Comhscríobhann Múinteoir Choláiste Mhagh Éne Téacsleabhar Bitheolaíochta Ardteistiméireachta Nua

Two people standing side by side, one holding a book.
Two people standing side by side, one holding a book.
Múinteoir Bitheolaíochta Choláiste Mhagh Éne, Yvonne Higgins-Vallely, comhúdar an téacsleabhair nua Ardteistiméireachta, Evolution, leis an Phríomhoide Pat Tighe.

Tá ról lárnach ag múinteoir Choláiste Mhagh Éne, Yvonne Higgins-Vallely, i dtaca le forbairt an oideachais eolaíochta ar fud na hÉireann i ndiaidh dá leabhar nua Bitheolaíochta Ardteistiméireachta, Evolution a bheith foilsithe.

Arna fhoilsiú ag Gill Education, tagann an téacsleabhar ag am ríthábhachtach do scoileanna agus múinteoirí agus daltaí ag dul i bhfóirstean do mhórathruithe i sonraíocht athbhreithnithe Bitheolaíochta na hArdteistiméireachta, lena n-áirítear tabhairt isteach Mír Measúnaithe Bhreise ar fiú 40% de scrúdú Ardteistiméireachta dalta é.

Do Yvonne, tugann an tionscadal blianta fada taithí agus dúthrachta san oideachas eolaíochta le chéile. Is iar-chathaoirleach náisiúnta í ar Chumann Múinteoirí Eolaíochta na hÉireann agus bronnadh Gradam Oideachasóra BT uirthi, agus tá níos mó ná fiche bliain caite aici ag teagasc agus ag spreagadh daltaí sa seomra ranga. Chomhscríobh Yvonne agus a comh-mhúinteoir Humphrey Jones, Cathaoirleach náisiúnta reatha Chumann Múinteoirí Eolaíochta na hÉireann, Evolution. Thosaigh an bheirt ag scríobh in 2018, agus críochnaíodh an tionscadal in 2025. Tugann Evolution ábhar eolaíoch nua-aimseartha, uirlisí foghlama praiticiúla atá dírithe ar scrúduithe agus tacaíochtaí digiteacha atá deartha do dhaltaí an lae inniu le chéile.

Léirigh comhghleacaithe agus daltaí i gColáiste Mhagh Éne bród as duine dá gcuid féin a fheiceáil ag cur le téacsleabhar atá in úsáid i seomraí ranga ar fud na hÉireann. Tá a grá féin don eolaíocht múnlaithe ag na múinteoirí eolaíochta inspioráideacha a bhfuil sí ag obair leo i gColáiste Mhagh Éne i mBun Dobhráin, lena n-áirítear an Príomhoide reatha Pat Tighe agus an t-iar-Leas-Phríomhoide Ray McGough, a theagasc eolaíocht araon.

Tá daltaí i gColáiste Mhagh Éne ag baint úsáide as an téacsleabhar sa rang cheana féin, agus tá go leor acu ar bís le bheith ag foghlaim ó ábhar a scríobh a múinteoir féin. B’iontach an sásamh é do Yvonne go háirithe; “Tá sé ar dóigh mo dhaltaí féin a fheiceáil á úsáid, tugann sé sin sásamh ollmhór dom.”

Mhol an Príomhoide Pat Tighe éacht Yvonne, ag cur síos air mar “ábhar suntasach d’oideachas eolaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ábhar mór bróid don phobal scoile ar fad.”

Tá súil ag Yvonne go n-éireoidh le daltaí go hacadúil agus go mbeidh spéis bhuan acu san eolaíocht lasmuigh den seomra ranga spreagtha iontu mar gheall ar Evolution: “Tá súil agam go spreagfaidh sé daltaí chun fíorghrá don eolaíocht a fhorbairt agus b’fhéidir an cosán sin a leanúint ag an tríú leibhéal.”

Agus í ag smaoineamh ar a taithí, spreag Yvonne daoine óga chun gach deis a thagann chucu a thapú. “Ní bhíonn a fhios agat riamh cad iad na deiseanna a thiocfaidh chugat- má thagann deis oideachais chun cinn, glac í.”

Agus Evolution anois i ngach seomra ranga ar fud na tíre, beidh tionchar ag obair Yvonne ar an chéad ghlúin eile de dhaltaí eolaíochta Éireannacha sna blianta amach romhainn.

Tá tuilleadh sonraí faoin leabhar Evolution ar fáil anseo.