Coláiste Pobail Bhun an Phobail

Ráiteas Misin: Oideachas agus oiliúint inrochtana agus uileghabhálach a chur chun cinn, a chur ar fáil agus tacú leis a chumasaíonn daoine óga agus daoine fásta barr a gcumais a bhaint amach i dtimpeallacht shábháilte agus chomhbhách

Is scoil mheasctha é Coláiste Pobail Bhun an Phobail atá lonnaithe in Oirthuaisceart Inis Eoghain agus tá sé ag croílár ár bpobail ón bhliain 2001. Feidhmíonn an scoil idir dhá fhoirgneamh i láthair na huaire; críochnaíodh céim 1 den scoil sa bhliain 2005 fad is gur ceadaíodh maoiniú le déanaí le céim 2 a chríochnú.

Tá sé mar aidhm againn oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar scileanna agus ar chumais éagsúla ár bpobail scoile. Freastalaíonn an scoil ar riachtanais gach dalta agus tá áis Riachtanas Speisialta Oideachais aici. Tá seomra ranga úr againn do dhaltaí a bhfuil deacracht foghlama ghinearálta acu, seomra a chuireann timpeallacht chiúin agus shuaimhneach ar fáil do na daltaí le bheith ag obair agus ag foghlaim inti. Chomh maith leis sin tá seomra na gcéadfaí againn do dhaltaí nach bhfuil mórán scileanna cumarsáide acu.

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail go hiontach maidir le gníomhaíochtaí seach-churaclaim a sholáthar sa mhéid is go gcuireann sé réimse leathan spórt agus gníomhaíochtaí ar fáil do na daltaí le roghnú astu.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil: 

Cláir atá ar fáil 

  • Teastas Sóisearach (JC)            
  • Idirbhliain (TY)                    
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)               
  • Ardteistiméireacht (LC)       
  • An Ardteistiméireacht  Fheidhmeach (LCA)        
  • Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE POBAIL BHUN AN PHOBAIL

Sonraí Teagmhála

Coláiste Pobail Bhun an Phobail   
Carrownaff   
Bun an Phobail  
Co. Dhún na nGall  
F93 DN29

Guthán: 074 9385988
Láithreán Gréasáin: www.movillecc.ie

Príomhoide: Anthony Doogan
Ríomhphost: moville@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Caroline Doherty
Ríomhphost: carolinedoherty114@donegaletb.ie

Riarthóir: Breda McGroarty
Ríomhphost: bredamcgroarty@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.