Bunscoileanna

Scoileanna Náisiúnta Pobail (SNPanna) a thugtar ar bhunscoileanna atá faoi stiúir ETBanna. Cé nach bhfuil aon SNPanna i gCo. Dhún na nGall faoi láthair, d’fhéadfadh sé sin athrú amach anseo agus tá roinnt eolais fúthu ar fáil sa bhileog seo.

Bunscoileanna faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB)

Cad iad Pobalscoileanna Náisiúnta?

Is bunscoileanna comhoideachais, ilchreidmheacha atá á reáchtáil ag an stát iad Pobalscoileanna Náisiúnta (CNS). Tá fáilte roimh gach páiste iontu agus treoraítear iad leis na luachanna amhail sármhaitheas san oideachas, cúram, comhionannas, pobal agus meas. Tá sé mar aidhm ag Pobalscoileanna Náisiúnta an deis chéanna a thabhairt do gach páiste foghlaim agus fás, agus cuirtear timpeallacht foghlama dhearfach, thacúil agus chuimsitheach ar fáil iontu. Bunaíodh sa bhliain 2008 iad agus tá siad á mbainistiú ag na Boird Oideachais agus Oiliúna (ETBanna).

Cad a gheobhaidh mo pháiste ó Phobalscoil Náisiúnta?

I bPobalscoil Náisiúnta, tugtar an deis chéanna do gach páiste páirt a ghlacadh san fhoghlaim agus i saol na scoile. Tá sé mar aidhm ag na CNSanna a bheith ina n-áiteanna sábháilte, fáilteacha ina mothaíonn páistí go bhfuil siad mar chuid de phobal na scoile agus den domhan mór. Déanann Pobalscoileanna Náisiúnta iarracht cuidiú le gach páiste barr a gcumais a bhaint amach. Tá siad go hiomlán cuimsitheach agus léiríonn siad meas ar an mheascán leathan féiniúlachtaí, cultúr, creideamh agus luachanna atá le fáil i measc daltaí, tuismitheoirí agus foirne.

Mar atá i ngach bunscoil in Éirinn, leanann Pobalscoileanna Náisiúnta Curaclam Náisiúnta na Bunscoile. Ós rud é go bhfuil scoileanna CNS ilchreidmheach, glacann páistí páirt fosta i Maitheas Mise, Maitheas Thú! (GMGY), curaclam a fhiosraíonn creidimh, luachanna agus dóigheanna éagsúla chun an domhan a thuiscint. Treoraítear teagasc agus foghlaim i scoileanna CNS le cúig chroíluach: sármhaitheas san oideachas, cúram, comhionannas, pobal agus meas. Múnlaíonn na luachanna seo gach eispéireas atá ag páiste i bPobalscoil Náisiúnta.

Cad iad na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir Pobalscoileanna Náisiúnta agus bunscoileanna eile?

Tá Pobalscoileanna Náisiúnta (CNS) an-chosúil le bunscoileanna eile. Leanann siad an curaclam náisiúnta céanna, déanann siad na hábhair chéanna a theagasc agus cuireann siad fáilte roimh pháistí ó naíonáin bheaga go dtí rang a sé. Tá siad maoinithe ag an Roinn Oideachais, leanann siad na rialacha agus na beartais chéanna agus tá na cáilíochtaí céanna agus ceanglais chéanna na Comhairle Múinteoireachta ag a múinteoirí agus atá ag gach múinteoir bunscoile eile.

Is iad na príomhdhifríochtaí ná a n-éiteas agus an dóigh a reáchtáiltear iad. Tá éiteas ilchreidmheach ag na CNSanna, rud a chiallaíonn go gcaitear go cothrom le gach páiste agus go gcuirtear san áireamh iad is cuma cén cúlra nó creideamh atá acu. In ionad teagasc faoi reiligiún amháin, fiosraíonn páistí a reiligiún, a gcreideamh, a gcultúr agus a luachanna féin agus reiligiúin, creidimh, cultúir agus luachanna páistí eile ar dhóigh spraíúil atá fóirsteanach don aois trí chlár ar a dtugtar Maitheas Mise, Maitheas Thú! Níl aon bhunscoileanna eile, seachas CNSanna, maoinithe ag an stát agus á reáchtáil ag an stát araon, toisc go bhfuil siad faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúla. Ciallaíonn sé sin go mbaineann siad leas as tacaíochtaí agus seirbhísí láidre óna mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil.

 

Cé a reáchtálann na scoileanna seo agus cén difríocht a dhéanann siad?

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna áitiúla (ETBanna) i mbun na bPobalscoileanna Náisiúnta. Is comhlachtaí poiblí iad ETBanna a bhainistíonn raon leathan seirbhísí oideachais, Pobalscoileanna Náisiúnta, Coláistí Pobail, scoileanna speisialta, seirbhísí don aos óg agus ionaid bhreisoideachais agus oiliúna san áireamh. Tá cáil orthu as oideachas ardchaighdeáin, cuimsitheach agus nuálach a chur ar fáil do na pobail ar fad.

Ós rud é gur cuid de na ETBanna iad Pobalscoileanna Náisiúnta, baineann siad leas as tacaíocht láidir in go leor réimsí. Cuidíonn na ETBanna le rialachas scoile, tacaíocht teagaisc agus foghlama, riarachán, airgeadas, IT agus acmhainní daonna. Rachaidh sé sin uilig chun tairbhe na scoileanna atá faoina bpátrúnacht. Rachaidh tacaíocht an ETB chun tairbhe na dteaghlach fosta. Cuireann ETBanna cláir oideachais do dhaoine fásta ar fáil, ar féidir leo deiseanna foghlama luachmhara a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Phobalscoileanna Náisiúnta.

Children at a classroom table (CNS children. Primary School section of website).

An ullmhaíonn Pobalscoileanna Náisiúnta páistí do na sacraimintí?

Is féidir leis na daltaí a fhreastalaíonn ar Phobalscoileanna Náisiúnta a gCéad Chomaoineach agus a gCóineartú a dhéanamh go fóill. Is é an phríomhdhifríocht ná go n-eagraíonn an paróiste áitiúil an t-ullmhúchán do na sacraimintí seo, seachas an scoil, agus de ghnáth bíonn sé ar siúl i ndiaidh uaireanta scoile i lárionad an pharóiste nó i bhfoirgneamh na scoile. Cé go dtarlaíonn foirmiú sa chreideamh do pháistí Caitliceacha taobh amuigh d’uaireanta scoile i bPobalscoileanna Náisiúnta, tá na hócáidí tábhachtacha seo go fóill aitheanta sa scoil. Tugann CNSanna deiseanna do gach páiste, iad siúd a fhaigheann sacraimintí ina measc, ócáidí tábhachtacha a roinnt agus a cheiliúradh lena rang agus lena bpobal scoile ag amanna fóirsteanacha den bhliain, rud a chuidíonn le tacaíocht a thabhairt dá mbraistintí féiniúlachta agus cómhuintearais.

Cad chuige a bhfuil samhail na bPobalscoileanna Náisiúnta ag fás?

Tá samhail CNS ag fás mar go dtugann sí rud éigin atá á lorg go gníomhach ag go leor teaghlach in Éirinn, agus is é sin scoileanna a chuireann fáilte roimh na páistí uilig sa phobal áitiúil. Agus Éire ag éirí níos éagsúla, ba mhaith le níos mó tuismitheoirí roghanna scoile a cheiliúrann gach páiste go cothrom. Cuireann Pobalscoileanna Náisiúnta é sin ar fáil trí thimpeallachtaí foghlama cuimsitheacha, measúla a chruthú do gach páiste. Tríd is tríd, is forbairt dhearfach agus spreagúil in oideachas in Éirinn é fás na bPobalscoileanna Náisiúnta. Agus iad ag cur le cáil dhomhanda na hÉireann as sármhaitheas sa mhúinteoireacht bhunscoile, cuireann Pobalscoileanna Náisiúnta samhail nua-aimseartha ag a bhfuil meas ar gach páiste ar fáil.

Primary school children at a classroom table (CNS children). Primary school section of website.

Cén áit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoi Phobalscoileanna Náisiúnta?

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Phobalscoileanna Náisiúnta, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin CNS – www.cns.ie.

Sonraí Teagmhála

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil linn ar na sonraí thíos.

Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Guthán: 074 9161600
Fón póca:: 087 9213299
Ríomhphost: eolas@donegaletb.ie