Seoladh Mol Oiliúna Conair Fostaíochta Digiteach an Iarthuaiscirt (NW DEPTH)

Group of people standing side by side in front of a banner.
Five people standing side by side.
Paul Hannigan, Leas-Uachtarán um Rannpháirtíocht Trasteorann agus Ceannaire Choláiste OTA Dhún na nGall, Claire Aldridge, Ceannaire Scileanna, Straitéise agus Beartais, Roinn an Gheilleagair (TÉ), an tAire Stáit Marian Harkin, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (PÉ), an Dr Orla Flynn, Uachtarán OTA agus Paul Beattie, Stiúrthóir Bainistíochta an Údaráis, SEUPB.

Reáchtáladh seoladh oifigiúil thionscnamh NW DEPTH ar champas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) i Leitir Ceanainn inniu (29 Aibreán).

Is í Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Uladh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall a stiúrfaidh an tionscadal seo. Tá tacaíocht ann don tionscadal seo ón Chlár PEACEPLUS, atá bainistithe ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE) trína gcomhoibriú straitéiseach seanbhunaithe, Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI).

Beidh NW DEPTH ar siúl ar feadh ceithre bliana, leis an chéad chohórt d’fhoghlaimeoirí le hearcú i mí Mheán Fómhair 2025, agus beidh infheistíocht de bheagnach €10 milliún i scileanna digiteacha i réigiún an Iarthuaiscirt mar thoradh air. Cuirfear réimse nuálach de chúrsaí uasoiliúna agus athoiliúna i scileanna digiteacha agus cibearshlándála ar fáil do níos mó ná 2,000 duine.

Is é an cuspóir foriomlán atá ag NW DEPTH ná creat scileanna digiteacha atá dírithe ar fhoghlaimeoirí a fhorbairt a spreagann daoine chun dul ar aghaidh ar chonairí foghlama atá solúbtha ach struchtúrtha. Tacóidh an creat seo le rannpháirtithe dul ar aghaidh tríd an chreat cáilíochta ábhartha, ag cuidiú leo maidir lena róil i lucht oibre digiteach an Iarthuaiscirt a fháil ar ais, a choinneáil nó dul chun cinn a dhéanamh ina leith. Ina theannta sin, forbrófar straitéis dhigiteach chun cur le pleananna móra infheistíochta eile, mar shampla an Margadh Dhoire agus Chathair an tSratha Bána, ag cinntiú go mbeidh éiceachóras digiteach bríomhar de thábhacht idirnáisiúnta ann amach anseo.

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD: “Is é seo an chéad uair a rinne an EU PEACEPLUS leithdháileadh substaintiúil chun tabhairt faoi scileanna ar bhonn trasteorann. I ndiaidh na cuairte a thuga mé ar Thuaisceart Éireann ar na mallaibh, ba léir go bhfuil fonn comhoibrithe ollmhór ar institiúidí, ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá sé ríthábhachtach leas a bhaint as an saineolas agus na hacmhainní comhchoiteanna i réimsí príomhscileanna, digiteach san áireamh, chun go mbeidh daoine in ann freagairt d’éilimh athoiliúna agus uasoiliúna.”

Agus í ag labhairt leo siúd a bhí i láthair ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit Marian Harkin TD: “Bhí mé iontach eolach i gcónaí ar chomhthéacs uathúil eacnamaíoch agus sóisialta an Iarthuaiscirt, go háirithe de réir mar a d’athraigh nádúr na fostaíochta agus na tionsclaíochta. Tá dea-chlú anois ar an Iarthuaisceart i dtionscal atá faoi thionchar na teicneolaíochta, lena n-áirítear teicneolaíocht an airgeadais. Tógann an mol tionscadail seo ar an chlú sin, ach níos tábhachtaí ná sin, tá sé beartaithe chun cinntiú go bhfuil scileanna ag daoine atá ina gcónaí san Iarthuaisceart chun poist a fháil sna tionscail seo. Neartóidh sé seo cothromaíocht réigiúnach fosta.”

Dúirt an tAire Geilleagair an Dr Caoimhe Archibald: “Mar gheall ar an tionscadal NW DEPTH beidh níos mó ná 2,000 duine in ann oiliúint spriocdhírithe digiteach agus cibearshlándála a fháil laistigh de phríomhcheantar réigiúnach an Iarthuaiscirt. Trí chomhoibriú a chothú idir lucht na hacadúlachta agus an tionscal, agus trí dhíriú ar an earnáil straitéiseach thábhachtach seo, beidh ról ríthábhachtach ag tionscadal NW DEPTH maidir le bearnaí scileanna a laghdú agus cothromaíocht réigiúnach a chur chun cinn.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach FCSAE Gina McIntyre: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach i seoladh thionscadal NW DEPTH.

“Tabharfaidh an Limistéar Infheistíochta um Fhorbairt Scileanna Réigiúnacha Bunaithe ar Limistéar de chlár PEACEPLUS aghaidh ar bhearnaí scileanna, rud a fhágfaidh go mbeidh táirgiúlacht agus fostaíocht mhéadaithe agus leibhéil níos airde de shoghluaisteacht saothair trasteorann ann.

Tá forbairt gheilleagrach i réigiúin iar-choimhlinte ríthábhachtach mar thaca don tsíocháin. Tá infheistíocht sa gheilleagar, tacaíocht a thabhairt d’FBManna, taighde, agus nuálaíocht i réimsí sainiúla riachtanas i measc na bpríomhréimsí fócais don téama seo de chlár PEACEPLUS.

“Tá níos mó i gceist leis an tionscadal NW DEPTH ná infheistíocht san oideachas — is infheistíocht é i síocháin agus rathúnas fadtéarmach ár bpobal. Trí dhíriú ar oiliúint chuimsitheach, comhoibriú trasteorann, agus cumhachtú réigiúnach, tá NW DEPTH ag cuidiú le sochaí a chruthú ina bhfuil daoine, ní hamháin níos sciliúla, ach níos nasctha — le deiseanna, lena chéile, agus le todhchaí roinnte.”

Tá PEACEPLUS á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE) agus is ionann é agus comhpháirtíocht maoinithe idir an tAontas Eorpach, Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Rialtas na hÉireann, agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Aithníonn comhpháirtithe BOTI an tacaíocht láidir a léiríonn an infheistíocht seo don Iarthuaisceart, chomh maith leis an fhreagracht a thugann sé do BOTI acmhainneacht chlaochlaitheach an tionscadail a sheachadadh.

Léiríonn fócas an tionscadail ar scileanna digiteacha, atá ríthábhachtach d’fhorbairt an réigiúin seo, cur chuige atá dírithe ar an réigiún. Trí chláir a shaincheapadh chun freastal ar shainriachtanais uasoiliúna agus athoiliúna na ndaoine aonair agus na bhfiontar araon, léiríonn an tionscnamh tiomantas chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais éagsúla oideachais Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt. Ardaíonn an cur chuige seo aird ar thábhacht scileanna digiteacha agus cibearshlándála d’fhás eacnamaíoch an réigiúin sa todhchaí. Ina theannta sin, cinntíonn an straitéis seo atá dírithe ar an réigiún go bhfuil na tairiscintí oideachais agus oiliúna ábhartha, inrochtana agus go bhfuil tionchar acu, ag cur rannpháirtíocht níos mó ó pháirtithe leasmhara ar fud an réigiúin trasteorann seo chun cinn.

Trí chur le líonraí agus naisc bhunaithe na n-institiúidí comhpháirtíochta – a bhfuil naisc láidre acu le pobail, fiontair agus lucht déanta beartas áitiúla – beifear in ann comhoibriú agus for-rochtain éifeachtach a dhéanamh. Éascóidh sé seo glacadh le cláir litearthachta digití ag grúpaí pobail agus glacadh le hoiliúint scileanna spriocdhírithe do dhaoine aonair i bhfostaíocht atá ag iarraidh uasoiliúint nó athoiliúint i réimsí digiteacha agus cibearshlándála, ag cinntiú go leathnaíonn tionchar an tionscadail ar fud an réigiúin ar fad.

Group of people standing side by side in front of a banner.
Lena n-áirítear comhpháirtithe Braisle Oideachais Treasaigh an Iarthuaiscirt (NWTEC) leis an Aire Stáit Marian Harkin TD.

Mar chuid den imeacht seolta bhí plé painéil mhealltach arna modhnaithe ag an Uasal Paul Hannigan Leas-Uachtarán OTA um Rannpháirtíocht Trasteorann. I measc na bpainéalaithe bhí an Dr Orla Flynn, Uachtarán OTA; an tOllamh Malachy O’ Neill, Stiúrthóir um Rannpháirtíocht Réigiúnach, an tUasal Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt; agus an tUasal Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.