Baineann Coláiste Cranncha Fóram Díospóireachta Tionscnaimh Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of students with a staff member holding a trophy.
Group of students with a staff member holding a trophy.
An Stiúrthóir Scoileanna, an Dr Martin Gormley, ag bronnadh Chorn Fhóram Díospóireachta ETB Dhún na nGall ar Choláiste Cranncha.

Bhain Coláiste Cranncha i mBun Cranncha Corn tionscnaimh Fhóram Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), agus bhain Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth an Comórtas Pláta.

Bhí an chéad ócáid díospóireachta do scoileanna ETB Dhún na nGall ar siúl in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn Déardaoin, an 12 Márta.

Bhí coimhlint fhada ghéar idir ocht scoil sna babhtaí ceathrú ceannais tosaigh. Chuaigh na ceithre fhoireann rathúla sna babhtaí ceathrú ceannais isteach sa Chomórtas Coirn agus chuaigh na ceithre fhoireann nár éirigh leo isteach sa Chomórtas Pláta. Ba iad seo a leanas na hocht scoil sa bhabhta ceathrú ceannais: Coláiste Cranncha i mBun Cranncha, Coláiste an Eargail i Leitir Ceanainn, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Pobail Bhun an Phobail, Coláiste Magh Éne i mBun Dobhráin, Coláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach agus Gairmscoil Chaitríona sna Cealla Beaga.

Rinne beagnach caoga dalta díospóireacht ar son agus in éadan raon rún a léirigh na cúig luach a bhaineann le scoil ETB: sármhaitheas san oideachas, cúram, comhionannas, pobal agus meas. I measc na rún bhí:

  1. Sármhaitheas san Oideachas: Ba chóir go ndíreodh oideachas ardchaighdeánach i gcónaí ar an mhatamaitic agus ar an eolaíocht chan ar na healaíona.
  2. Cúram: Tá sé mímhorálta do dhaoine peataí a bheith acu.
  3. Comhionannas: Ba cheart an aois vótála a ísliú go 16 le cinntiú go mbíonn cead cainte ag daoine óga sa phróiseas daonlathach.
  4. Pobal: Tá cumarsáid dhaonna feabhsaithe ag na meáin shóisialta.
  5. Meas: Ba cheart go mbeadh an gnás feistis i scoileanna solúbtha agus cuimsitheach chun meas a léiriú ar nochtadh aitheantais aonair, a fhad is nach gcuireann sé isteach ar an timpeallacht foghlama.
Group of students with a staff member holding a plate.
An Stiúrthóir Scoileanna, an Dr Martin Gormley, ag bronnadh Phláta Fhóram Díospóireachta ETB Dhún na nGall ar Choláiste na Daoile.

Is ó Jonathan Sellick, múinteoir Béarla Choláiste an Earagail, a tháinig an smaoineamh don chomórtas tionscnaimh seo do scoileanna ETB Dhún na nGall. Dúirt Jonathan faoin chomórtas: “Is gné ríthábhachtach den tsochaí nua-aimseartha í an díospóireacht, agus tá sé ar dóigh deis a thabhairt do na daltaí a gcuid buanna a thaispeáint ar bhealach foirmiúil mar seo. Tá an caighdeán atá le feiceáil thar a bheith ard, agus tá ardmholadh tuillte ag na daltaí.”

Bhí an comórtas ar siúl le linn Sheachtain Náisiúnta ETB, a rinne ceiliúradh ar shé Bhord Oideachais agus Oiliúna déag na hÉireann agus ar na seirbhísí oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn a gcuid scoileanna, coláistí agus ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) do dhaltaí bunscoile, iar-bhunscoile agus FET ar fud na hÉireann.

Thug Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley faoi deara, gur “Eispéireas iontach a bhí ann dár gcuid daltaí ar fad a bhí oilte agus ullmhaithe go maith do na díospóireachtaí ag a gcuid múinteoirí. Bhí lúcháir orainn fáilte ar ais a chur roimh chuid dár bhfoireann atá ar scor, a rinne, le baill foirne eile an ETB, Cathaoirleacht agus Moltóireacht i rith an lae. Bhí daltaí ar gach ceann de na painéil mholtóireachta fosta, rud a chuidigh le guth an dalta a chur chun cinn.”

Bainistíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cúig cinn déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach eile sa chontae. D’fhreastail beagnach 6,000 dalta ar scoileanna ETB Dhún na nGall sa bhliain acadúil seo caite.

year.

Is féidir tuilleadh grianghraf den imeacht a fheiceáil ar leathanach Facebook Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (https://bit.ly/49KSAs6).

Group of people in front of a banner.
Moltóirí, Cathaoirligh agus eagraithe Fhóram Díospóireachta ETB Dhún na nGall.