St. Catherine’s Vocational School

Ráiteas Misin: Féachann Gairmscoil Chaitríona le timpeallacht foghlama agus oibre atá sábháilte agus measúil a chruthú, áit ar féidir linn, i gcomhar lena chéile, barr ár gcumais a bhaint amach.

Scoil neamh-shainchreidmheach, chomhoideachais dara leibhéal is ea  Gairmscoil Chaitríona. Tá an scoil lonnaithe sna Cealla Beaga, áit a bhfuil clú agus cáil uirthi mar chalafort iascaireachta, agus tá 330 dalta ar an rolla. Mar aon lena gnáthsceideal lae cuireann an scoil réimse leathan de ranganna oideachais d’aosaigh agus cláir thuismitheoireachta ar fáil sa tráthnóna.

Osclaíodh an scoil sa bhliain 1987, agus cuireadh síneadh léi sa bhliain 2011 .i. dhá sheomra ranga, seomra aclaíochta mar aon le rochtain do dhaoine faoi mhíchumas. Sa bhliain 2014 osclaíodh ionad maidir le neamhord de chuid speictream an uathachais sa scoil, acmhainn atá ina cuidiú ollmhór.  Cuireann sé sin áiseanna den chéad ghrád ar fáil do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do bhaill an phobail i gcoitinne. Feidhmíonn giomnáisiam agus páirc imeartha sintéiseach uile-aimsire na scoile mar acmhainn phobail sa tráthnóna agus tá sceideal iomlán imeachtaí ag an dá rud.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse clár atá ar fáil: 

Cláir atá ar fáil  

GRIANGHRAIF Ó GHAIRMSCOIL CHAITRÍONA

Sonraí Teagmhála

Gairmscoil Chaitríona          
Bóthar Dhún na nGall     
Na Cealla Beaga 
Co. Dhún na nGall 
F94 A004

Guthán: 074 9731491
Láithreán Gréasáin: www.stcatherinesvs.com

Príomhoide: Anne Marie Luby
Ríomhphost: stcatherines@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Cathal Campbell
Ríomhphost: cathalcampbell@donegaletb.ie

Riarthóir: Tara Rawdon
Ríomhphost: tararawdon@donegaletb.ie 

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.