breisoideachais agus oiliúna ar fud an chontae.

Ar an Chéadaoin an 28 Feabhra, ó 7.00-9.00pm, beidh an tAonach FET dírithe ar lucht fágála scoile agus a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, treoirchomhairleoirí scoile agus Príomhoidí. Beidh daoine a bheas ag freastal ar an Aonach in ann cloisteáil ó fhoireann FET ETB Dhún na nGall, faoin réimse leathan roghanna FET (cosúil le cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna), cúrsaí oiliúna i sainscileanna, céimeanna tríú leibhéal agus cúrsaí oiliúna) agus printíseachtaí le linn plé painéil, a thosóidh ag 7.00pm. Agus líon na bhfágálaithe scoile ag roghnú FET mar chéad rogha ag méadú go seasta, míneoidh an fhoireann go díreach, na buntáistí a bhaineann le FET agus freagróidh siad ceisteanna.

Agus é ag labhairt faoin seisiún tráthnóna an 28 Feabhra, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá sé tábhachtach go smaoineoidh mic léinn agus tuismitheoirí ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) mar chonair fhéideartha chun cinn. Tá ardmheas ag fostóirí ar chéimithe ó phrintíseachtaí, ó chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna), ó chéimeanna triú leibhéal agus ó chúrsaí FET eile. I gcroílár ár soláthar FET tá cuid mhór deiseanna foghlama gníomhacha.”

Tá seisiún oíche Chéadaoine dírithe fosta orthu siúd atá ag obair faoi láthair agus atá ag iarraidh uasoiliúint a fháil. Bhéarfaidh plé painéil eolas ar dheiseanna oiliúna páirtaimseartha saor in aisce nó fóirdheonaithe ó Leibhéil 4-6 nó maidir le hoibrithe ar scileanna ísle nach mbeadh an mhuinín acu glacadh le hathrú san ionad oibre, gan a bheith rannpháirtíocht in oiliúint. Déanfar plé fosta ar Dheiseanna d’Aitheantas Réamhfhoghlama.

Ar an Déardaoin an 29 Feabhra, ó 10.00am-2.00pm, beidh an tAonach oscailte do gach duine ar mhaith leo eolas a fháil ar an réimse leathan deiseanna oideachais agus oiliúna lánaimseartha agus páirtaimseartha a chuireann seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fáil. Beidh teagascóirí agus comhairleoirí ar fáil le labhairt ar an réimse cuimsitheach deiseanna atá ar fáil ag an ETB, a bhfuil cáilíochtaí ag baint leo, lena n-áirítear QQI, City & Guilds agus teastasú dírithe ar thionscal ar leith a ligeann do mhic léinn a gcéad chéim eile a roghnú. Is féidir leo siúd a fhreastalaíonn amharc ar thaispeántais scileanna idirghníomhacha agus labhairt le mic léinn reatha le fáil amach go pearsanta cad é mar atá sé le tabhairt faoi chúrsa FET de chuid ETB Dhún na nGall.

Dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Cuireann ár seirbhís réimse cuimsitheach deiseanna ar fáil a bhfuil cáilíochtaí ag baint leo lena n-áirítear QQI, City & Guilds agus teastasú dírithe ar thionscal ar leith a ligeann do mhic léinn a gcéad chéim eile a roghnú. Ba cheart do dhaoine am a chaitheamh ar an 28 agus an 29 Feabhra le fáil amach cad é mar is féidir leis an tSeirbhís FET cuidiú leo dul níos faide maidir lena gcuid scileanna a fhorbairt tríd an réimse leathan roghanna seo atá ar fáil go háitiúil.”

Anuraidh, ghlac corr a bheith 14,500 mac léinn páirt i gcúrsaí FET le hETB Dhún na nGall i níos mó ná 100 ionad ar fud an chontae, ag baint leasa as deiseanna chun athoiliúint a fháil, uasoiliúint a fháil, taithí oibre ar an láthair oibre a fháil agus dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas. Mar sin cén fáth nach dtagann tú chuig Aonach FET na bliana seo ar an 28 agus an 29 Feabhra chun tuilleadh eolais a fháil?

Coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta ETB Dhún na nGall (Facebook, X/Twitter, Instagram agus LinkedIn) leis an eolas is déanaí agus níos mó sonraí a fháil nó gabh i dteagmháil leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais do Dhaoine Fásta ar 074 91 78088 nó seol ríomhphost chuig adultguidance@donegaletb.ie.

Image of text of event name and timetable.