Coláiste na Maoile Rua

Ráiteas Misin: Is pobal é an coláiste s’againn, áit a dtacaíonn baill foirne, tuismitheoirí agus daltaí lena chéile; coláiste éifeachtach an toradh a bhíonn ar obair foirne thairbheach; “Ní neart go cur le chéile.”

Tá Coláiste na Maoile Rua lonnaithe díreach taobh amuigh de Bhaile na nGallóglach.  Cuireann muid réimse leathan ábhar, spórt agus deiseanna cultúrtha ar fáil, rud a ligeann do dhaltaí réimse leathan buanna a fhorbairt laistigh de thimpeallacht chomhbhách. Tá ár ngníomhaíochtaí seach-churaclaim chomh tábhachtach dúinn agus atá ábhair acadúla. Is mór an t-údar mórtais dúinn iad na daltaí a bhfuil éachtaí/léirithe déanta agat i réimsí ar nós: Peil Ghaelach, Sacar, Rugbaí, Lúthchleasaíocht, na hEalaíona agus Ceol.

Spreagann muid ár gcuid daltaí le bheith uaillmhianach maidir lena ngnóthachtáil oideachais agus ina ngníomhaíochtaí seach-churaclaim. Comhoibríonn Coláiste na Maoile Rua leis an phobal ag roinnt mhaith leibhéal agus ó cheann ceann na bliana reáchtálann muid cláir le gné uileghabhálach a thabhairt don oideachas a chuireann muid ar fáil. Go hacadúil tá dul chun cinn déanta ón ghairmoideachas go struchtúr cuimsitheach agus uileghabhálach a chuireann gach ábhar, clár agus deis ar fáil do gach foghlaimeoir.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:

Cláir atá ar fáil

  • Teastas Sóisearach (JC)            
  • Idirbhliain (TY)                    
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)               
  • Ardteistiméireacht (LC)       
  • An Ardteistiméireacht  Fheidhmeach (LCA)        
  • Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE NA MAOILE RUA

Sonraí Teagmhála

Coláiste na Maoile Rua    
Baile na nGallóglach    
Co. Dhún na nGall    
F92 FX36

Guthán: 074 9153346
Láithreán Gréasáin: www.mulroycollege.ie

Príomhoide: Fiona Temple
Ríomhphost: mulroycollege@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: David McHale
Ríomhphost: davidmchale@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Amanda Quinn
Ríomhphost: amandaquinn6901@donegaletb.ie

Riarthóir: Theresa McGettigan
Ríomhphost: theresamcgettigan@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.