Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL)

Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL) ann próiseas a mhapálann scileanna agus eolas a foghlaimíodh trí thaithí oibre agus trí thaithí saoil le dámhachtain QQI cuí. Seachnaíonn an próiseas RPL dúbláil na foghlama mar nach n-éilíonn sé ort suí isteach ar chúrsa le rud éigin a fhoghlaim atá tú ábalta a dhéanamh cheana féin. 

 

Cad is RPL ann?

Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL) ann próiseas a mhapálann scileanna agus eolas a foghlaimíodh trí thaithí oibre agus trí thaithí saoil le dámhachtain QQI cuí.  

Seachnaíonn an próiseas RPL dúbláil na foghlama mar nach n-éilíonn sé ort suí isteach ar chúrsa le rud éigin a fhoghlaim atá tú ábalta a dhéanamh cheana féin.  Tríd an ábhar atá ar eolas agat cheana féin a aithint go foirmiúil is féidir leat:

  • dul isteach nó rochtain a fháil ar chúrsa ag an leibhéal cheart  
  • cur isteach ar dhámhachtain fhoirmiúil (teastas) a thabharfaidh fianaise maidir le do chuid scileanna agus eolais 
RPL le haghaidh rochtana

Má tá tú ag lorg RPL le haghaidh rochtana, cuir isteach ar an chúrsa chuí agus déanfaidh Comhordaitheoir an Chúrsa measúnú ar do chuid scileanna, eolais agus inniúlachtaí le hoibriú amach cé acu atá do chuid scileanna agus eolais reatha ag an leibhéal cheart le go n-éireoidh leat ar an chúrsa ar chuir tú isteach air.

RPL le haghaidh dámhachtana

Más mian leat an próiseas RPL a úsáid le dámhachtain a fháil, beidh ort foirm iarratais RPL a chomhlánú agus a chur isteach (ar fáil anseo).Déanfar measúnú ar d’fhoirm iarratais agus, má cheadaítear í, tacófar leat le punann fianaise a chur le chéile le haghaidh gach modúil/dámhachtana ar chuir tú isteach air/uirthi. Déanfar measúnú ar do phunann críochnaithe go hinmheánach agus déanfaidh athbhreithneoir seachtrach é a mheas fosta.Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu ba chóir duit cur isteach ar dhámhachtain nó nár chóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Chomhordaitheoir Soláthair RPL leis an phróiseas a phlé.Tá na sonraí teagmhála thíos.

Cén tacaíocht a chuirtear ar fáil?

Ceapfaidh Soláthar RPL ETB Dhún na nGall Meantóir RPL le tú a threorú fríd an phróiseas maidir le do phunann fianaise a ullmhú agus a struchtúrú.Chomh maith leis sin cinnteoidh do Mheantóir RPL go bhfuil do chuid fianaise leordhóthanach le caighdeáin na dámhachtana a shásamh.

Cá fhad a ghlacfaidh sé?

Cé gur féidir leat oibriú ar do luas féin, idir 10-14 uair an chloigan méid ama a bhaineann le punann fianaise a chur le chéile le haghaidh dámhachtana (modúil).

Cá mhéad a chosnaíonn sé?

Tá an próiseas RPL saor do gach iarratasóir faoi láthair.

Cé air a bhfuil an tseirbhís seo dírithe?

Tá soláthar RPL dírithe ar dhaoine fásta atá san ionad oibre, atá páirteach ina gcuid pobal mar oibrithe deonacha agus orthu siúd atá dífhostaithe. Go dtí seo thacaigh muid le fostaithe ó na hearnálacha seo a leanas: airgeadas, cúram sláinte, cúram leanaí, talmhaíocht, foirgníocht, pobal agus deonach.

An dóigh le níos mó eolais a fháil:

Más mian leat leas a bhaint as ár gclár RPL, le do thoil, déan teagmháil lenár gComhordaitheoir Soláthair RPL, Siobhán Murray ar:

T: 086 065 5120 / 074 9120592
R: siobhanmurray@donegaletb.ie / rpl@donegaletb.ie

Tá uirlis do sholáthraithe breisoideachais agus oiliúna ar fáil anseo.