Ceapachán Bainistíochta Sinsearaí chuig Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall

Person standinfg in front of an internal wall with organisation logo on it.
Person standinfg in front of an internal wall with organisation logo on it.
An Bainisteoir Seirbhísí Oiliúna nuacheaptha le ETB Dhún na nGall, Colm Richardson.

Tá Bord Oiliúna agus Oideachais (ETB) Dhún na nGall i ndiaidh an tUasal Colm Richardson a cheapadh sa phost Bainisteoir Seirbhísí Oiliúna ina Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Tagann sé i gcomharbas ar an Bhainisteoir Oiliúna Limistéir atá ag dul ar scor, Vinny McGroary, i ndiaidh seirbhís bliain is daichead.

Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é Colm, agus chuir sé printíseacht leictreachais i gcrích in Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair sular aistrigh sé go Leitir Ceannainn, áit a bhfuil sé ag cur faoi le breis is tríocha bliain.

Tá céim Bhaitsiléara san Innealtóireacht Leictreonach aige ó Ollscoil Uladh fosta, agus d’oibrigh sé roimhe seo san iomad comhlachtaí ilnáisiúnta, mar a bhfuair sé taithí luachmhar tionscail.

Tá seirbhís breis is fiche bliain déanta ag Colm mar ghairmí oiliúna lán taithí, agus caitheadh 12 bhliain de na blianta sin ag soláthar oiliúint phrintíseachta, agus ocht mbliana mar Bhainisteoir Cúnta Ionad Oiliúna, agus freagracht oibríochtúil aige ar fud Ionaid Oiliúna ETB Dhún na nGall, Leitir Ceanainn agus Ghaoth Dobhair.

I rith a shaoil ghairmiúil, bhí príomhról ag Colm fá dtaobh de sholáthar oiliúna sa réigiún a fhairsingiú, agus é ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara tionscail agus le comhpháirtithe oideachais chun oiliúint ar ardchaighdeán atá i gcomhréir le riachtanais an fhórsa saothair a chinntiú.

Rinne Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, ar a dtugtar Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, freastal ar thuairim is 17,000 scoláire in 2025 ar fud líonra ocht n-ionad FET déag agus an iomad ionad eile ar fud an chontae agus a chuid oileán, agus oideachas agus oiliúint á soláthar ó Leibhéal 1-6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Ag trácht dó ar a cheapachán nua, dúirt Colm, “Tá lúcháir orm an ról seo a fháil, agus tá mé ag dúil le tógáil ar an obair láidir atá ar bun cheana chun tacú le foireann, foghlaimeoirí agus tionscal ar fud Dhún na nGall. Tá díograis mhór orm oibriú go straitéiseach chun feasacht ar an tsoláthar láidir Breisoideachais agus Oiliúna faoi bhrandáil nua Choláiste Dhún na nGall a mhéadú, agus ag an am chéanna aitheantas a thabhairt do thiomantas ár bhfoirne agus leanúint d’ionadaíocht a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt dá saothar chomh maith agus is féidir liom agus aird phríomha ar ár n-áiseanna a bhisiú chun a chinntiú go mbeidh fáil ag foghlaimeoirí ar fud an chontae ar thimpeallachtaí oiliúna nua-aimseartha ar ardchaighdeán.”

Ag trácht di ar an gceapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, an méid seo: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Colm as a cheapachán. Tá taithí agus eolas éagsúil fairsing aige a rachaidh chun tairbhe don ról, agus cinnteoidh an cion a dhéanfaidh sé go leanfar ar aghaidh de sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar ar fud an chontae. Guím gach rath air agus é ag tosú ina ról nua, agus tá mé ag dúil le bheith ag obair go dlúth leis.”

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil chomh maith leis an Iar-Bhainisteoir Oiliúna Limistéir Vinny McGroary as a chuid seirbhíse poiblí bliain is daichead, agus guím gach rath air agus é ag dul ar scor,” a dúirt sí fosta.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae agus ina chuid oileán agus breis is 34,000 scoláire, 1500 ball foirne, agus buiséad bliantúil os cionn €130 milliún in 2025 aige.

Tosóidh Colm sa phost an mhí seo.