Comhpháirtíocht oideachais an Iarthuaiscirt curtha ar bhonn foirmiúil

Four people standing and to sitting
Four people standing and to sitting
Leas-Seansailéir Ollscoil Uladh, an tOllamh Paul Seawright, Stiúrthóir Curaclaim agus Caighdeán Acadúil Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, an Dr Catherine O’Mullan, Leas-Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh le freagracht as Gnóthaí Trasteorann, Paul Hannigan, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, Méara Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Grace Uí Niallais.

Tá Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt, comhpháirtíocht oideachais idir institiúidí sibhialta agus an earnáil oideachais bhreise agus ardoideachais san Iarthuaisceart, i ndiaidh garsprioc shuntasach a bhaint amach agus é ag cur a thiomantas comhroinnte chun foghlaim ar feadh an tsaoil sa réigiún chun cinn ar bhonn foirmiúil.

Síníodh Meabhrán Tuisceana ag ócáid Dé hAoine 26 Meitheamh 2026 ar Champas Dhoire Ollscoil Uladh, ag tabhairt le chéile comhpháirtithe tábhachtacha i Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt.

Tógann an chomhpháirtíocht ar ainmníocht Chathair Foghlama Dhoire agus an Srath Bán atá ann cheana féin, mar chuid de Líonra Domhanda Cathracha Foghlama (GNLC) UNESCO, agus bunaíonn sí creat soiléir chun rochtain fheabhsaithe ar fhoghlaim, ar fhorbairt scileanna, agus ar thorthaí sóisialta agus eacnamaíocha feabhsaithe ar fud an Iarthuaiscirt.

Leanann an chomhpháirtíocht fhoirmiúil seo athsheoladh rathúil Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt agus Féile Foghlama ar Feadh an tSaoil a tionóladh i mí an Mhárta 2026, ag neartú uaillmhian chomhchoiteann institiúidí ar fud an réigiúin chun cultúr foghlama leanúnaí agus deise a chruthú do gach duine.

Bhí síniú foirmiúil an Mheabhráin Tuisceana mar chuid den ócáid, le hionchur ó chomhpháirtithe agus ó bhunadh na háite, a roinn léargais ar na buntáistí a bhaineann le cur chuige comhoibríoch, uile-réigiúnach i leith foghlama ar feadh an tsaoil.

Dúirt an tOllamh Paul Seawright OBE, Leas-Seansailéir, Ollscoil Uladh: “Tá Ollscoil Uladh tiomanta go mór do ról ceannródaíoch a bheith aici i saol oideachais, cultúrtha agus sóisialta na bpobal ina bhfeidhmímid. Léirítear an tiomantas sin go soiléir i dtionscnamh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt. Inniu, bhí an chéad ócáid thábhachtach eile ar an turas seo againn. Cuireann an turas seo ár dtiomantas comhchoiteann chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn ar fud réigiún an Iarthuaiscirt ar bhonn foirmiúil.”

Dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Grace Uí Niallais: “Is garsprioc shuntasach é an Meabhrán Tuisceana seo inár n-uaillmhian comhroinnte chun Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt a chruthú a chuireann foghlaim ar feadh an tsaoil i gcroílár ár bhforbairt shóisialta, eacnamaíoch agus pobail.

“Léiríonn an chomhpháirtíocht seo ár gcreideamh comhroinnte gur cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar an fhoghlaim agus tógann sí ar ár gcomhoibriú trasteorann rathúil chun deiseanna nua a chruthú do dhaoine de gach aois a bheith ag foghlaim agus a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Group of people standing in front of banners adn some holding cutout signs.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe i gComhairle Contae Dhún na nGall, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus Ollscoil Uladh as a gceannaireacht agus a bhfís chun muid a thabhairt chuig an pointe seo.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning: “Is céim thábhachtach chun cinn dár réigiún é síniú an Mheabhráin Tuisceana seo agus muid ag teacht le luachanna Chathracha Foghlama UNESCO—ag cur foghlaim ar feadh an tsaoil i gcroílár na forbartha inbhuanaithe, na cuimsitheachta agus na deise. Trí oibriú le chéile trasna earnálacha agus pobal, tá muid ag neartú ár bhfís chomhroinnte de réigiún ina bhfuil an deis ag gach duine foghlaim, fás agus a bheith faoi bhláth ar feadh a saoil.”

Preasráiteas arna sholáthar ag Ollscoil Uladh.