Cúrsa Oiliúna Úr maidir le Ceannaireacht agus Bainistíocht Forbartha le Baill Foirne Maoirseachta a Uas-sciliú

Tá tionscnamh úr oiliúna maidir le ceannaireacht agus bainistíocht forbartha a bhfuil sé mar aidhm aige baill foirne maoirseachta a uas-sciliú ar fud réigiúin an Iarthuaiscirt agus an Oirthuaiscirt le linn phaindéim COVID-19 agus tá sé á chur ar fáil go háitiúil ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Trí oiliúint an-fhóirdheonaithe a chur ar fáil le baill foirne maoirseachta a uas-sciliú tríd an tionscnamh Scileanna le Dul Chun Cinn, cinnteoidh an clár seo go gcuirfear an oiread agus is féidir le cumas comhlachtaí chun déileáil leis an timpeallacht ghnó, lena cuid dúshlán agus deiseanna.

Caithfidh comhlachtaí a chinntiú anois, níos mó ná riamh, go bhfuil scileanna maithe bainistíochta foirne acu.

Tá sé mar aidhm ag an chlár Ceannaireachta agus Bainistíochta baill foirne maoirseachta a uas-sciliú i réimsí ar nós: oibrithe a spreagadh, athrú a bhainistiú, cinnteoireacht éifeachtach, réiteach fadhbanna, cianobair agus scileanna digiteacha.

Bunaithe ar bhunriachtanais ghnó na gcomhlachtaí sa réigiún, tá an cúrsa forbartha ag na Boird Oideachais agus Oiliúna agus ag SOLAS agus iad ag obair i gcomhar le fostóirí, le ÚFT Éireann, le Fiontraíocht Éireann agus leis na Fóraim Réigiúnacha Scileanna.

Ba mhaith le ETB Dhún na nGall fostóirí a spreagadh i ngach earnáil tionscail leis an deis seo a thapú le bainisteoirí an-tábhachtacha a uas-sciliú ag an am criticiúil seo i dtaca le téarnamh geilleagrach agus gnó. Bainfidh siad tairbhe as an chúrsa mar go mbeidh oiliúint ar ardchaighdeán ar fáil go háitiúil, rud a chuideoidh leo déileáil leis an timpeallacht úr ghnó, a cuid dúshlán agus deiseanna.

D’admhaigh Oifigeach Rannpháirtíochta Fiontraíochta ETB Dhún na nGall, Dearbhla Kelly, gur iompaíodh saol na hoibre bunoscionn do roinnt mhaith fostóirí mar gheall ar COVID-19; “Creideann ETB Dhún na nGall go dtabharfaidh an cháilíocht seo na huirlisí cuí do mhaoirseoirí, do cheannairí foirne agus do bhainisteoirí tosaigh lena bhfoirne a stiúradh trí athrú.”

“Is é príomhphointe díolacháin an chúrsa bainistíochta maoirseachta seo do chomhlachtaí ná go bhfuil sé an-fhóirdheonaithe faoin tionscnamh Scileanna le Dul Chun Cinn agus tá an-chuid solúbthachta ag baint leis mar gur féidir é a sheachadadh ar líne. Ina theannta sin, tabharfaidh sé cáilíocht d’fhostaithe a d’fhéadfadh cuidiú leo dul chun cinn a dhéanamh san ionad oibre.”

Agus í ag cur fáilte roimh an chlár úr, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall go bhfuil sé ag leathadh amach Teastas agus Dioplóma ILM sa Cheannaireacht agus sa Bhainisteoireacht ar fud an chontae.  Tá sé tráthúil clár oiliúna creidiúnaithe a bheith againn, clár a chuidíonn le daoine aonair scileanna maithe bainistíochta foirne a fháil le linn phaindéim COVID-19.”

Agus í ag caint faoi na buntáistí a thabharfaidh an oiliúint seo dá baill foirne, dúirt Evelyn Kierans, SB, Swan Net Gundry Ltd: “Ní thig liom go leor béime a chur ar an luach a thabharfaidh an clár dár bhfoireann – ag glacadh am amach le rudaí a mheas agus le foghlaim ó thaithí daoine eile i dtimpeallacht ghnó a bhíonn ag síorathrú.”

Dúirt Bainisteoir Oiliúna Limistéir ETB Dhún na nGall Vinny McGroary, “Tá muid ag súil le comhoibriú le comhlachtaí i nDún na nGall mar aon le ÚFT agus Fiontraíocht Éireann le rannpháirtíocht a spreagadh san oiliúint seo a chuirfidh níos mó le seasmhacht an fhórsa oibre in 2020 agus amach anseo.”

Más mian le fostóirí breis eolais a fháil ar an chúrsa Ceannaireachta agus Bainistíochta Leibhéal 6 ba choir dóibh teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rannpháirtíochta Fiontraíochta ETB Dhún na nGall, Dearbhla Kelly, trí ríomhphost a chur chuig skillstoadvance@donegaletb.ie.  Tá sonraí breise ar fáil sa bhileog eolais seo fosta.

Oifigeach Rannpháirtíochta Fiontraíochta ETB Dhún na nGall Dearbhla Kelly.