Craoladh ‘Seisiúin Oíche Luain’ de chuid Highland Radio ó Choláiste an Eargail

Student playing guitar and Highland Radio microphone.
Student playing guitar and Highland Radio microphone.
Adrian Relek Doherty, dalta ó Choláiste an Eargail, ag seinm ar ‘Seisiúin Oíche Luain’ de chuid Highland Radio.

Bhí Seomra Ceoil Choláiste an Eargail bríomhar Dé Luain, an 20 Deireadh Fómhair, agus chuir na daltaí a mbuanna cruthaitheacha ceoil i láthair le linn craoladh beo de ‘Seisiúin Oíche Luain’ de chuid Highland Radio le Paul McDevitt agus Jimmy Stafford.

Ba é sin an chéad uair a craoladh an seó ó scoil.

Léirigh an ócáid bheo an raon iontach cumas ceoil sa scoil, idir stíleanna traidisiúnta agus stíleanna comhaimseartha.

Bhí meascán suntasach taibheoirí thar na Blianta uilig ar an chlár a chuir léirithe den scoth ar fáil do lucht féachana buíoch.: Seán Mac Aodha (an Chéad Bhliain, Píb Uillean), Liza Kozar (an Dara Bliain, Pianó), Kerry Wade (an Chéad Bhliain, Glór), Adrian Relek Doherty (an Séú Bliain, Giotár/Glór), Unami Dube (an Chéad Bhliain, Dordveidhil), Kendra Ponsonby (an Dara Bliain, Glór), Charles Jei Bonnevie (an Cuigiú Bliain, Glór), Grace Collett (an Tríú Bliain, Glór/Giotár), Charlie Roarty (an Tríú Bliain, Pianó/Glór), Cillian Orr and Davin McDonough (an Dara Bliain, na Píoba), Eirinn Harkness Farfan (an Cúigiú Bliain, Glór), Adrian, Josephine and Zach (an Séú Bliain, Glór/Giotár/Dordghiotár), Alis Giacobbe (an Cúigiú Bliain, Glór), agus Cór Choláiste an Eargail, a chuir clabhsúr leis an oíche.

Two people sitting behind microphones, one holding a guitar.
Múinteoir Ceoil Choláiste an Eargail, an tUasal Paddy Molloy, agus an dalta Dara Bliana , Kendra Ponsonby.

Mhol an tUasal Paddy Molloy ón Roinn Ceoil na daltaí as a ndíograis agus a ngairmiúlacht, ag cur síos ar an ócáid mar “cheiliúradh iontach ar thallann, cruthaitheacht agus spiorad pobail na ndaltaí – fíorléiriú ar dhá cheann de phríomhcholúin ár n-éiteas – pobal agus comhionannas.”

Ghabh sé buíochas fosta le tuismitheoirí agus caomhnóirí as a dtacaíocht leanúnach, ag tabhairt dá aire gur léirigh rath an tráthnóna cultúr ceoil rathúil na scoile.

Is féidir an clár iomlán a fheiceáil ar an leathanach Facebook de chuid na Seisiún Oíche Luain anseo.

Is féidir roinnt léirithe aonair de dhaltaí a fheiceáil fosta ar leathanach Facebook an seó anseo:

– Cillian Orr agus Davin McDonough (An Dara Bliain, na Píoba)

– Kendra Ponsonby (An Dara Bliain, Glór), le tionlacan ón mhuinteoir ceoil an tUasal Paddy Molloy

– Errigal College Choir

Large group of people in a classroom
Daltaí agus baill foirne Choláiste an Eargail le Paul McDevitt agus Jimmy Stafford de chuid Highland Radio.