Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of person.
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Agus Nollaig 2025 ag druidim linn, ba mhaith liom buíochas ó chroí a thabhairt don phobal ETB uilig, ar fud ár scoileanna, ár n-ionad agus ár n-oifigí riaracháin, as an tiomantas agus as an ghairmiúlacht a chuir go mór le hobair ETB Dhún na nGall i gcaitheamh na bliana seo.

Leanann ár dtrí chrann taca, atá faoi cheannas ár Stiúrthóirí Ciaran O’Brien (Breisoideachas agus Oiliúint), Andy McGovern (Tacaíocht Eagraíochta agus Forbairt), agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna) de cheannasaíocht thar barr a léiriú. Tá éagsúlacht agus castacht ina gcuid oibre, agus tá a fhios agam go bhfuil sibh liom agus mé ag tréaslú an triúr acu ar a ngaiscí suntasacha le linn 2025.

Agus muid ag déanamh machnaimh ar bhliain lán le dúthracht, gaisce agus tiomantas do phobal, cuirtear cuid de na himeachtaí i gcuimhne dom a léiríonn ár bhfís, misean agus chomhluachanna.

Ag an tSeimineár Bainisteoirí bhliantúil ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach i mBun Cranncha i mí an Mhárta, bhí sé de phribhléid againn éisteacht leis an Ollamh Anne Looney (DCU) ar Ár nAnáil a Tharraingt agus Ár gCompás a Shocrú, machnamh tráthúil agus tuisceanach ar oideachas agus ar oiliúint i dtráthanna dúshlánacha, a chuir muid ag scrúdú ár gcleachtais de réir ár luachanna.

Group of students and adults holding a cup and arms in the air.
Buaiteoirí Chorn an Fhóraim Díospóireachta Sóisearaigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Coláiste na Maoile Ruaidhe.

Léiríodh ár dtiomantas do ghuth na mac léinn arís eile sna Fóraim Dhíospóireachta Scoileanna Bhliantúla, a bhí ar siúl i mí an Mhárta (Sinsear) agus i mí na Samhna (Sóisear). Sna díospóireachtaí uilig, d’fhan ár gcúig chroíluach lárnach agus feiceálach in achan focal.

Fógraíodh Seirbhís Óige UBU nua d’oirthear an chontae i mbliana, agus tá muid ag súil le hobair a dhéanamh leis na pobail siúd de réir mar atá an tseirbhís nua á forbairt agus á seoladh.

Bhí Seachtain ETB ar siúl ón 24 go dtí an 28 Márta, agus ceiliúradh obair ár n-earnála le linn imeachtaí áitiúla agus náisiúnta. Sheol ETBI Boird Oideachais agus Oiliúna: Ag Múnlú na Todhchaí, Gan Aon Duine Fágtha Taobh Thiar, foilseachán an-tábhachtach ina bhfuil ionchuir ó na 16 ETB uilig. Bhí ionadaíocht ag ETB Dhún na nGall ag Searmanas na nGradam Feabhais i bPáirc an Chrócaigh an 27 Márta.

Fanann an tAthrú Aeráide ina thosaíocht dúinn uilig. Tháinig ár nGrúpa Stiúrtha um Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Inbhuanaitheacht le chéile go rialta i gcaitheamh na bliana, a bhfuil ionadaíocht ar achan cuid den eagraíocht ann agus ar a ndéanann an Príomh-Fheidhmeannach cathaoirleacht. Ina theannta sin, fuair earnáil an ETB maoiniú ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú a spreagadh ar fud earnáil an FET.

I measc na n-imeachtaí suntasacha eile, bhí Lá Náisiúnta na Folláine san Áit Oibre ar an 30 Aibreán, Seimineár Scoir a raibh freastal iontach maith air ar an 9 Bealtaine agus sraith imeachtaí tábhachtacha leis an Rialtas agus leis an tionscal. Thug an tAire Stáit Marian Harkin cuairt ar ár nIonad Oiliúna ar an 5 Meitheamh mar chuid de thuras náisiúnta agus thug toscaireacht ó Harris Tweed cuairt orainn déanach i mí na Bealtaine, agus iad ag léiriú na nasc cultúrtha agus teanga idir Dún na nGall agus Iarthar na hAlban agus ag dul i dteagmháil le Cúrsa Oiliúna Dhún na nGall san Fhíodóireacht dár gcuid fosta.

Forbairt chinniúnach ab ea é síniú an chonartha tógála le haghaidh an Acadaimh Comhphrintíseachta le ATU ar an 6 Deireadh Fómhair. Freastalóidh an áis nua seo ar os cionn 200 printíseach in aghaidh na bliana in Oibriú Miotail agus Cuisniú agus Aerchóiriú, an chéad tionscnamh dá leithéid riamh idir ETB agus TU.

Group of students and an adult sitting and standing, with a trophy.
ETB Dhún na nGall School’s buaiteoirí Lá Fiontraíochta Scoileanna Gairmscoil Mhic Diarmada.

Rinneadh ceiliúradh ar Sheachtain Éitis 2025 idir an 6 agus an 10 Deireadh Fómhair, agus tugadh scoileanna agus ionaid le chéile arís ar fud an chontae le machnamh a dhéanamh ar ár gcomhluachanna: Cúram, Pobal, Comhionannas, Meas agus Feabhas. Bhí ár Lá Fiontraíochta bliantúil ar siúl ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair ag ATU Dhún na nGall, nuair a léirigh na scoláirí Idirbhliana a gcruthaitheacht agus a n-oibre foirne. Comhghairdeas leis an bhfoireann ó Ghairmscoil Mhic Diarmada, a fuair an ceann is fearr ar Choláiste Ghleann na Finne agus Coláiste Cranncha, a bhí sa dara háit agus sa tríú háit.

Bhí lúchair orainn fosta fáilte a chur roimh an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, TD, go dtí Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn i mí Dheireadh Fómhair nuair a bhuail sé le mic léinn agus le baill foirne agus d’fhoghlaim sé faoin obair atá ar bun againn.

Bíonn atmaisféar ceiliúrtha ag imeachtaí deireanacha 2025 i gcónaí agus cuireann ár gComhpháirtíocht Oideachais Ceoil gliondar orainn lena gCeolchoirm Nollag agus bíonn aontaí ceardaíochta agus seirbhísí carúl ar bun ag scoileanna agus ag ionaid ar fud an chontae.

Three people (one woman and two men) standing side by side in front of a sign inside a building. The person in the centre is wearing a chain of office.
Cathaoirleach nua-thofa ETB Dhún na nGall, an Clr Terry Crossan (sa lár), agus an Leas-Chathaoirleach, an Clr Declan Meehan (ar dheis) leis an bPríomhfheidhmeannach Anne McHugh (ar chlé).

Ba mhaith liom ár gCathaoirleach, an Comhairleoir Terry Crossan a thréaslú as a bheith tofa le déanaí, agus guím achan rath ar ár Leas-Chathaoirleach nua, an Comhairleoir Declan Meehan. Gabhann muid buíochas leis an gCathaoirleach atá ag dul as oifig, an Comhairleoir Donal Coyle as a sheirbhís le linn 2025 agus aithníonn muid an méid atá déanta ag an Leas-Chathaoirleach atá ag dul as oifig, an tUas. Geoffrey Browne.

An tráth seo bliana, cuimhnímid go háirithe orthu siúd atá dulta ar shlí na fírinne. Déanaim comhbhrón le hachan duine ar bhásaigh duine muinteartha leo in 2025. Is féidir aimsir na Nollag a bheith ina thréimhse dheacair dóibh siúd a gcaoineann daoine muinteartha leo, agus tá sé ríthábhachtach a gcuimhne a choinneáil buan.

Agus muid ag féachaint ar aghaidh go dtí 2026, guím barr na sláinte, lúchair agus síocháin ar achan duine. Bainigí sult as sos sábháilte agus sámh i gcaitheamh na Nollag agus na Bliana Úire. Tá muid ag súil go dóchasach le leanúint lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Dhún na nGall sa bhliain atá romhainn.

Beannachtaí na Nollag oraibh agus ar bhur dteaghlaigh uilig.