Scéim Deiseanna Oilúna Gairmoideachais (SDOG)

Tá an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) dírithe ar dhaoine fásta atá ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh, ar chéilí cleithiúnacha nó orthu siúd atá ag síniú le haghaidh creidiúintí.    

Táillí   

Coinníonn iad siúd a fhreastalaíonn ar SDOG a n-íocaíocht RGFCS agus tá liúntas béilí/taistil ar fáil fosta ag brath ar chúinsí pearsanta na rannpháirtithe.

Is é misean an chláir SDOG cuidiú le foghlaimeoirí dul chun cinn agus a gcuid spriocanna a bhaint amach i dtimpeallacht thacúil foghlama.

Tá na cúrsaí dírithe ar fheabhas a chur ar scileanna agus ar inniúlachtaí na rannpháirtithe, scileanna agus inniúlachtaí atá de dhíth ar fhostóirí.

Tá sé mar aidhm ag cúrsaí: 

  • Feabhas a chur ar do leibhéal ginearálta oideachais.
  • Do chuid scileanna a fhorbairt agus tú a ullmhú le haghaidh fostaíochta/féinfhostaíochta.
  • Tú a ullmhú le haghaidh post nua nó le do phost a athrú.
  • Cáilíochtaí aitheanta a thabhairt duit.
  • Ligean duit dul ar aghaidh chuig réimse cúrsaí FET nó Ardoideachais

Tá cúrsaí lonnaithe i mBaile Átha Seanaidh, i mBun Cranncha, i mBaile Dhún na nGall, i nGort an Choirce, i Leitir Ceanainn agus i mBaile na nGallóglach.

  • Is cúrsaí lánaimseartha iad agus bíonn siad ar siúl idir 9:30r.n.-3:00i.n. Dé Luain go Déardaoin agus 9:30r.n.- 1:00i.n. Dé hAoine.
  • Reáchtáiltear cúrsaí ó Mheán Fómhair go Bealtaine nó Meitheamh thar 1-2 bhliain.
  • Tá laethanta saoire na gcúrsaí mar an gcéanna le hiar-bhunscoileanna lena n-áirítear briseadh lár téarma, saoire na Nollag, saoire na Cásca agus saoire an tSamhraidh.

Cuireann an clár cáilíochtaí ar fáil ag Leibhéil 4 agus 5 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí mar aon le creidiúnú atá aitheanta ag earnáil na tionsclaíochta. Chomh maith leis sin cuireann an clár an Ardteistiméireacht ar fáil do dhaoine fásta thar thréimshe dhá bhliain inár n-ionad i Leitir Ceanainn.

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Behishta maidir le Ardteistiméireacht d’Aosaigh.

Léigh scéal Odhrán’s maidir le Margaíocht Dhigiteach le haghaidh Ríomhghnó.

Léigh scéal Leah maidir le Ardteistiméireacht d’Aosaigh

Léigh scéal Owen maidir le Dioplóma le haghaidh Úsáideoirí TF. 

Léigh scéal Helen maidir le Ríomhghnó le Margaíocht Dhigiteach.

Léigh scéal Karl maidir le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige.

Léigh scéal Tara maidir le Scileanna Riachtanacha Seirbhíse Sláinte.

Léigh scéal Mary maidir le Riarchán Gnó.

Léigh scéalta Donna agus Colin maidir le Ardteistiméireacht d’Aosaigh.  

Léigh scéalta Mhairéad, Chiara agus Cristopher maidir le Ardteistiméireacht d’Aosaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin Ardteistiméireacht d’Aosaigh ar fáil anseo:

Sonraí Teagmhála

Ionad FET Bhaile Átha Seanaidh
Comhordaitheoir SDOG
Anita O’Rourke
Guthán: 071 985 1276
Ríomhphost anitaorourke@donegaletb.ie

Ionad FET Bhun Cranncha
Comhordaitheoir Gníomhach SDOG 
Danielle McGee
Guthán: 074 93 62466
Ríomhphost: daniellemcgee@donegaletb.ie

Ionad FET Bhaile Dhún na nGall (Droim Chliabh)
Comhordaitheoir SDOG
Caroline Gillespie
Guthán 074 97 21705
Ríomhphost: carolineanngillespie@donegaletb.ie

Ionad FET Leitir Ceanainn 
Comhordaitheoir SDOG
Áine McLaughlin
Guthán: 074 9706047
Ríomhphost: ainemclaughlin@donegaletb.ie

Ionad FET Bhaile na nGallóglach 
Comhordaitheoir SDOG
Charles Gorney
Guthán: 074 915 3194
Ríomhphost: charlesgorney@donegaletb.ie

Faigh tuilleadh eolais faoi réimse na gcúrsaí atá ar fáil anseo:

An raibh a fhios agat go dtig leat tosú ar chúrsa lánaimseartha SDOG agus do shochar dífhostaíochta a choinneáil?

Tacaíochtaí Clár SDOG

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar ár gcúrsaí SDOG

GAIRMTHREOIR

Cuireann an tSeirbhís Gairmthreorach eolas, comhairle agus comhairleoireacht ar fáil atá neamhchlaonta agus rúnda maidir le roghanna gairme.