Coláiste na Daoile

Ráiteas Misin: Pobal foghlama comhbhách.  Cuireann muid meas ar a chéile chun cinn i scoil atá sábháilte agus sásta, áit a bhfuil sé mar aidhm againn cuidiú le gach dalta barr a c(h)umais a bhaint amach.

Osclaíodh Coláiste na Daoile go hoifigiúil i Márta 1965 agus cheiliúraigh sé Caoga Bliain a bhunaithe sa bhliain 2015. Scoil chomhoideachais, neamh-shainchreidmheach is ea Coláiste na Daoile. Tá muid bródúil as an dóigh a gcuireann muid teagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán ar fáil, an dóigh a bhfreastalaíonn muid ar riachtanais daltaí aonair, an dóigh a n-ullmhaíonn muid iad le haghaidh foghlama ar feadh an tsaoil agus iad ag ullmhú le haghaidh deiseanna amach anseo taobh amuigh de Choláiste na Daoile.

Tá meas ar a chéile ina chroíluach dúinn agus déanann gach ball de phobal an Choláiste gach iarracht an luach sin a chur i bhfeidhm ar bhonn laethúil.  Cuireann an timpeallacht dhearfach foghlama bonn dúshraith daingean ar fáil do gach dalta leis na scileanna riachtanacha saoil a fháil le tabhairt faoi dhúshlán ar bith a thagann aníos agus iad ag dul ar a gcuid turas oideachais agus saoil.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:

Cláir atá ar fáil                             

  • Teastas Sóisearach (JC)            
  • Idirbhliain (TY)                    
  • Ardteistiméireacht (LC)       
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)               
  • An Ardteistiméireacht  Fheidhmeach (LCA)        
  • Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE NA DAOILE

Sonraí Teagmhála

Coláiste na Daoile
Sráid Theach an Tionóil 
Ráth Bhoth
Co. Dhún na nGall
F93 D237

Guthán: 074 9145493
Láithreán Gréasáin: www.deelecollege.ie

Príomhoide: Joe Boyle
Ríomhphost: joeboyle@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Carmel Mulligan
Ríomhphost:
carmelmulligan@donegaletb.ie

Tánaisteach: Shane McArt
Ríomhphost: shanemcart@donegaletb.ie

Riarthóir: Anouska Mulrine
Ríomhphost: anouskamulrine@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.