Oiliúint i Sainscileanna

Tá na cúrsaí maidir le hOiliúint i Sainscileanna (SST) deartha le réimse scileanna bainteach le infhostaitheacht a sholáthar d’fhoghlaimeoirí chomh maith le gairmcháilíochtaí foirmeálta chun cuidiú leo siúd atá ag dul isteach sa mhargadh saothair den chéad uair agus do dhaoine ar mian leo uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid scileanna nó cinn úra a fháil.

Is féidir le cúrsaí tú a chur i dtreo Dámhachtainí QQI ag leibhéil 3, 4, 5 agus 6 agus/nó i dtreo creidiúnaithe atá aitheanta ag earnáil na tionsclaíochta.  De ghnáth, maireann na cúrsaí modúlacha gairide 6 seachtaine agus maireann cúrsaí níos faide suas go dtí 40 seachtain. Cuirtear formhór na gcúrsaí ar fáil go lánaimseartha i rith na bliana inár  nIonaid Oiliúna i Leitir Ceanainn agus i nGaoth Dobhair agus bíonn siad forlíonta ag soláthraithe faoi chonradh, rud a thugann solúbthacht d’ETB Dhún na nGall na héilimh atá ag tionscal atá ag athrú a shásamh.

I measc na samplaí de chúrsaí tá Feidhmchláir Ríomhaire, Scileanna Oifige, Scileanna Miondíola, Sláinte agus Scéimhe, Riarachán Gnó, TF, Bainistíocht Slándála, Próisis Ghnó a Fheabhsú, Párolla agus Leabharchoimeád Láimhe agus Ríomhairithe, Eolaíochtaí na Beatha, Oibríochtaí Déantúsaíochta agus Teagascóir Tonnmharcaíochta agus Garda Tarrthála Trá. 

Is féidir le lucht fágála scoile tuilleadh eolais a fháil ar ár gcúrsaí scileanna ar leith sa bhróisiúr eolais seo:

Roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) do Lucht Fágála Scoile   

Táillí    

Tá cúrsaí oiliúna saor in aisce agus b’fhéidir go n-íocfaí liúntas oiliúna leat ar feadh fhad do chúrsa. Ina theannta sin tig leat liúntas lóistín nó taistil a éileamh más gá duit stopadh i bhfad ó bhaile ar feadh fhad an chúrsa. Seans go mbeifeá i dteideal áit cúraim leanaí saor in aisce do do leanbh.

Sonraí Teagmhála

Oiliúint i Sainscileanna
Guthán: 074 9120500
Ríomhphost: coursesdonegaltc@donegaletb.ie

Cad é mar a thig liom iarratas a chur isteach?

I gcásanna áirithe, baintear úsáid as trialacha mianaigh agus agallaimh chun rannpháirtithe a roghnú. Tig leat iarratas a chur isteach ar chúrsaí oiliúna i sainscileanna trí www.fetchcourses.ie    

Government of Ireland logo
Co-Funded by the European Union Logo

Tá an Clár Oiliúint i Sainscileanna comhmhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. #EUinMyRegion

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Shania maidir le hIlmheáin.

Léigh scéal Lee maidir le Táthú.

Léigh scéal Vanessa maidir le Forbairt Bogearraí.

Léigh scéal Phádraig maidir le dóigh a ndearnadh Teicneoir Cuntasaíochta de. 

Léigh scéal Danielle, Sarah Louise agus Domini maidir le Táthú

Léigh scéal Anthony maidir le Gairneoireacht

Léigh scéaltá Stephen, Francis agus Thomas maidir le dóigh a ndearnadh Teagascóir Tonnmharcaíochta agus Garda Tarrthála Trá díobh.

Léigh scéal Laura maidir le Táthú.

Tacaíochtaí

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar an Chlár Oiliúna i Sainscileanna