Ionad FET Bhaile Dhún na nGall (Droim Chliabh)

Tá an tIonad Breisoideachais agus Oiliúna, Baile Dhún na nGall lonnaithe i nDroim Chliabh. Cuireann an t-ionad réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fail d’fhoghlaimeoirí ó Bhaile Dhún na nGall agus ó cheantair máguaird i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.

Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí uilig dírithe ar thionscal ar leith. Tig leo maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí nó suas le dhá bhliain.

Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.

Cuirtear réimse clár ar fáil san Ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos: 

Cláir atá ar fáil:

  • Litearthacht Aosach                     
  • Féinmhaoiniú (Ranganna Páirtaimseartha/Tráthnóna)
  • Scileanna le Dul Chun Cinn          
  • Scileanna don Obair                 
  • Soláthraithe Sainoiliúna (STP)      
  • Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL)           
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)

GRIANGHRAIF Ó IONAD FET BHAILE DHÚN NA NGALL (DROIM CHLIABH)

FÍSEÁN Ó IONAD FET BHAILE DHÚN NA NGALL (DROIM CHLIABH)

SONRAÍ TEAGMHÁLA

Ionad FET Bhaile Dhún na nGall (Droim Chliabh)
Droim Chliabh
Baile Dhún na nGall
Co. Dhún na nGall
F94 D28H

Guthán: 074 972 1705

Bainisteoir Ionad FET: Aidan McCloskey
Ríomhphost: aidanmccloskey@donegaletb.ie

Riarthóir: Angela McGee
Ríomhphost: fetcentredonegaltown@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.