Socruithe maidir le Gníomhaíocht Thionsclaíoch Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026

Donegal ETB ogo

Tá sé beartaithe go dtarlóidh gníomhaíocht cheardchumann Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026 mar chuid d’fheachtas náisiúnta ina mbeidh ceardchumainn ar fud na hearnála poiblí rannpháirteach.

Beidh múinteoirí agus baill foirne eile páirteach sa ghníomhaíocht sin. Mar thoradh ar an ghníomhaíocht thionsclaíoch, agus i ndiaidh measúnú riosca a dhéanamh, chinn Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall nach mbeidh scoileanna agus ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna Choláiste Dhún na nGall (a liostaítear thíos) in ann oscailt go sábháilte do scoláirí Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026. Dá bhrí sin, beidh scoileanna agus ionaid druidte do scoláirí an lá sin.

Tuigimid go dtiocfadh leis an druidim sin míchaoithiúlacht a chruthú do theaghlaigh agus tá an oiread fógra agus a thig linn á thabhairt againn chun go mbeifear ábalta socruithe malartacha a dhéanamh. Athosclófar scoileanna agus ionaid mar is gnách Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair 2026.

Gabhaimid buíochas leat as do chomhoibriú.

–

Liosta de na scoileanna, na hionaid agus na hoifigí de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) lena mbaineann:

Scoileanna:

  1. Gairmscoile na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
  2. Coláiste Cranncha, Bun Cranncha,
  3. Coláiste Eoghain, Bun Cranncha
  4. Coláiste na Carraige, an Charraig
  5. Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
  6. Coláiste Pobail Cholmcille, Oileán Thoraí
  7. Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth,
  8. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
  9. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir,
  10. Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
  11. Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
  12. Coláiste Magh Éne, Bun Dobhráin
  13. Coláiste Pobail Bhun an Phobail
  14. Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  15. Gairmscoil Chaitríona, Na Cealla Beaga

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna Choláiste Dhún na nGall:

  • Béal Átha Seanaidh
  • Bun Cranncha: Bóthar an Chladaigh agus Lios Feannáin
  • Baile Dhún na nGall: Droim Chliabh agus Sráid Thír Chonaill
  • Gaoth Dobhair
  • Gleann Gad
  • Gort an Choirce
  • Leitir Ceanainn: Baile Raithin, Bóthar na Páirce Gnó, Bóthar Chill Mhic Réanáin agus Bóthar an Phoirt
  • Baile na nGallóglach
  • Srath an Urláir

Beidh na hOifigí a leanas druidte fosta:

  • Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhónaill, Leitir Ceanainn