Scoil Riachtanas Speisialta Oideachais i Leitir Ceanainn roghnaithe mar an Foirgneamh is Fearr le Muintir na hÉireann i nGradaim Rogha an Phobail RIAI 2026

Part of the outside of a school.

Part of the outside of a school.

Roghnaíodh scoil riachtanas speisialta oideachais shaindeartha i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, arna dearadh ag Ailtirí McGarry Ní Éanaigh, mar an foirgneamh is fearr le muintir na hÉireann mar chuid de Ghradam Rogha an Phobail 2026 de chuid Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI).

Dúirt an RIAI*:

Tá an scoil suite i measc gairdíní céadfacha, cosán agus spásanna áineasa, agus lena praiticiúlacht ollmhór agus a dearadh cuimsitheach, ghabh sí samhlaíocht an phobail agus bhain sí an phríomhdhuais.

Dearadh an scoil do dhaltaí a bhfuil riachtanais chasta acu, a chuir dúshlán ar ailtirí rialacháin, dúshláin shuímh agus eispéiris dhaonna éagsúla a láimhseáil chun soiléireacht a bhaint amach agus réiteach galánta a fhorbairt. Is sampla den scoth i ndearadh cuimsitheach é an tionscadal, a thug baile nua bríomhar, iomasach, do phobal seanbhunaithe foirne agus daltaí idir 3 agus 18 mbliana d’aois. Ag freastal ar dhaltaí a bhfuil míchumais foghlama mheánacha, throma nó dhoimhne orthu, chomh maith le daltaí ar speictream an uathachais, bhí níos mó ná treoirphlean caighdeánach de dhíth leis an tionscadal.

In ionad dul i ngleic leis an topagrafaíocht atá ann cheana féin, cuireann an ailtireacht an talamh i bhfolach go cliste le tírdhreach ildaite, cúramach. Is mar gheall ar thaighde, ar thástáil agus ar chomhairliúchán fairsing atá an dearadh nuálach seo. Is é an toradh ná timpeallacht teagaisc fháilteach, shocair agus dhaonna. Trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin lóistíochtúla, feabhsaíonn na hailtirí saol laethúil na foirne agus na ndaltaí.

Dúirt Uachtarán RIAI, Fionnuala May: “Léiríonn an pobal ag roghnú foirgneamh mar seo luach na hailtireachta i bhfoirgnimh phoiblí, ní hamháin ó thaobh dearaidh de, ach fosta maidir leis an dóigh a dtig le foirgneamh tionchar mór a bheith aige ar shaol laethúil páistí. Is príomhréiteoirí fadhbanna iad ailtirí i ngach cineál bonneagair, cibé acu i dtithíocht, fuinneamh, uisce, iompar nó scoileanna.

“Tá saol daltaí, foirne agus an phobail i gcoitinne athraithe ag an Scoil Riachtanas Speisialta Oideachais nua seo i Leitir Ceanainn, rud a léiríonn cumhacht na hailtireachta chun athrú bríoch agus buan a chruthú. Is sampla láidir é seo den dóigh a mbíonn ailtirí ina gcatalaígh i seachadadh an bhonneagair phoiblí ardchaighdeáin atá de dhíth in Éirinn chun ár n-uaillmhianta sóisialta agus eacnamaíocha a chomhlíonadh sna blianta amach romhainn. Léiríonn an vótáil ar son an fhoirgnimh scoile seo go soiléir an tábhacht a chuireann an pobal ar a chinntiú go bhfuil gach foirgneamh deartha go hálainn agus ina n-áiteanna cuimsitheacha. Ó pheirspictíocht RIAI, neartaíonn sé ár dtuairim fosta go bhfuil dearadh maith tábhachtach do dhaoine agus go bhfeabhsaíonn sé a gcáilíocht beatha.”

De réir mar a leanann ETB Dhún na nGall ag obair i dtreo glacadh le pátrúnacht na scoile i mbliana, dúirt an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh gur “éacht iontach” a bhí sa ghradam do Scoil Little Angels agus d’Ailtirí McGarry Ní Éanaigh.

“Is foirgneamh speisialta é an foirgneamh scoile álainn seo ar go leor bealaí a léiríonn ní hamháin fís na n-ailtirí ach obair chrua an oiread sin daoine díograiseacha,” a dúirt an tUasal McHugh.

“Is iontach an rud é an fhís agus an obair chrua sin a bheith bailíochtaithe le gradam Rogha an Phobail ó Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann.

“Tugann an foirgneamh seo timpeallacht do na daltaí agus don fhoireann ar féidir leo a bheith bródúil aisti. Is lá iontach é seo do phobal na scoile ar fad agus gabhaimid buíochas ó chroí leis an phobal anseo i gCo Dhún na nGall agus ar fud na tíre as aitheantas a thabhairt dó leis an ghradam iontach seo.”

Is féidir agallamh nuachta RTÉ leis an Phríomhoide Ailbhe Dunne a fheiceáil anseo: https://www.rte.ie/news/ireland/2026/0617/1578886-architecture-awards/.

*https://www.riai.ie/whats-on/news/special-educational-needs-school-in-letterkenny-chosen-as-irelands-favourite-building-2026-riai-public-choice-awards