‘Glór na Mac Léinn’, Fóram de chuid na Seirbhíse FET Óstáilte ag ETB Dhún na nGall den Chéad Uair

D’óstáil Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, a chéad fhóram neamhspleách riamh ar an 11 Feabhra; “Glór na Mac Léinn” an teideal a bhí air.

Tá sé mar aidhm ag an Fhóram, a bheidh ina ócáid bhliantúil as seo amach, aiseolas a bhailiú ó mhic léinn maidir le héifeachtacht sholáthar FET Dhún na nGall lena chinntiú go bhfuil sé freagrúil do riachtanais na mac léinn. Tá tuairimí na mac léinn riachtanach leis an pholasaí a fhorbairt agus le pleanáil agus le feabhas a chur ar chaighdeán na Seirbhíse.

Tugadh cuireadh do níos mó ná céad mhac léinn ó chláir agus ó chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha FET éagsúla atá á dtairiscint ag ETB Dhún na nGall le freastal ar an Fhóram.

Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, a chuir fáilte roimh na mic léinn agus ghlac siad páirt i réimse gníomhaíochtaí le heolas a bhailiú maidir lena dtuairimí, a smaointe agus a n-eispéiris i dtaca lena dturas oideachais le ETB Dhún na nGall.

Chuala mic léinn reatha scéalta spreagúla fosta ó iarmhic léinn FET ar nós Christopher McEleney, (Ardteistiméireacht d’Aosaigh, SDOG) atá ag tabhairt faoi PhD ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus atá ‘ag imirt tionchair ar pholasaí ag leibhéal an AE’ agus Sheila Leeper a cuireadh ar iomarcaíocht óna post i ndiaidh 27 bliain oibre agus atá ina ball tábhachtach d’fhoireann airgeadais FET ETB Dhún na nGall, i ndiaidh di cúrsa Theicneoirí Cuntasaíochta Éireann a dhéanamh tríd an tSeirbhís FET.

Agus í ag caint faoin ócáid, arsa Comhordaitheoir Dearbhaithe Cáilíochta FET ETB Dhún na nGall, Joanne Whitelock, “Bhí lúcháir orainn an deis seo a bheith againn chun bualadh le mic léinn éagsúla ón tseirbhís FET ina hiomláine lena dtuairimí agus smaointe a fháil maidir lena dturas foghlama linn. Beidh muid ag déanamh anailíse ar a gcuid tuairimí óna gcainteanna bríomhara sna seachtainí amach romhainn le deiseanna foghlama amach anseo a mhúnlú laistigh dár Seirbhís.”

Tuarascáil ar fáil anseo.

#DLETBStudentVoice

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Clive Wasson Photography
Mic Léinn FET ETB Dhún na nGall ag freastal ar an Fhóram ‘Glór na Mac Léinn’.
Mic Léinn FET ETB Dhún na nGall (PLC, Coláiste Ghleann na Finne).
Mic Léinn FET ETB Dhún na nGall (Cumasóige).
Printísigh ETB Dhún na nGall ag an Fhóram ‘Glór na Mac Léinn’.
Iarmhac léinn FET ETB Dhún na nGall Christopher McEleney.
Iarmhac léinn FET ETB Dhún na nGall Sheila Leeper.
Mic Léinn FET ETB Dhún na nGall ag glacadh páirte san Fhóram FET ‘Glór na Mac Léinn’.
Mic Léinn FET ETB Dhún na nGall ag glacadh páirte san Fhóram FET ‘Glór na Mac Léinn’.