Coláiste Ghleann na Finne

Ráiteas Misin: Is é ár misean deiseanna foghlama inrochtana, uileghabhálacha agus iomlánaíocha a chur chun cinn, a thairiscint agus a chothú; deiseanna a chuirfidh ar chumas phobal an Choláiste é féin a chumasú lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh sa tsochaí.

In Aibreán 2007 athraíodh ainm Ghairmscoil Shrath an Urláir go hoifigiúil agus tugtar Coláiste Ghleann na Finne uirthi anois.  I mBealtaine 2010 cuireadh tús le hobair ar thógáil na scoile úire saintógtha le freastal ar 325 dalta. Osclaíodh an scoil úr do dhaltaí i Meán Fómhair 2011 agus tá 304 dalta ar an rolla faoi láthair.

Scoil bheag chomhoideachais is ea Coláiste Ghleann na Finne a chuireann réimse leathan clár ar fáil do gach dalta de gach cumas.  Cuireann muid cláir ar fáil suas go dtí ardleibhéal LCVP. Tá ár scoil bródúil as an dóigh a n-úsáideann sí cur chuige iomlánaíoch páisteláraithe, rud a chuireann ár gcuid daltaí ag croílár an phróisis oideachais.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:

Cláir atá ar fáil           

  • Teastas Sóisearach (JC) 
  • Idirbhliain (TY)   
  • Ardteistiméireacht (LC) 
  • An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA) 
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)      
  • Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)
  • Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) 

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE GHLEANN NA FINNE

Sonraí Teagmhála

Coláiste Ghleann na Finne 
Droim Bó Íochtarach
Srath an Urláir
Co. Dhún na nGall
F93 AE27

Guthán: 074 9131684
Láithreán Gréasáin:www.finnvalleycollege.ie

Príomhoide: Séan McFadden
Ríomhphost: seanmcfadden@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Kathleen Boland
Ríomhphost: kathleenboland@donegaletb.ie

Riarthóir: Susan Doyle
Ríomhphost: susandoyle@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.