Coláiste an Eargail

Ráiteas Misin: Gach dalta a chumasú le barr a c(h)umais a bhaint amach, i gcomhar le tuismitheoirí, bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le: aire a thabhairt dá chéile, dínit an duine, meas ar a chéile agus comhionannas.

Gairmscoil sheanbhunaithe is ea Coláiste an Eargail a osclaíodh i Meán Fómhair 1914, agus aistríodh go Windyhall é i Meán Fómhair 1987.

Tá Coláiste an Eargail ina scoil DEIS (Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh) agus cuireann sé gach cúrsa faofa de chuid DES ar fáil mar aon le réimse cúrsaí PLC Leibhéal 5 QQI. Níl scoil ar bith eile cosúil le Coláiste an Eargail i Leitir Ceanainn sa mhéid is gurb é an t-aon soláthraí comhoideachais trí mheán an Bhéarla ar an bhaile é. Tig leis an choláiste freastal ar suas le 500 dalta agus léiríonn ár ndaltaí cé chomh héagsúil agus atá Éire sa lá atá inniu ann sa mhéid is go bhfuil daltaí ó roinnt mhaith tíortha i measc na ndaltaí s’againn.

Ag Coláiste an Eargail tá sé mar aidhm againn an t-eispéireas oideachais is fearr a chur ar fáil dár gcuid daltaí agus é sin a dhéanamh ar an tuiscint go bhfuil riachtanais éagsúla foghlama agus stíleanna foghlama ag gach aon dalta. Tá muid bródúil as an dóigh a gcuireann muid curaclam leathan ar fáil, idir chláir fhoirmiúla acadúla, chláir forbartha pearsanta agus réimse leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil: 

Cláir atá ar fáil                                 

  • Teastas Sóisearach (JC)        
  • Idirbhliain (TY)          
  • Ardteistiméireacht (LC)    
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)
  • An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA)   
  • Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)  
  • Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) 

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE AN EARGAIL

Sonraí Teagmhála

Coláiste an Eargail
Windyhall
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92 FC82

Guthán: 074 9121047
Láithreán Gréasáin: www.errigalcollege.ie

Príomhoide: Danny McFadden
Ríomhphost: dannymcfadden@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Deirdre Markham
Ríomhphost: deirdremarkham@donegaletb.ie

Riarthóir: Catriona Kelly
Ríomhphost: catrionakelly@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.