Corn Fhóram Díospóireachta Sóisearach ETB Dhún na nGall 2025 buaite ag Coláiste na Maoile Ruaidhe

Group of students and adults holding a cup and arms in the air.
Group of students and adults holding a cup and arms in the air.
Buaiteoirí Chomórtas Chorn Fhóram Díospóireachta Sóisearach ETB Dhún na nGall, Coláiste na Maoile Ruaidhe, Baile na nGallóglach le Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna agus múinteoir. 

Tá Corn Fhóram Díospóireachta Sóisearach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall 2025 buaite ag Coláiste na Maoile Ruaidhe i mBaile na nGallóglach.

Bhain Coláiste Mhagh Éne i mBun Dobhráin an duais i gcomórtas an Phláta Shóisearaigh, agus bhuaigh Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir comórtas sóisearach an Bhabhla Róis.

Group of students and staff holding a plate.
Fóram Díospóireachta Sóisearaí ETB Dhún na nGall Buaiteoirí Chomórtas an Phláta, Coláiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, agus múinteoir Glyn Garvin. 

Sa dara háit in imeacht Fhóram Díospóireachta na Sóisear bhí Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn, i gcomórtas an Choirn, Coláiste Deele, Ráth Bhoth, i gcomórtas an Phláta, agus Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, i gcomórtas an Bhabhla Róis.

Bronnadh Corn an Phríomhfheidhmeannaigh ar an díospóir is mó a tháinig chun suntais ar an lá, ba í sin Etain Devenney ó Choláiste Pobail Bhun an Phobail.

Ag an imeacht díospóireachta do dhaltaí sóisearacha ETB Dhún na nGall Dé Máirt, 11 Samhain seo caite, bhí foirne ó dhá scoil déag i mbun iomaíochta sna babhtaí ceathrú ceannais tosaigh. Ba iad sin Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, Coláiste na Carraige, Coláiste Phobail Cholmcille ar Oileán Thoraí, Coláiste Cranncha i mBun Cranncha, Coláiste Ailigh agus Coláiste an Eargail i Leitir Ceanainn, Coláiste Deele i Ráth Bhoth, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Coláiste Mhagh Éne i mBun Dobhráin, Coláiste Pobail Bhun an Phobail, Coláiste na Maoile Ruaidhe i mBaile na nGallóglach, agus Gairmscoil Naomh Caitríona sna Cealla Beaga.

Group of students and adults holding a bowl.
Fóram Díospóireachta Sóisearaí ETB Dhún na nGall Buaiteoirí Chomórtas an Bhabhla Róis, Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh agus múinteoirí. 

Bhí os cionn seachtó dalta i mbun díospóireachta ar son agus i gcoinne réimse rún a léiríonn cúig luach éitis de chuid scoil: sármhaitheas san oideachas, cúram, comhionannas, pobal, agus meas. I measc na rún bhí:

  1. Sármhaitheas san Oideachas: Bhainfeadh gach dalta tairbhe as seachtain acadúil ceithre lá.
  2. Cúram: Is tábhachtaí aire a thabhairt duit féin ar dtús sula dtugann tú aire do dhaoine eile.
  3. Comhionannas: Ba cheart leithghabháil chultúrtha a cheiliúradh, ní a dhíspreagadh.
  4. Pobal: Ba chóir an aois vótála a ísliú go 16 chun a chinntiú go mbeidh an ceart comhionann ag daoine óga sa phróiseas daonlathach / Mar gheall ar na meáin shóisialta tá feabhas tagtha ar chumarsáid an duine.
  5. Meas: Tá an fhreagracht chomhionann ar dhaoine aonair a bhíonn mar fhinné ar bhulaíocht agus nach ndéanann aon idirghabháil ann agus atá ar na bulaithe.

ETBanna Dhún na nGall Comhordaitheoir maidir le hÉiteas, Eamonn Ryan thug sé dá aire, “Le Fóram Díospóireachta Sóisearach ETB Dhún na nGall tugtar deis uathúil do scoláirí ETB ar fud an chontae teacht le chéile agus díospóireacht mheasúil a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hábhar imní náisiúnta agus áitiúil trí lionsa ár gCroíluachanna. Bhí caighdeán na ndíospóireachtaí a bhí ag na daltaí dara bliana seo thar barr.”=

“Ardú croí é ár ndéagóirí a fheiceáil ag smaoineamh go criticiúil agus á gcur féin in iúl go muiníneach agus go measúil ar shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh,” ar seisean.

Students and three adults holding a cup.
Fóram Díospóireachta Sóisearaí ETB Dhún na nGall Buaiteoir Chorn Phríomhfheidhmeannach an Fhóraim don díospóir is mó a tháinig chun suntais ar an lá, Etain Devenney ó Choláiste Pobail Bhun an Phobail, le Comhordaitheoir Éitis ETB Dhún na nGall Eamonn Ryan, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh agus Stiúrthóir Scoileanna an Dr Martin Gormley.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, ar seisean, “Is eispéireas iontach é ár n-imeacht, an Fóram Díospóireachta Sóisearaí dár ndaltaí go léir agus bhí na daoine a ghlac páirt in imeacht an lae inniu cóitseáilte agus ullmhaithe go maith do na díospóireachtaí ag a gcuid múinteoirí. Bhí lúchair orainn fáilte a chur ar ais roimh bhaill dár bhfoireann atá ar scor, mar aon le baill foirne eile ETB, a chuidigh chun bheith ina gCathaoirligh agus chun Breithniúnas a dhéanamh i rith an lae. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a dtacaíocht inniu agus chomh maith leis sin ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis nadaltaí breise ar gach ceann de na panéil mholtóireachta a chinntigh rannpháirtíocht ghuth na ndaltaí.”

Leis an imeacht seo do dhaltaí sóisearacha ETB Dhún na nGall comhlánaítear Fóram Díospóireachta Sinsearaí ETB, a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta gach bliain.

Bainistíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cúig cinn déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach eile sa chontae. D’fhreastail breis agus 6,000 dalta ar scoileanna ETB Dhún na nGall sa bhliain acadúil seo caite.