An tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, T.D., ar cuairt chuig Coláiste na Maoile Rua

Group of people standing outside Mulroy College with Minister Hildegarde Naughton.
Group of people standing outside Mulroy College with Minister Hildegarde Naughton.
An tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, T.D., ag tabhairt cuairte ar Choláiste na Maoile Rua.

Thug an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, T.D., cuairt ar Choláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach inniu, Dé hAoine, 22 Bealtaine, áit ar bhuail sí le mic léinn, le baill foirne agus le baill den fhoireann ardbhainistíochta i gColáiste na Maoile Rua chun an géarghá atá le feabhsuithe suntasacha ar fhoirgnimh agus ar áiseanna na scoile a fheiceáil go pearsanta.

Chuir an tUasal Fiona Temple, Príomhoide Choláiste na Maoile Rua, fáilte roimh an chuairt agus dúirt sí: “Is mór an spreagadh dúinn mar phobal scoile fáilte a chur roimh an Aire Naughton go Coláiste na Maoile Rua agus deis a thabhairt di na dúshláin atá romhainn a fheiceáil go pearsanta. Mar scoil, tá muid bródúil as ardchaighdeáin san oideachas a chur ar fáil. Mar sin féin, tá muid go fóill ag feidhmiú i bhfoirgneamh nach bhfuil oiriúnach don fheidhm atá leis a thuilleadh agus tá muid go fóill gann in acmhainní.

Two people looking at a roof, with one pointing.
Príomhoide Choláiste na Maoile Rua, Fiona Temple, ag taispeáint damáiste uisce don Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton.

Tá ár ndíon ag sileadh go laethúil le breis agus dhá scór bliain, tá ár seomraí ranga an-bheag, agus ní chomhlíonann ár n-áiseanna Uathachais ná RSO na ceanglais atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Óige. Tá súil againn go gcuideoidh an chuairt seo le dul chun cinn a dhéanamh ar an tionscadal Cóiríochta Scoile Breise (ASA) a ceadaíodh in 2019 agus go dtabharfaidh sé soiléireacht ar an chinneadh, a rabhthas ag tnúth go mór leis, maidir le hoibreacha móra deisiúcháin nó athsholáthar iomlán ár ndíon.”

Ní hamháin nach bhfuil na coinníollacha seo fóirsteanach do theagasc agus d’fhoghlaim éifeachtach ach léiríonn siad imní shuntasach fosta maidir le sláinte agus sábháilteacht, dínit na mac léinn, agus seachadadh oideachais chuimsithigh, go háirithe do mhic léinn i soláthar Uathachais a bhfuil timpeallachtaí struchtúrtha, intuartha agus deartha go cuí de dhíth orthu.

Fuair an scoil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) cead do Chóiríocht Bhreise Scoile in 2019, ach go dtí seo, tá an dul chun cinn mall. Ba mhaith leis an scoil cinneadh deireanach a fháil maidir le cén obair dheisiúcháin nó ceadú le haghaidh athsholáthar dín atá á dheonú, agus ba mhaith leis an scoil cinneadh deireanach maidir leis na pleananna is féidir a chur chun cinn mar chuid den tógáil ASA. Tá géarghá ag an scoil leis an chóiríocht seo.

Cé gur féidir leis a bheith dúshlánach obair i ndálaí den sórt sin, is grúpa tiomanta gairmithe iad foireann dhíograiseach Choláiste na Maoile Rua, ó mhúinteoirí go Cúntóirí Riachtanas Speisialta, foireann Chlár Críochnaithe Scoile, foireann na bialainne, foireann aireachais agus glantacháin, agus leanann rollú na scoile ag fás.

Group of students talking to a Minister.
An tAire Hildegarde Naughton, TD, ag labhairt le roinnt mac léinn Choláiste na Maoile Rua.

Tá Éiteas ETB de Chúram, Pobal, Meas, Sármhaitheas san Oideachas, agus Comhionannas le feiceáil i ngach idirghníomhaíocht i gColáiste na Maoile Rua go laethúil. Chun leanúint de theagasc agus d’fhoghlaim den chaighdeán is airde a chur ar fáil do phobal na scoile, tá an tUasal Temple agus Bord Bainistíochta Choláiste na Maoile Rua ag iarraidh ar an Roinn Oideachais agus Óige cinntí pras agus gníomh láithreach a dhéanamh. D’aithin an tUasal Temple fosta an tacaíocht mhór ó ETB Dhún na nGall maidir lena gcuid oibre leanúnaí chun an tionscadal seo a chur chun cinn.

Dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna le ETB Dhún na nGall: “Is í an tosaíocht anois ná go ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Óige cinntí soiléire agus tráthúla maidir leis an tionscadal dín agus leis an scéim Cóiríochta Scoile Breise. Tá scoilphobal Choláiste na Maoile Rua ag fanacht go foighneach le blianta fada, agus tá géarghá anois le bogadh go dtí an chéad chéim eile den seachadadh ionas gur féidir áiseanna foghlama sábháilte, ardchaighdeáin agus iomchuí a chur ar fáil do mhic léinn agus d’fhoireann.”

Grou of people sitting around a table
An Clr Liam Blaney, an Dr. Máirtín Ó Gormlaigh (Stiúrthóir na Scoileanna, ETB Dhún na nGall), an Clr Declan Ó Míocháin, an TD Séarlas Mac an Bhaird, an Seanadóir Mánus Ó Baoill, Hildegarde Naughton (Aire Oideachais agus Óige), Fiona Temple (Príomhoide, Coláiste na Maoile Rua), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall), Andy McGovern (An Stiúrthóir um Thacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD), ETB Dhún na nGall) agus Trudy Ó Domhnaill (Cathaoirleach, Bord Bainistíochta).