Réamhrá
Ar an 25 Bealtaine 2018, tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm. In Éirinn, tugadh éifeacht reachtúil don RGCS san Acht nua um Chosaint Sonraí 2018.
Uasdátaíonn an reachtaíocht nua seo an dlí atá ann anois maidir le cosaint sonraí agus féachann sé le cosaint sonraí a neartú agus a chaighdeánú do gach duine taobh istigh den Aontas Eorpach, lena n-áirítear Éire. Deonaíonn sé cearta nua agus feabhsaithe do gach duine aonair maidir lena gcuid faisnéise pearsanta féin. Tugtar duine is ábhar do na sonraí ar dhuine aonair a bhfuil sonraí faoi, i seilbh eagraíochta.
Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) an t-údarás stáit oideachais agus oiliúna do réigiún Dhún na nGall, arna bhunú ag Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013.
Chun a oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, bailíonn, stórálann agus próiseálann ETB Dhún na nGall méideanna móra sonraí ar ábhair éagsúla sonraí. Áireofar leis sin mic léinn, foghlaimeoirí, baill foirne, tríú páirtithe agus baill den phobal. I measc na sonraí pearsanta seo, d’fhéadfadh sonraí pearsanta agus píosaí scannáin TCI go hidirbhearta airgeadais a bheith ann. Is éard is sonraí pearsanta ann ná aon fhaisnéis is féidir a úsáid chun duine a aithint.
Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do pholasaí chun cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta.
Éilíonn rialacháin agus reachtaíocht um Chosaint Sonraí ar fhoireann ETB Dhún na nGall sonraí a phróiseáil go cothrom agus slándáil na sonraí sin a chinntiú.
Is féidir leat an reachtaíocht ábhartha a fheiceáil anseo:
Prionsabail maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
Leanann muid na seacht bprionsabal atá leagtha amach faoin RGCS:
- Dlíthiúlacht, Cothroime, agus Trédhearcacht
- Teorannú de réir Cuspóra
- Íoslaghdú Sonraí
- Cruinneas
- Teorannú Stórála
- Sláine agus Rúndacht
- Cuntasacht
Cad a Chiallaíonn sé seo Duit
Tá orainn tú a chur ar an eolas go soiléir faoi:
- Cad iad na sonraí a choinnímid
- Cad chuige a gcoinnímid iad
- Cad é mar a phróiseáiltear iad
- Do chearta faoin dlí um chosaint sonraí
Cé a Phróiseálaimid Sonraí Fúthu
Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta ó:
- Mic Léinn
- Foghlaimeoirí Fásta
- Tuismitheoirí / Caomhnóirí daltaí atá faoi 18 mbliana d’aois
- Foireann
- Oibrithe Deonacha
- Baill an Bhoird agus an Choiste
- Píosaí scannánaíochta ón chóras TCI
Cén Fáth a bPróiseálaimid Do Shonraí
Úsáidimid do shonraí ar mhaithe le:
- Riarachán oideachais
- Fostaíocht agus acmhainní daonna
- Sláinte agus Sábháilteacht
- Cumarsáid agus soláthar seirbhísí
- Próiseáil airgeadais
- Slándáil agus rialú rochtana (lena n-áirítear TCI)
- Comhlíonadh reachtúil
Bunús Dlíthiúil le haghaidh Próiseála
Próiseálaimid sonraí bunaithe ar:
- Oibleagáidí dlíthiúla
- Tasc poiblí nó feidhm reachtúil
- Riachtanas conarthach
- Toiliú
- Leasanna ríthábhachtacha
- Leasanna dlisteanacha (cothromaithe i gcoinne do chearta)
Do Chearta faoin RGCS
Tá sé de cheart agat:
- Rochtain a fháil ar do shonraí
- Míchruinneas a cheartú
- Do shonraí a léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)
- Srian a chur le próiseáil
- Agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála nó cinnteoireachta uathoibrithe
- Iniomparthacht sonraí
- Toiliú a tharraingt siar am ar bith (i gcás inarb é an toiliú an bunús dlíthiúil)
- Gearán a dhéanamh leis an Choimisiún um Chosaint Sonraí
Aois Dhigiteach Toilithe
16 bliana is ea an aois dhigiteach toilithe in Éirinn. Ciallaíonn sé seo, i gcás aon mhic léinn faoi 16 bliana d’aois, go bhfuil toiliú tuismitheora nó caomhnóra de dhíth sula dtig le seirbhísí ar líne, amhail ardáin meán sóisialta, a gcuid sonraí pearsanta a úsáid.
Tá ETB Dhún na nGall, mar aon lena scoileanna agus ionaid, tiomanta do shonraí pearsanta na mac léinn a chosaint i gcomhréir leis an cheanglas dlíthiúil seo agus ní cheadaíonn sé úsáid sonraí daoine faoi 16 bliana d’aois chun na gcríoch sin gan toiliú cuí.
Iarratas Duine ar a Shonraí a Dhéanamh
Tá tú i dteideal rochtain a iarraidh ar aon sonraí pearsanta atá againn fút. Chun a chinntiú go bhfuil na sonraí seo cosanta agus chun d’aitheantas a fhíorú, tá ceann de na modhanna fíoraithe seo a leanas de dhíth orainn mar aon lenár bhfoirm iarratas duine ar a shonraí atá ar fáil ar ár leathanach Foilseachán agus Acmhainní faoi Chosaint Sonraí.
- Cóip d’aitheantas Stáit (pas nó ceadúnas tiomána)
- Bí i láthair go pearsanta le cárta aitheantais ag na hOifigí Riaracháin i Leitir Ceanainn, nó seol ríomhphost chuig: dataprotection@donegaletb.ie
Polasaithe agus Doiciméid Tacaíochta
Polasaithe
Coinníonn ETB Dhún na nGall sraith polasaithe agus doiciméad chun tacú le comhlíonadh RGCS. Tá ár bpolasaithe, lena n-áirítear an Polasaí Próiseála Sonraí agus an Polasaí TCI, ar fáil ar ár leathanach Polasaithe ETB Dhún na nGall anseo.
Fógraí Príobháideachta agus Doiciméid Tacaíochta
Cuireann ETB Dhún na nGall réimse doiciméad tacaíochta ar fáil chun trédhearcacht agus comhlíonadh reachtaíochta cosanta sonraí a chinntiú. Orthu sin tá:
- Fógraí Príobháideachta do mhic léinn, do bhaill foirne, agus do dhaoine gur ábhar do na sonraí eile iad
- Sceidil Choinneála Taifead
- Prótacal maidir le Sárú ar Shonraí
Tá na doiciméid seo ar fáil sa chuid Foilseacháin agus Acmhainní dár suíomh Gréasáin faoi Chosaint Sonraí.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta fá dtaobh de Chosaint Sonraí, téigh chuig: An Coimisiún um Chosaint Sonraí.